Súil ag comhlacht mianadóireachta as Ceanada ar ‘Irish Moly’ Chonamara

Is í tuairim na saineolaithe go bhfuil an oiread mianraí – copar agus molaibdéinít – i gceantar Cheann Mhása i gCarna agus go mbeadh bunús gnó ann

Súil ag comhlacht mianadóireachta as Ceanada ar ‘Irish Moly’ Chonamara

Molybdenite

‘Irish Moly’ a thugann comhlacht as Ceanada ar an ábhar a bhfuil siad sa tóir air i gceantar Cheann Mhása i gCarna i gConamara – agus tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an ‘Moly’ céanna fairsing ansin.  Is é an t-ábhar molaibdéinít atá i gceist agus tá ‘Moly’ baiste ag na saineolaithe ar an ábhar sin ina gcuid cainte féin.

Ábhar í an mholaibdéinít atá thar cionn ag cur tuilleadh cruais in iarann, i gcruach, agus a leithéid agus tá na bealaí ar féidir leas a bhaint as ag fás. 

Dath an airgid atá ar an mholaibdéinít agus loinnir inti, agus an té a fhaigheann greim ar fhoinse thorthúil den mholaibdéinít, tá ‘ór’ faighte sa talamh aige. De réir na dtuairiscí ar an tástáil atá déanta i gceantar Cheann Mása, d’fhéadfadh sé go bhfuil sé buailte ar an sprioc ag MOAG, an comhlacht atá lonnaithe i Toronto a fuair ceadúnas le dhul sa tóir ar mholaibdéinít agus copar sa Más.  Ach bheadh tuilleadh scrúduithe costasacha le déanamh – agus bheadh cruacheisteanna pleanála agus forbartha ann sula bhféadfaí ‘Moly’ a thabhairt as an Más.

Creideann na saineolaithe gur múnlaíodh an mholaibdéinít sa taobh sin tíre 410 milliún bliain ó shin nuair a bhí an chuid dheireanach den chloch eibhir á daingniú sa spota sin. Rinneadh roinnt staidéir agus scrúduithe ansin idir 1968 agus 1970 ach ní raibh an obair sin chomh cuimsitheach leis an taighde a rinneadh ann le gairid. Tuairim 50 méadar síos sa talamh a cuireadh na bioranna sna 1960dí agus bhí na poill píosa maith ó chéile. Bhí an staidéar i bhfad níos tomhaiste an iarraidh seo. 

Comhlacht comhairleoireachta SLR Consultants a bhí i mbun na hoibre do chomhlacht MOAG ó tosaíodh ar an obair in 2014. 

De bharr na dtorthaí sa chéad bhliain sin, rinneadh i bhfad níos mó tollta in 2015 agus togha na ndeiseanna agus na mbioranna acu.    Cuireadh na bioranna seo i dtalamh i 25 spota agus tolladh 5,002 méadar a bhí i gceist. 

Sa tuarascáil a chuir saineolaithe SLR chuig comhlacht MOAG le gairid dúradh go bhféadfaí a dheimhniú anois go bhfuil an réimse mianraí gar do Cheann Mása i bhfad níos mó ná a ceapadh roimhe seo. Tá an suíomh atá scrúdaithe dhá chiliméadar ar fhad agus 300 méadar ar leithead. Chomh maith leis sin, tá an stráice molaibdéiníte agus mianraí ag dul 200 méadar faoi leibhéal na farraige. 

Tá na mianraí dlúth ina chéile agus níl aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil deireadh ag teacht leo ag teorainn an phíosa talún a bhfuil scrúdú déanta air. Is í tuairim na saineolaithe go bhfuil an oiread mianraí – copar agus molaibdéinít – sa stráice sin agus go bhfuil bunús gnó ann.  Mar seo a scríobhtar sa tuarascáil: 

These results suggest the Mace Prospect has the potential to host an economically viable deposit, subject to environmental, planning and regulatory approvals. The results of the 2016 program will be used to inform future work programs.

Níl aon chiste curtha ar fáil ag an gcomhlacht MOAG d’obair bhreise in 2016 fós, ach tá an oifig agus an spás a bhí acu le bliain go leith i gceann de mhonarchana Údarás na Gaeltachta i gCarna coinnithe ar cíos ag an gcomhlacht comhairleoireachta SLR. 

Dá réir sin, níl cinneadh déanta fós faoina bhfuil i ndán don tionscnamh taighde.   

Sa tuarascáil a cuireadh faoi bhráid an chomhlacht mianadóireachta i gCeanada dúirt SLR leo gur tír mhaith í Éire le dhul i mbun gnó mianadóireachta inti.  Ní féidir le dream ar bith eile a dhul ag trasnaíl ar an dream a bhfuil an ceadúnas taighde acu sa gcás agus gur fiú a dhul i mbun oibre sa réimse atá i gceist. 

Dúradh le MOAG i gCeanada freisin go bhfuil Éire ar an tír is fearr as 109 tír a thugann buntáiste do chomhlachtaí a théann i mbun gnó mianadóireachta  – sin de réir breithiúnas eacnamaithe.

Mínítear sa tuarascáil go bhfuil staidéir thimpeallachta déanta i gceantar Cheann Mása agus deirtear gur féidir pé ar bith contúirt a bheadh ar an timpeallacht ansin – de bharr mianadóireachta – a mhaolú sa gcaoi agus go mbainfí an dochar as.

Molann na saineolaithe do chomhlacht MOAG gur fiú go mór dul ar aghaidh leis an gcéad chéim eile den taighde. 

Ba cheart tuilleadh tollta a dhéanamh le léargas maith a fháil ar achar an cheantar mianraí uilig, a deirtear.  Lena chois sin, theastódh a dhul níos doimhne fós sa talamh leis na bioranna i gcúpla áit. Ceaptar go bhféadfadh na mianraí agus an mholaibdéinít a bheith i bhfad níos doimhne ná atá faighte amach go dtí seo.

Molann comhlacht comhairleoireachta SLR go bhfeilfeadh tuilleadh staidéar timpeallachta agus sóisialta.  Níor  mhór gníomhú i gcomhar le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus leis an Roinn Comhshaoil, a deirtear.  Chomh maith leis sin tá gá le teagmháil agus comhráite leis an bpobal, a deir comhairleoirí SLR sa gcaoi agus go mbeidís ar an eolas faoi phleananna MOAG sna blianta amach romhainn, sin má tá plean fadtéarmach acu i gCeann Mása. 

Fág freagra ar 'Súil ag comhlacht mianadóireachta as Ceanada ar ‘Irish Moly’ Chonamara'