Tá stádas Geopháirc Dhomhanda UNESCO le bronnadh ar cheantar Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair i dtuaisceart chontae na Gaillimhe agus in iardheisceart Mhaigh Eo.
Bronnadh brat glas ar Gheopháirc Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair mar chuid den chéim dheiridh chun stádas UNESCO a bhaint amach, ag an deichiú cruinniú de Chomhairle Geopháirceanna Domhanda UNESCO, a reáchtáladh in Temuco, an tSile le gairid.
Beidh an gheopháirc seo ar an chéad Gheopháirc Dhomhanda UNESCO i gCúige Chonnacht agus an chéad cheann sa tír atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta.
Daingneofar an stádas go hoifigiúil ag cruinniú de bhord feidhmiúcháin UNESCO a reáchtálfar i bPáras in earrach na bliana 2026.
Dúirt Michael Hegarty, Bainisteoir, Geopháirc Dhúiche Sheoigheach agus Lochanna an Iarthair, go raibh siad ag ullmhú don “móimint seo” le sé bliana anuas agus gur thángthas ar an smaoineamh ar dtús in 2007 agus muintir na háite ag iarraidh bealaí a aimsiú chun tuilleadh deiseanna fostaíochta a chruthú sa cheantar.
Deir Hegarty, go bhfuil siad ag súil go dtiocfaidh “méadú seasta” ar líon na ndaoine a thagann ar cuairt chuig an cheantar “sna blianta amach romhainn”, ach deir sé go bhfuil sé tábhachtach nach mbeadh muintir na háite “plódaithe le turasóirí”.
“Tá ár gcuid comharthaíochta ar fad dátheangach agus cuireann muid ár gcuid foilseachán ar fad amach i nGaeilge chomh maith. Tuigeann muid go bhfuil cuid den Gheopháirc seo lonnaithe sa Ghaeltacht agus tá sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge feiceálach inti.”
“Tugann 60 milliún duine cuairt ar Gheopháirceanna UNESCO ar fud an domhain agus is áiteanna iontacha iad chun dul ag spaisteoireacht amuigh faoin aer. Baineann Geopháirceanna Domhanda UNESCO le ceantair ina bhfuil geolaíocht an-tábhachtach agus tírdhreacha galánta iontu.”
Tá 229 Geopháirc Dhomhanda UNESCO ar fud an domhain, go leor acu san Eoraip. Beidh cúig cinn in Éirinn nuair a chuirtear Geopháirc Dhúiche Sheoigheach leis an liosta sin sa bhliain úr.
Faoi láthair tá ceithre gheopháirc aitheanta in Éirinn – Ceantar Bhoirne agus Aillte an Mhothair i gcontae an Chláir, Dúiche Lochanna Chuilcí i bhFear Manach/An Cabhán, Cósta an Chopair, i bPort Láirge agus Múrna, Sliabh gCuillinn, Loch Cuan i gcontae an Dúin/Ard Mhacha.
Fág freagra ar 'Stádas oidhreachta idirnáisiúnta bainte amach ag ceantair Ghaeltachta i Maigh Eo agus Gaillimh'