Is iomaí sin argóint is féidir a chur chun cinn ar son Aer Árann a fhágail ag cur seirbhíse ar fáil go dtí na hoileáin ach tá ceann amháin acu ar deacair a luach a mheas, is é sin an suáilceas, an chairdiúlacht agus an lámh chúnta a bhí le fáil i gcónaí ón dream a bhí ag obair dhóibh.
Tá sé sin thar a bheith riachtanach ó thaobh na n-oileánach de agus maidir leis na cuairteoirí a thagann ó thíortha thar lear nár chruthaigh suirbhéanna go minic gurb é gnaíúlacht na ndaoine a mheallann ar ais iad?
Thall sa gCatalóin dhom Dé Sathairn seo caite d’éirigh liom a theacht ar chóip san óstán den Daily Mail. Ní raibh aon pháipéar Béarla eile le fáil.
Is mairg nach bhfuil mé in ann Spáinnis a léamh, gan trácht ar Chatalóinis, ach sin scéal eile.
Bhí tuairisc sa Mail go bhfuil British Telecom ag cur deireadh anois leis na hionaid glaonna a bhí acu san Ind.
Dhá bhliain déag ó shin shocraigh siad na hionaid glaonna a bhí acu sa mBreatain a dhúnadh agus an tseirbhís a aslonnú go dtí an Ind.
Sábháil airgid a bhí i gceist, ar ndóigh. Bhí siad in ann céimithe a fháil san Ind ar an gceathrú cuid den pháí a bheadh orthu a íoc leo ag baile.
Chaill 2000 duine a gcuid oibre sa mBreatain leis an gcinneadh sin.
Thug siad ainmneacha Sasanacha, Tom, Alice, srl, ar na céimithe Indiacha agus mhúin siad beagán de chultúr na nGall dóibh le go mbeidís ar a gcompord agus iad ag freagairt ceisteanna ó na custaiméirí.
Ar na rudaí a bhí orthu a chur de ghlanmheabhair bhí na coranna ba deireanaí sna sobaldhrámaí Eastenders agus Coronation Street, sin agus ainmneacha na n-amhrán ab airde sna cairteanna.
Mo léan dóite, níorbh fhada go bhfuair siad amach nach sobaldhrámaí ná popamhráin a bhí ag cur imní ar an té a raibh an fón imithe in ainseal air agus é ag iarraidh cúnaimh go práinneach.
Bhíodh ag teip glan go minic ar fhear an fón agus ar chéimí na hIndia cumarsáid cheart ar bith a dhéanamh.
Ba ghearr go raibh BT plúchta le casaoidí óna gcuid custaiméirí agus tuairisc ar an drochsheirbhís ag scaipeadh i nuachtáin agus in irisí.
I suirbhéireacht a d’fhoilsigh Which an tseachtain seo caite féin, léirigh siad nach raibh ach dhá chomhlacht eile sa mBreatain a raibh seirbhís tacaíochta do chustaiméirí níos measa acu ná ag BT.
Agus mé á léamh seo san óstán i gCambrils, ó dheas de Bharcelona, chuimhnigh mé ar an am a raibh mé féin agus an bhean chéile le dhul ar cuairt chuig ár n-iníon a bhí ag teagasc in ollscoil i Halifax, Nova Scotia.
Ticéid le Aer Canada a bhí curtha in áirithe againn ach bheadh orainn a dhul go Londain leis an eitleán siar a fháil.
Bhí sé deireanach go maith sa lá nuair a thuig muid nach raibh am tuirlingte an eitleáin as Bleá Cliath go Londain ag teacht rómhaith leis an am a n-éireodh an t-eitleán go Halifax.
Ghlaoigh mé ar Aer Canada faoi dheifir. D’fhreagair glór eachtrannach mé.
“Are you at Heathrow Airport?”arsa mise.
“No,” a dúirt sé, “I am in India.”
Nár ba gaire de bhaile thú, arsa mise faoi m’fhiacail.
Mhínigh mé an fhadhb dhó ach mar a dúirt bean an bhaile sin againne nuair a fiafraíodh di cén chaoi a raibh a deartháir a bhí ag cailleadh na meabhrach “bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le “strainer”, a stór”.
Thug mé suas mo chás sa deireadh.
As sin go ceann tamaill, chomhairligh cara dhom a dhul chun cainte le hAer Árann.
Ghlaoigh mé orthu. D’fhreagair cailín mínbhriathrach mé.
“I suppose you are in India, as well?” arsa mise, agus cantal fós orm
“I am not,” a dúirt sí, “I am in Connemara.”
“An bhfuil aon fhocailín Gaeilge agat”? arsa mise.
“Tuige nach mbeadh,” ar sise, “nach as Leitir Móir mé. Arb shin é Joe Cooke?”
Réitigh sí mó chás taobh istigh de dheich nóiméad.
Fág freagra ar 'Suáilceas agus cairdiúlacht foireann Aer Árann – is deacair a luach a mheas'