Súil ag lucht an fhoclóra nua deireadh a chur le caint faoi ‘easpa gnéis’ sa Ghaeilge

Deir lucht an Concise English-Irish Dictionary nach ionann foclóireacht agus cinsireacht agus súil acu go gcuirfidh a saothar deireadh leis an ‘tiresome refrain that Irish has no words to describe sex!’

Súil ag lucht an fhoclóra nua deireadh a chur le caint faoi ‘easpa gnéis’ sa Ghaeilge

Tá súil ag lucht an fhoclóra Béarla-Gaeilge nua go gcuirfidh a saothar deireadh leis an seamsán nach bhfuil aon fhocail ann sa Ghaeilge le cur síos a dhéanamh ar an ngnéas.

Ach oiread le foclóir.ie, an leagan leictreonach den fhoclóir nua, tá cuid mhór iontrálacha a bhfuil aicmiú ‘gáirsiúil’ déanta orthu sa Concise English-Irish Dictionary, nó Foclóir Uí Mhianáin.

Níor chúb foireann an fhoclóra ón droch-chaint ná ó théarmaí tíriúla d’achan saghas, agus ní dhéanann siad aon leithscéal as bheith istigh a thabhairt don chuid is graosta den teanga.

Ní ar mhaithe leis an gcinsireacht a bhíonn an fhoclóireacht, a deirtear san aiste stíle agus gramadaí atá ag deireadh an fhoclóra nua 1,800 leathanach.

“Lexicography is not censorship” a deirtear san iar-aiste spéisiúil a ghabhann leis an bhfoclóir agus dóchas ag lucht an fhoclóra go n-éireoidh leis na leaganacha Gaeilge de théarmaí gáirsiúla áirithe ann corc a chur faoi dheireadh sa ‘tiresome refrain that Irish has no words to describe sex!’.

“Bíonn réim na teanga fíorthábhachtach agus muid ag dul ón ngnáthchaint neamhfhoirmeálta go dtí teanga atá graosta agus an-neamhfhoirmeálta go deo.

“Ó tharla go raibh caint nó teanga neamhfhoirmeálta á cur ann, ar éigean a d’fhéadfaí eascainí agus teanga gháirsiúil a fhágáil as an bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge. Tar éis an tsaoil ní hionann foclóireacht agus cinsireacht, agus cá bhfios nach gcuirfeadh na haistriúcháin seo deireadh go deo leis an seanscéal meirgeach sin nach bhfuil aon fhocal sa nGaeilge le cur síos a dhéanamh ar an ngnéas,” a deirtear sa bhfoclóir nua.

30,000 ceannfhocal atá sa Concise English-Irish Dictionary , a raibh Pádraig Ó Mianáin, scoláire Gaeilge as Doire, ina Phríomh-Eagarthóir air.

Tá an saothar nua bunaithe ar foclóir.ie, an foclóir ar líne atá áirithe ar cheann de na tograí Gaeilge is uaillmhianaí agus is tábhachtaí dá raibh ann le fada.

48,000 ceannfhocal atá sa bhfoclóir ar líne ach ar ndóigh ba ghá ciorruithe a dhéanamh don leagan clóite.

1,700 leathanach atá i gcorp an fhoclóra agus tá 80 leathanach d’fhorlíonadh teanga agus gramadaí ann.

Is é Foclóir an Mhianánaigh, togra de chuid Fhoras na Gaeilge, an chéad saothar dá leithéid ó foilsíodh foclóir Thomáis de Bhaldraithe i 1959.

8,000 cóip den fhoclóir nua atá foilsithe agus comhlacht Éireannach atá lonnaithe san Iodáil a chuir i gcló é.

Fág freagra ar 'Súil ag lucht an fhoclóra nua deireadh a chur le caint faoi ‘easpa gnéis’ sa Ghaeilge'

  • Traolach Ó Sioradáin

    Tá súil agam nárbh é an gnéas agus na focail Ghaeilge a bhaineann le cúrsaí gnéis an chloch ba mhó ar a bpaidrín.
    Tá súil agam gurbh é caighdeán an fhoclóra agus caighdeán na n-aistriúchán an chloch ba mhó ar a bpaidrín.

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Cá bhféadfaimís cóip a fháil ar líne le cheannach/