‘Tá an féar a bhí glas inné feoite inniu is craiceann na ndaoine féin ag athrú…’ Bate that, a Theresa Mannion!

Ar an gcaidreamh idir aimsir agus nádúr agus an duine atá cuid den scríbhneoireacht is fearr i litríocht na Gaeilge…

‘Tá an féar a bhí glas inné feoite inniu is craiceann na ndaoine féin ag athrú…’ Bate that, a Theresa Mannion!

Bhíomar ag feitheamh agus ag fanacht leis an anaithe anso i gCorca Dhuibhne, agus cé gur tháinig sí, agus gur imigh sí, níor fhág sí puinn de rian ina diaidh.

B’fhéidir gurb amhlaidh go rabhamar ullamh réitithe ina coinne níos fearr ná mar a bhíomar d’anfaí eile, nó nár rug na camfheothain chomh cruaidh orainn is a dhein ar ár mbráithre is ar ár siúracha lastoir dúinn. Pé scéal é, níl aon ní rómhór ag cur tinnis ar mhuintir na háite seo ach dhá ghearradh a d’imigh ar Fungi le linn na doininne, slán beo mar a n-insítear é.
Bhí smuilc ar an mbeainín bheag, mar tar éis an méid a bhí cloiste aici fé Ophelia, ní raibh faic as an ngnáth aici le feiscint. ‘Tá an stoirm seo BORING,’ ar sí, go húdarásach, le pus uirthi.
Ach chuir an chaint ar fad fén aimsir ag cuimhneamh mé ar an gcompord atá againn ar na saolta seo, seachas mar a bhí céad, nó fiú leathchéad, bliain ó shin. Bhíodh an sean-chleas, a fhormhór mór acu ach go háirithe, sceimhlithe roimh an ngaoth. Bhíodar go mór i dtiúin leis an nádúr agus leis an dtimpeallacht inar mhaireadar, agus comharthaí aimsire acu chun an nádúr a léamh. Ach an rud ba mheasa leo ná an rud a thiocfadh de gheit orthu, ar nós camfheothan gaoithe de dhroim cnoic, nó feothain gheala ar an bhfarraige.

Is oileánaigh is mó a bhíonn thíos leis an drochaimsir, féach mar atá ag muintir Chléire tar éis na stoirme. Baineadh an ceann glan de thigh na scoile sa Bhlascaod Mór tráth, agus deirtear gur maraíodh leanbh ann uair eile nuair a sciobadh an bothán ina raibh sí féin agus a máthair ag maireachtaint chun na farraige le linn stoirme.
Rith sé liom chomh maith, gur ar an gcaidreamh seo idir aimsir agus nádúr agus an duine, atá cuid den scríbhneoireacht is fearr i litríocht na Gaelainne bunaithe. Fadó, fadó, nuair a bhí Dia ina gharsún agus mise ag obair in Ionad an Bhlascaoid, bhíodh sliocht as an leabhar Allagar na hInise coitianta im’ cheann, go háirithe nuair a bhíodh cúrán bán ón bhfarraige á shéideadh os ár gcionn in airde:
‘Bhíos ag máinneáil liom ar an gcuma seo ag tabhairt gach ní faoi ndeara gur chuas i radharc na gcladaí. Ansin is ea a bhuail iontas eile mé, is é sin, an obair a bhí déanta ag an stoirm mhór. Níl aon dabht ná gurb iontach é gnóthaí an duine agus gnóthaí atá déanta ar fud an domhain, ach tar i radharc an ghnótha seo a dhein an mhórmhuir le cumhachta Dé agus cuirfidh sé ag machnamh tamall thú. Na stocáin a bhain an fharraige, na hoileáin a bhain sí as a bpréamhacha, na hoileáin mhóra ar bhain sí an craiceann díobh i dteannta an fhéir, na carraigeacha a thóg sí ó cheann den chladach go dtí an ceann eile agus mórán acu nár fhág sí in aon áit.’
Éinne a mhaireann cois farraige (fiú págánach ar mo nós-sa), agus a chíonn cumhacht na mara, is deacair dóibh gan géilleadh do bhriathra Thomáis Dhónaill.
Is mó tuairisc atá léite agaibh fé Ophelia agus Brian, agus is mó tuairisceoir teilifíse atá feicthe agaibh agus cuma na mbundún leice orthu ar bharra na haille, ach ní bhfaighir a shárú seo ó Allagar na hInise mar léargas ar thionchar na haimsire ar an nduine daonna:
‘Is lá geimhridh é agus a chuma air. Tá séideadh na gaoithe móire ag cur na farraige lastuas de gach áit a bhfuil sé ar a cumas é a dhéanamh. Níl aon radharc ar na stocáin mhara atá san fharraige le hanfa agus le cúrán bán ag gabháil lastuas díobh. Tá an féar a bhí glas inné feoite inniu. Tá craiceann na ndaoine féin ag athrú leis an ndrochaimsir. Tá caoirigh an chnoic séidte óna n-áit lonnaithe agus iad d’iarraidh teacht isteach sna tithe chugainn. An breac éisc a bhíodh ar feadh na bliana agus a bholg in airde le gréin i mbarr an uisce, tá sé curtha as amharc ag an síon. An ógbhean atá chomh pioctha ar feadh na bliana leis an eala ar an linn, nuair a thagann sí isteach le buicéid den uisce bíonn an raca a bhíonn ina cúl sciobtha ag an ngaoth uaithi, a cuid gruaige ag teacht ina béal, ríoball ar a cuid éadaigh, leath an bhuicéid doirtithe aici agus í chomh gruama le duine a mbeadh ceal tobac air.
Na daoine aosta a raibh a gcnámha chomh bog chomh breá ar feadh na bliana le teas na gréine, tá cos ag crapadh faoi dhuine acu, fear eile agus a lámh ag bagairt air. Duine eile in imeall na tine agus súil á thabhairt air sula dtitfeadh sé isteach inti le codladh.
Is iomdha leigheas a bhíonn san aimsir bhreá agus is iomdha dochar a leanann an drochaimsir.’
Bate that, a Theresa Mannion agus a Phaschal Sheehy.

Fág freagra ar '‘Tá an féar a bhí glas inné feoite inniu is craiceann na ndaoine féin ag athrú…’ Bate that, a Theresa Mannion!'

  • Samuel

    ‘le pus uirthi’ no ‘agus pus uirthi’?

  • Samuel

    Cloisim an focal sin ‘boring’ in usaid coitianta ag cuid den aos og. Is leamh leo gach rud faoin speir, dealraionn se, in ainneoin a bhfuil d’airneisi is eile acu. Nil an saol maith go leor acu, ni bhionn se ‘ag tarlu’ tapa go leor doibh. Amhail an stoirm sin nar ‘tharla’ i nDunchaoin. Ni leor feachaint amach an fhuinneog a thuilleadh, na a bheith i bhfianaise ardiontaisi an dulra chun an tsamhlaiocht a chur ag obair. ‘Through a chink too wide there comes no wonder’ arsa P Kavanagh, file. Cad dearfadh se le feilimint dho-airithe an idirlin fad a ritheann se?