SRAITH PICTIÚR: Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 11). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

SRAITH PICTIÚR: Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht

Físeán

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • An raibh tú féin sa Ghaeltacht riamh? Déan cur síos ar an turas? Céard a cheapann tú don Ghaeilge?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.

  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:

    Déan cur síos, abair gur thaitin/nár thaitin rud leat agus tabhair cúiseanna, déan seasamh a thógáil, cuir éiginnteacht in iúl.

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.

  • Arís is féidir tú féin a thaifeadh.

 


Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht

(Téacs an fhíseáin)

1) Tús an tsamhraidh a bhí ann agus bhí na scoláirí bailithe le chéile os comhair Choláiste Sheosaimh.
Bhí siad le freastal ar chúrsa Gaeilge sa nGaeltacht.*
Tháinig an bus agus chuaigh siad ar bord.
Bhí siad ag súil go mór leis an gcúrsa.

2) Thaistil an bus siar i dtreo na Gaillimhe.
Bhí an cúrsa ar siúl sa Spidéal i gContae na Gaillimhe.
Bhí an múinteoir seasta ag ceann an bhus ag déanamh go leor cainte.
Bhí na scoláirí ar fad ar bís.

3) Bhain siad ceann scríbe amach sa deireadh thiar.
Bhí siad ar fad tuirseach, traochta tar éis an turais.
Chuaigh siad isteach go dtí Bunscoil Bhaile na hAbhann le clárú.
Bhí málaí móra á n-iompar acu agus bhí siad ag súil lena dtithe lóistín a bhaint amach.

4) Bhí cúrsa samhraidh den chéad scoth acu.
Ní raibh aon dá lá mar a chéile.
Bhíodh ranganna acu gach maidin agus bia sa cheaintín.
Théidís ag imirt cluichí spórt gach lá agus ag damhsa san oíche.

5) Ar laethanta áirithe, nuair a bhíodh an aimsir go breá, thugaidís aghaidh ar an trá.
Thaitníodh** sé sin go mór leo mar bhídís in ann gabháil ag snámh agus ag siúl.
Chuaigh siad ar thuras go dtí Teach an Phiarsaigh i Ros Muc.
Ina theannta sin, thug siad cuairt ar Raidió na Gaeltachta agus TG4.

6) Bhain gach mac máthar an-taitneamh agus tairbhe as an turas.
Bhí cuid acu ag búirtheach go faíoch nuair a bhí orthu filleadh abhaile.
Gheall siad ar fad go bhfanfaidís i dteagmháil lena chéile.
Dúirt siad ar fad go bhfillfidís ar an nGaeltacht an bhliain dár gcionn.

* De ghnáth, cuirtear urú ar fhocal tar éis ‘sa’ i gCúige Chonnacht, e.g. ‘sa mbad’, ‘sa gcarr’. Séimhiú a leanann é sna canúintí eile, m.sh., ‘sa bhád’, ‘sa charr’ etc.

** ‘Thaitneodh’ a chloistear anseo. Is minic an aimsir ghnáthchaite agus an modh coinníollach á malartú ag cainteoirí dúchais sa Ghaeltacht, áfach. Tá an lámh in uachtar ag an modh coinníollach anois. Go deimhin, is annamh a chloistear an aimsir ghnáthchaite sa chaint bheo níos mó.

Ceisteanna:

  • Cá bhfuil Coláiste Sheosaimh?

  • An raibh aithne ag na scoláirí ar a chéile roimh an gcúrsa?

  • An raibh an turas bus fada, meas tú?

  • Ar fhan siad i dteagmháil le chéile, meas tú?

  • Ar fhill siad ar an nGaeltacht, meas tú?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht'