Spriocdháta caillte agat? Ná bí buartha, níl an scuad lámhaigh i ndán duit dáiríre

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: bíonn mórchuid eagarthóirí agus foilsitheoirí níos solúbtha ná mar a thabharfadh an focal bagrach Béarla ‘deadline’ le tuiscint

Spriocdháta caillte agat? Ná bí buartha, níl an scuad lámhaigh i ndán duit dáiríre

Ar thug tú faoi deara riamh go bhfuil difear suntasach idir an focal Gaeilge ‘spriocdháta’ agus a leathchúpla i mBéarla ‘deadline’?

Tugann an leagan Gaeilge le fios duit go bhfuil pointe ama ann faoinar chóir duit pé togra a bhíonn idir lámha agat a bheith críochnaithe.

Tugann an leagan Béarla le fios go gcuirfear chun báis thú mura mbeidh an togra sin críochnaithe faoin bpointe ama sin.

Ar eagla na míthuisceana, is maith a thuigim nach aon chúis gháire é seo: faraor géar tá ardú mór le blianta beaga anuas ar líon na n-iriseoirí agus na scríbhneoirí a dhúnmharaítear go fealltach toisc go bhfuil ábhair á bhfoilsiú acu nach dtaitníonn le rialtas, le buíon choiriúlach nó le duine éigin.

Ach níor chuala mé riamh faoi iriseoir nó scríbhneoir a cuireadh chun báis toisc nár cuireadh alt nó leabhar ar fáil ag an am a bhí socraithe.

Ní thaitneoidh an méid atá mé ar tí a rá le heagarthóirí nuachtán ná le foilsitheoirí leabhar, ach is é mo thaithí phearsanta féin go mbíonn an dá dhream sách solúbtha nuair a bhíonn spriocamanna i gceist. 

Bíonn brú ama i gcónaí, ar ndóigh, ar irisí agus ar nuachtáin chlóite (agus is críonna an t-eagarthóir a shocródh spriocam lena chuid scríbhneoirí i bhfad roimh an spriocam dáiríre) ach i ré seo an idirlín agus an tsíorsholáthair nuachta ní dhéanann cúpla uair an chloig, nó fiú amháin cúpla lá, mórán difir do na meáin dhigiteacha. 

Go mall a mheileann muilte na bhfoilsitheoirí leabhar agus ní haon eisceacht é síneadh ama roinnt míonna nó fiú bliana a fháil ach é a iarraidh; b’fhearr le foilsitheoir ar bith saothar ar ardchaighdeán a chur ar fáil ná saothar a mbeadh lorg na deifre le brath air. Tharlódh go mbeadh spriocamanna níos dobhogtha sa chás go mbeadh airgead stáit i gceist ach arís eile is críonna an foilsitheoir a shocródh spriocam le scríbhneoir roimh an spriocam dáiríre.

Is é mo thaithí féin gur tábhachtaí ná cloí go docht le spriocamanna an caidreamh oibre ginearálta a bhíonn ag iriseoir nó scríbhneoir lena chuid fostóirí; is é sin le rá, fios a bheith ag an eagarthóir nó ag an bhfoilsitheoir gur féidir brath ar an iriseoir nó ar an scríbhneoir an chuid is mó den am.

Dáiríre píre is éard atá faighte amach agam i rith na mblianta ná gur mé féin an céastúnach is cruálaí nuair a bhíonn spriocamanna i gceist. Má leagaim spriocam síos dom féin caithfidh mé cloí leis; creideann cuid díom i gcónaí gurb é an scuad lámhaigh a bheidh i ndán dom mura gcloím. Gach seans gur chóir dom sampla na n-eagarthóirí agus na bhfoilsitheoirí a leanúint agus a bheith níos boige orm féin

Fág freagra ar 'Spriocdháta caillte agat? Ná bí buartha, níl an scuad lámhaigh i ndán duit dáiríre'

  • Colm Ó B

    Sárshaothar mar is gnách leis an uasal Hijmans, bail ó dhia ar an obair. Ba chóir dúinn uile a bheith níos boige orainn féin.