Spriocdháta do thairiscintí ar sheirbhís aeir d’Oileáin Árann curtha siar arís agus conradh fós á aontú

Tá margadh déanta ag Roinn na Gaeltachta le húinéirí Aerfort na Mine maidir le soláthar an aerfoirt, ach níl aon chonradh sínithe fós

Spriocdháta do thairiscintí ar sheirbhís aeir d’Oileáin Árann curtha siar arís agus conradh fós á aontú

Tá an spriocdháta do thairiscintí ar sheirbhís aeir d’Oileáin Árann curtha siar arís agus conradh fós le haontú ag Roinn na Gaeltachta le húinéirí Aerfort na Mine maidir le soláthar an aerfoirt don tseirbhís aeir.

Tá margadh déanta ag Roinn na Gaeltachta le húinéirí Aerfort na Mine maidir le soláthar an aerfoirt, ach níl aon chonradh sínithe fós.

Inniu, an 19 Lúnasa, an spriocdháta ba dhéanaí a bhí luaite le tairiscintí, ach tá an dáta sin curtha siar go dtí an 2 Meán Fómhair.

Thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie nach bhféadfaí aon sonraí a thabhairt go fóill i dtaobh an mhargaidh atá déanta le húinéir Aerfort na Mine, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, toisc nach bhfuil aon chonradh aontaithe fós.

Tuigtear do Tuairisc.ie, áfach, go bhfuil margadh déanta an t-aerfort a chur ar fáil ar chíos seachas é a dhíol leis an Stát mar a bhí molta le linn na hidirbheartaíochta.

Ba ar an 1 Aibreán a fógraíodh go raibh tairiscintí á lorg maidir leis an gconradh do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann agus ba é an 3 Meitheamh an chéad spriocdháta a bhí luaite. Tá moill ar an bpróiseas ó shin, áfach, toisc nach raibh aon socrú déanta maidir leis na costais a bhainfeadh le soláthar Aerfort na Mine.

Is do sheirbhís aeir as Aerfort na Mine amháin atá tairiscintí á lorg mar chuid den phróiseas tairisceana.

Is leis an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh Aerfort na Mine agus Aer Arann Islands, an comhlacht a bhfuil conradh aige an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann a chur ar fáil go dtí deireadh Mheán Fómhair.

Thug an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh le fios an mhí seo caite go raibh sé ríshoiléir ón gcomhfhreagras a bhí aige le lucht Aerfort na Mine go raibh “siad sásta ceist úinéireachta an aerfoirt a phlé”.

Bhain conspóid mhór le fógra na bliana seo caite gurbh iad Executive Helicopters Limited a roghnaíodh le seirbhís aeir a chur ar fáil do mhuintir Árann.

Ba é toradh na conspóide sin ná gur fhógair iar-aire stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, ar an 25 Meán Fómhair 2015, go raibh deireadh curtha aige leis an bpróiseas tairisceana don aersheirbhís agus go raibh próiseas nua á chur ar bun aige.

Chuir muintir Árann feachtas ar siúl ag éileamh gur seirbhís eitleáin ó Aerfort na Mine in Indreabhán go dtí na hoileáin a bheadh ann seachas seirbhís héileacaptair as an gCarn Mór sa Ghaillimh.

Fág freagra ar 'Spriocdháta do thairiscintí ar sheirbhís aeir d’Oileáin Árann curtha siar arís agus conradh fós á aontú'