Stádas Mhaigh Eo mar bhoic mhóra Chonnacht i mbaol i bPáirc Mhic Éil inniu

Casfaidh Gaillimh agus Maigh Eo ar a chéile i gcluiche mór i gCraobh Chonnacht agus Gaillimh ag iarraidh céim eile chun cinn a thabhairt in 2018

Stádas Mhaigh Eo mar bhoic mhóra Chonnacht i mbaol i bPáirc Mhic Éil inniu

Jason Doherty le Shane Walsh. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Rinneadh an tarraingt do Chraobh Shinsir Peile na hÉireann 2018 mí Dheireadh Fómhair seo caite agus ó shin i leith bhí lucht peile Mhaigh Eo agus na Gaillimhe ag díriú ar chluiche an lae inniu.

Ní raibh an oiread seo suime i gcluiche idir na foirne seo le scór bliain anuas, nuair a bhídís ar na foirne ab fhearr sa tír ag deireadh na 1990idí. Anois, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an dá chontae i measc na mboc mór arís.

Tá sé sin fíor faoi Mhaigh Eo le fada, ach is le cúpla mí anuas a tháinig Gaillimh ag bláthú i gceart arís.

Cheap go leor daoine gur ag streachailt i Roinn 1 a bheadh Gaillimh i mbliana ach ní mar sin a tharla. Chuaigh buachaillí Kevin Walsh chomh fada leis an gcluiche ceannais in aghaidh Bhaile Átha Cliath agus níor chaill siad aon chluiche go dtí an ceann sin.

Is é an dúshlán atá roimh na Gaillimhigh anois ná an t-ardchaighdeán sin a choinneáil. Bhí siad ar fheabhas i rith na sraithe ach tá a rún anois ag gach duine. Tá an cat scaoilte as an mála agus beidh sé níos deacra orthu teacht aniar aduaidh ar fhoirne.

Ainmníodh na foirne do chluiche an lae inniu Déardaoin seo caite ach tá sé beagnach cinnte go bhfeicfidh muid cúpla athrú nuair a rachaidh na foirne chun páirce tráthnóna. Is beag duine i nGaillimh a raibh súil acu go dtosódh Gary O’Donnell, Tom Flynn agus Seán Armstrong inniu i bPáirc Mhic Éil. Is mór an buille do Kevin Walsh gur gortaíodh Éamonn Brannigan agus é ag imirt lena chlub cúpla seachtain ó shin ach bhí fir Mhaigh Cuilinn Peter Cooke agus Seán Kelly ar fheabhas i sa tsraith agus beidh an-mhí-ádh orthu más ar an mbinse a fhágfar iad.

I Maigh Eo tá imní faoi Ger Cafferkey a bheith mar lánchúlaí, go háirithe agus é in aghaidh fhathach na Gaillimhe, Damien Comer. Ní raibh Cafferkey gan locht i rith na sraithe agus ó tharla go bhfuil fáil ag Stephen Rochford ar Chris Barrett agus Brendan Harrison, tá roghanna aige.

Idir an chraobh agus an tsraith náisiúnta, tá an ceann is fearr faighte ag Gaillimh ar Mhaigh Eo trí huaire as a chéile ó 2016 agus tá an baol ann go mbeadh na Gaillimhigh róchinnte díobh féin. Bhí Maigh Eo go hainnis sa chluiche sraithe idir na foirne i mí Feabhra ach bheifeá ag súil go dtiocfaidh feabhas orthu, go háirithe agus iad ag imirt sa bhaile.

Is annamh go mbíonn aon spreagadh breise ag teastáil ó imreoirí i gcluiche idir Gaillimh agus Maigh Eo ach seans go ngoilleann an moladh uile atá faighte ag Gaillimh ar fhir Mhaigh Eo. Tá blianta fada crua curtha isteach acu féin leis an meas atá orthu a thuilleamh. Ar an láimh eile, níl Gaillimh faoi bhláth ach le cúpla mí anuas. Agus gan tada déanta acu sa chraobh le fada, táthar tosaithe ag caint cheana féin faoi seans a bheith acu ar Chraobh na hÉireann.

Tá an-dul chun cinn ar fad déanta ag Gaillimh i mbliana agus is cinnte go bhfuil siad ag dul sa treo ceart ach ba cheart go mbeadh díocas thar na bearta ar Mhaigh Eo sa chluiche seo agus má bhíonn siad i mbarr a maitheasa, ba cheart go mbeidís róláidir do Ghaillimh. Is beag a bheidh eatarthu, pé rud a tharlóidh.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Fág freagra ar 'Stádas Mhaigh Eo mar bhoic mhóra Chonnacht i mbaol i bPáirc Mhic Éil inniu'