Stiúrthóir nua á lorg d’ Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Tá folúntas do Cheannasaí Eatramhach ar an Acadamh le fógairt ag Ollscoil na Gaillimhe, ceapachán a mhairfidh ar feadh tréimhse bliana

Stiúrthóir nua á lorg d’ Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Tá ceannasaí nua ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge á lorg ag Ollscoil na Gaillimhe.

Folúntas do Cheannasaí Eatramhach ar an Acadamh atá á fhógairt agus mairfidh an ceapachán ar feadh tréimhse bliana, tréimhse a thosóidh ar an 1 Meán Fómhair, 2024.

Beidh an tOllamh Breandán Mac Suibhne, Stiúrthóir Léinn an Acadaimh, ag fágáil an phoist mí Lúnasa seo chugainn nuair a thiocfaidh deireadh lena théarma oifige. Tuigtear go mbeidh sé ag bogadh go dtí roinn na staire in Ollscoil na Gaillimhe.

Dúradh i nóta foirne faoin scéal gur thug Mac Suibhne an tAcadamh “trí thréimhse inar tharla athruithe suntasacha”.

“Mar is eol daoibh, is uaillmhian de chuid na hOllscoile í an Ghaeilge a bheith mar ghné lárnach dár bhféiniúlacht agus an tAcadamh a bheith chun cinn i gcothú ár luachanna forbartha pobail,” a dúradh.

“Sa chomhthéacs sin, tabharfaimid tacaíocht anois don Acadamh chun na hathruithe a athbhreithniú agus a mheas, i gcomhthéacs a thiomantais do chur chun cinn agus do thodhchaí na Gaeilge i ngach gné dá chuid oibre.”

Dúradh sa nóta céanna go raibh Uachtarán na hOllscoile, Ciarán Ó hÓgartaigh “tiomanta don obair seo go pearsanta” agus go gcuirfeadh Oifig an Uachtaráin “sonraí breise ar fáil ina leith seo go luath”.

Bhí imní mhór ar fhoireann an Acadaimh anuraidh faoina raibh i ndán dóibh agus shéan Ó hÓgartaigh an uair sin go raibh an institiúid le scor.

Tuigtear go bhfuil a machnamh á dhéanamh ag údaráis na hollscoile le tamall ar athruithe móra a dhéanamh ar struchtúr na hinstitiúide Gaeilge agus Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Stiúrthóir nua á lorg d’ Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Stiúrthóir nó Slánaitheoir atá á lorg?