‘Tá mé ag dúil go mór leis na rialacha nua sa pheil a fheiceáil’ – Uachtarán CLG

Caitheann Tuairisc súil chun cinn ar 2025 i dteannta Jarlath Burns, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael

‘Tá mé ag dúil go mór leis na rialacha nua sa pheil a fheiceáil’ – Uachtarán CLG

An bhfuil aon rún agat don bhliain 2025?

Ballraíocht a fháil san ionad aclaíochta i mo chlub, Béal Átha an Airgid.

Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2025?

Na rialacha úra sa pheil. Tá muid go léir ag dúil go mór len iad a fheiceáil – ag gach leibhéal.

Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2025?

Tuilleadh moille sa tionscnamh maidir le Páirc Mhic Easmuinn i mBéal Feirste. Tá sé i bhfad thar am an staid seo a thógáil.

Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2025

Craobh Iománaíochta na Mumhan.

Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2025?

Go mbeidh an bua ag mo chlub féin Béal Átha an Airgid i gcraobh Ard Mhacha. Tá an fhoireann againn ach sé an chéad cheann an ceann is deacra mar go bhfuil barraíocht staire ag baint leis an ghanntanas seo.

Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2025?

Tuairisc chuimhsitheach ar an Stádas Amaitéarach a thabharfaidh ciall agus brí úr do CLG maidir le himreoirí agus na híobairtí a chaithfeas siad a dhéanamh chun na cluichí Gaelacha a imirt ag an leibhéal is airde.

Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2025, céard a d’athrófá?

Tá carr leictreach agam agus níl ach luchtaire amháin ag na Apple Greens ar an M1. Tá sé in am sin a athrú.

Fág freagra ar '‘Tá mé ag dúil go mór leis na rialacha nua sa pheil a fheiceáil’ – Uachtarán CLG'