Sraith na hÉireann le filleadh ag deireadh na míosa seo chugainn

Níor imríodh aon chluichí ó mhí an Mhárta ach fillfidh siad ar an 31 Iúil agus é i gceist dhá bhabhta iomlán a imirt roimh dheireadh an tséasúir

Sraith na hÉireann le filleadh ag deireadh na míosa seo chugainn

Tá sé fógartha tráthnóna go dtosóidh Sraith Sacair na hÉireann arís an mhí seo chugainn.

Fillfidh na cluichí ar an 31 Iúil agus tá sé i gceist dhá bhabhta iomlán a imirt roimh dheireadh an tséasúir. Fágann sé sin go n-imreoidh gach foireann sa Phríomhroinn agus sa Chéad Roinn 18 cluiche.

Díbreofar an fhoireann a chríochnaíonn ag bun na Príomhroinne agus tabharfar ardú céime don fhoireann a chríochnaíonn ar bharr an tábla sa Chéad Roinn.

Ta sé i gceist babhtaí cáilithe a imirt chomh maith. Imreoidh na foirne a chríochnaíonn idir an 2-5ú háit sa Chéad Roinn cluichí cáilithe agus rachaidh buaiteoirí na gcluichí sin ar aghaidh chun aghaidh a thabhairt ar an bhfoireann a chríochnaigh sa 9ú háit sa Phríomhroinn. Imreoidh an fhoireann a bhuann an cluiche sin sa Phríomhroinn in 2021.

Bhí easaontas ann le tamall maidir le leagan amach na sraitheanna. Bhí formhór na bhfoirne sa Phríomhroinn ag iarraidh nach mbeadh na cluichí cáilithe ann ach d’éirigh leis an moladh nuair a caitheadh vóta air ar maidin.

Níor imríodh aon chluichí sna comórtais ó mhí an Mhárta de bharr Covid-19. Tá Shamrock Rovers ar bharr na Príomhroinne faoi láthair agus cúig chluiche imeartha. Tá siad trí phointe chun tosaigh ar Dhún Dealgan.

Sa Chéad Roinn, tá Cábán tSíle pointe chun tosaigh ar Dhroichead Átha Aontaithe agus gan ach trí chluiche imeartha ag formhór na bhfoirne.

Fág freagra ar 'Sraith na hÉireann le filleadh ag deireadh na míosa seo chugainn'