Cogadh dearg agus deargtheas – súil siar ar an domhan in 2023

Bhí ár sáith den chogaíocht agus den adhaimsir againn i mbliana...

Cogadh dearg agus deargtheas – súil siar ar an domhan in 2023

Bhí sé ina chogadh dearg i mbliana in áit nó dhó.

Ach bhí sé ina dheargtheas ar fud na cruinne.

Ba í 2023 an bhliain ba theo riamh ó tosaíodh ag coinneáil taifead.

Cúpla sampla scanrúil: 46.2 chéim Celsius sa tSicil, 52.2 chéim i gcathair Sanbao na Síne agus 53.3 chéim in Death Valley na Stát Aontaithe.

Ar an meán, tá ardú 1.4 céim anois ar an teocht domhanda ó thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch.

Ní hamháin sin, ach tá na hoighearchaidhpeanna ag leá agus tá leibhéal na farraige ag ardú. Le dhá bhliain anuas tháinig laghdú 10 faoin gcéad ar na hoighearshruthanna san Eilvéis, mar shampla, agus le deich mbliana anuas tá leibhéal na farraige ag ardú a dhá oiread níos sciobtha thar mar a bhí sna 1990idí.

Gan dabht bhí ár sáith den adhaimsir againn i mbliana, leis.

Bhuail stoirmeacha agus tuilte iarthar na hEorpa.

I mí Iúil fuair 28 duine bás agus b’éigean do bhreis agus 20,000 a dtithe a fhágáil nuair a tharla tinte foraoise sa Ghréig.

Ba mheasa fós na falscaithe in Haváí i mí Lúnasa inar maraíodh breis agus 100.

I gCeanada, dódh 5 faoin gcéad d’fhoraoiseacha na tíre sin i dtinte a lean ar feadh an tsamhraidh; b’éigean do dhaonra iomlán Yellowknife an chathair sin a fhágáil agus d’fhéadfaí deatach na dtinte a fheiceáil chomh fada ó dheas agus cathair Nua-Eabhrac.

Tharla drochthuilte i ndeisceart na Brasaíle i mí an Mheithimh agus arís i mí Mheán Fómhair; cailleadh nach mór 100 duine agus tá na mílte fós gan dídean.

Ach níor thada iad na tubaistí thuas i gcomparáid le spéirling Daniel, a bhuail an Libia i dtús mhí Mheán Fómhair. Fuair ar a laghad 11,500 bás de bharr na dtuilte a lean an stoirm sin agus chaill os cionn 35,000 gach a raibh acu.

Níl aon bhaint dhíreach idir téamh an domhain agus creathanna talún, gan dabht, ach tubaistí nádúrtha iad creathanna talún mar sin féin. Tharla dhá cheann mór i mbliana: ar theorainn na Tuirce agus na Siria i dtús mhí Feabhra, agus in iarthar Mharacó i dtús mhí Mheán Fómhair. Fuair os cionn 50,000 duine bás i gcrith talún na Tuirce agus na Siria; i Maracó, cailleadh nach mór 3,000.

Faraor géar ní tubaistí nádúrtha amháin a mharaigh na céadta míle duine i mbliana.

Lean an cogadh san Úcráin, mar ar éirigh le fórsaí na tíre sin cuid de na limistéir a ghabh an Rúis in 2022 a athghabháil. Bhí an domhan ar tinneall i mí an Mheithimh nuair a d’éirigh Grúpa Wagner, eagraíocht pharaimíleata a throid ar thaobh na Rúise sa chogadh in aghaidh na hÚcráine, nuair a d’éirigh an grúpa sin amach i gcoinne Vladimir Putin. Theip ar an iarracht.

Míle ciliméadar soir ó dheas ó pháirc an áir san Úcráin, rinne an Asarbaiseáin ionradh ar Phoblacht Artsakh, nó Nagorno-Karabakh mar ab fhearr aithne uirthi, i mí Mheán Fómhair. Ceantar atá timpeallaithe ag an Asarbaiseáin, ach ina mbíodh cónaí ar Airméanaigh le cuimhne na ndaoine, a bhí in Artsakh. Coicís tar éis ionradh na nAsarbaiseánach, ní raibh ach 1,000 den 120,000 Airméanach a mbíodh cónaí orthu in Artsakh fágtha sa cheantar; bhí an chuid eile tar éis teitheadh go dtí an Airméin – ceann de na cásanna is tromchúisí le tamall de bhlianta anuas, de réir na nAirméanach, den éagóir ar a dtugtar ‘glanadh eitneach’.

Rud beag le cois míle ciliméadar ó dheas as sin arís, rinne an eagraíocht sceimhlitheoireachta Phalaistíneach Hamas ionsaí gan choinne ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair. Maraíodh ar a laghad 1,300 Iosraelach agus tugadh na céadta eile go Stráice Gaza ina ngialla.

Sna míonna a lean, rinne Iosrael ruathair aeir agus ionsaithe talún ar Stráice Gaza. Agus an t-alt seo á chur chun preasa bhí breis agus 18,000 duine i Stráice Gaza agus ar an mBruach Thiar tar éis bás a fháil de bharr na cogaíochta sin agus níl radharc fós ar shos cogaidh, gan trácht ar réiteach buan.

Agus an domhan ag dó, thóg vótóirí san Airgintín, san Ísiltír agus san Fhionlainn céim mhór ar dheis. I dtír Messi agus Maradona, toghadh Javier Milei, nó ‘Donald Trump na hAirgintíne’, ina uachtarán. San Ísiltír, bhí bua gan choinne ag an bpolaiteoir Ioslamafóibeach Geert Wilders in olltoghchán. San Fhionlainn, bhí an toradh is fearr riamh in olltoghchán ag an bpáirtí Perussuomalaiset, atá i bhfad amach ar an eite dheis, agus tá an páirtí sin mar chuid de chomhrialtas sa tír sin den dara huair.

Sa Bhrasaíl, seachtain i ndiaidh do pholaiteoir iomráiteach de chuid na heite clé, Luiz Inácio da Silva (Lula) a bheith insealbhaithe ina uachtarán ar an 1 Eanáir, rinne na mílte leantóir de chuid an iar-uachtaráin fhíorchoimeádaigh Jair Bolsonaro ionsaí ar thithe an rialtais san ardchathair Brasília – ach theip ar a n-iarracht coup d’état a dhéanamh.

Ar ámharaí an tsaoil, ní drochnuacht ar fad a bhí sna ceannlínte in 2023. Bhí dóchas ar leith ag baint le scéal a tharla sa Cholóim i mí an Mheithimh. Daichead lá tar éis d’eitleán beag ina raibh siad ag taisteal tuairteáil go talamh agus do na daoine fásta a bhí ar bord bás a fháil, aimsíodh ceathrar páistí óga sa dufair agus iad beo. Bundúchasaigh a bhí sa cheathrar, triúr cailíní agus buachaill, agus bhí a fhios acu go díreach cé hiad na plandaí a bheathódh iad agus cé hiad na plandaí ba chóir dóibh a sheachaint. Úrscéal clúiteach William Golding, Lord of the Flies, a mheabhródh an scéal sin duit – ach dea-chríoch air.

Ar deireadh, bhí loinnir dhóchais ag baint freisin le Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP28) a tharla in Dubai i mí na Nollag. D’aontaigh an 198 tír a ghlac páirt sa chomhdháil droim láimhe a thabhairt de réir a chéile do bhreoslaí iontaise, ar bhealach ‘cóir, eagraithe agus cothrom’. Aontaíodh freisin go dtáirgfí a thrí oiread fuinnimh inathnuaite faoin mbliain 2030 le hais mar a tháirgtear inniu.

Ar ndóigh, ní féidir an dochar a rinne an t-athrú aeráide go dtí seo a chur ar ceal agus cá bhfios nár tháinig na dea-rúin a aontaíodh ag COP28 rómhall chun ollchliseadh aeráide a sheachaint, ach ní féidir a shéanadh gur céimeanna sa treo ceart iad.

Fág freagra ar 'Cogadh dearg agus deargtheas – súil siar ar an domhan in 2023'

  • Gabhánach de Nógla

    agus tá sé dochreidte fós go gceapann daoine áirithe gur bréag mór é an t-athrú aeráide.

  • Gearóid O Raghallaigh

    Is léir go bhfuil fearg ar na déithe