SRAITH PICTIÚR: Breoite ar Scoil

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán


Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

  • Scríobh comhrá a bheadh agat le múinteoir dá mbeadh tú breoite.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Tabhair cur síos ar céard é go díreach atá ort, tabhair cur síos ar cén chaoi a mothaíonn tú, abair cad is cúis leis, dar leat, inis bréag, déan cabhair a lorg.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

 


Breoite ar Scoil

(Téacs an fhíseáin)

1. An Mháirt seo caite chuaigh Síle agus Máire amach i gcomhair na hoíche.
Bhí breithlá Shíle á cheiliúradh acu.
Chuaigh siad go club oíche agus bhí oíche den scoth acu.
Ina dhiaidh sin chuaigh siad ag ithe mar bhí ocras an domhain orthu.

2. An mhaidin dár gcionn bhuail clog Shíle ag a seacht a chlog.
Baineadh geit aisti.
Bhí sí tuirseach, traochta, tnáite.
Ní raibh fonn uirthi éirí.
Bhí aiféala uirthi go ndeachaigh sí amach.

3. B’éigean dí éirí agus í féin a ullmhú don scoil.
Ní raibh aon trua ag a máthair di agus dúirt sí le Síle go gcaithfeadh sí dul ar scoil.
Ní mó ná sásta a bhí Síle.
Thug sí aghaidh ar stad an bhus go drogallach.
Bhí sé ag stealladh báistí.

4. Bhí sí fliuch báite nuair a shroich sí an scoil.
Bhí dearmad glan déanta aici ar an scrúdú Tíreolais. (TG)
Mhothaigh sí an-tinn.
Bhí sí in umar na haimléise.(TG)

5. Shroich sí deireadh na feide (TG) tar éis fiche nóiméad.
Bhí fonn múisce (TG) ag teacht uirthi agus d’iarr sí ar an múinteoir an bhféadfadh sí dul amach.
Theastaigh uaithi dul abhaile.
Chuaigh sí go hoifig an phríomhoide (TG) le cead a lorg glaoch abhaile.

6. Bhí an príomhoide chomh buartha sin faoi Shíle gur chuir sí fios ar an dochtúir.
Rinne an dochtúir í a scrúdú go mion.
Bhí sé den tuairim go bhfuair sí nimhiú bia.
Moladh do Shíle imeacht abhaile agus a scíth a ligean.
Dúirt an dochtúir go dtiocfadh sí chuici féin laistigh de chúpla lá.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

1) Cá bhfuil na cailíní i mbosca 1?
2) Céard atá siad a ithe?
3) Cén t-am é i mbosca 2?
4) Cén sórt aimsire atá ann i mbosca 3?
5) Cén scrúdú atá ar siúl i mbosca 4?
6) Cé leis atá an cailín ag caint i mbosca 5?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Breoite ar Scoil'