Tá gealltanais faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus an gaeloideachas sa chlár rialtais nua.
Deirtear i ndréachtchlár an chéad rialtais eile, atá á fhoilsiú inniu, go bhfágfar mar atá an Roinn Gnóthaí Tuaithe agus go ndéanfar í a ‘neartú’ trí ghnóthaí pobail agus Gaeltachta a chur léi.
Ar na gealltanais atá ann, deirtear go dtabharfar spriocanna ar leith isteach do sholáthar tithíochta sa Ghaeltacht.
Deirtear go dtabharfar isteach chomh maith na treoirlínte pleanála teanga don Ghaeltacht atá geallta le fada agus go mbeifear ag obair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta lena chinntiú go mbeidh dóthain tithe ar fáil sa Ghaeltacht.
Gealltar sa chlár, Securing Ireland’s Future, go dtabharfar ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta. Bhí an bille chun sin a dhéanamh ag dul trí Thithe an Oireachtais nuair a tháinig deireadh leis an Dáil dheireanach.
Tabharfar isteach chomh maith na pleananna speisialta forbartha do cheantair Ghaeltachta atá luaite san acht pleanála nua.
Tá Scéim na mBóithre Áise le hathbhunú sa Ghaeltacht chomh maith.
Gealltar chomh maith sa chlár go rachfar i mbun oibre ar churaclaim Gaeilge na mbunscoileanna, na scoileanna dara leibhéal agus na hinstitiúidí tríú leibhéal a chur in oiriúint don Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha.
Deirtear sa chlár rialtais atá aontaithe ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách, go ndéanfar gaelscoileanna agus gaelcholáistí a bhunú in áiteanna a bhfuil éileamh orthu ach níl sé ráite sa chlár cad a chiallaíonn ‘éileamh’ sa chás seo.
Is é atá sa chreat sin ná caighdeán idirnáisiúnta chun cumas teanga daoine a mheas.
Maítear chomh maith go gcuirfear le líon na gclár oiliúna lán-Ghaeilge a bhíonn ar fáil d’ábhar oidí.
Cé nach luaitear aon fhigiúirí ar leith maidir le maoiniú d’aon eagraíocht nó scéim teanga, deirtear go dtacófar le hÚdarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, TG4 agus Raidió na Gaeltachta.
Deirtear chomh maith go gcuirfear tuilleadh acmhainní ar fáil chun seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do theaghlaigh agus go dtacófar le naíonraí agus naíolanna sa Ghaeltacht.
Leanfar leis an scéim aitheantais do scoileanna Gaeltachta agus ag an tríú leibhéal déanfar an scéim Seimeastar na Gaeltachta a leathnú chun deis a thabhairt do mhic léinn tréimhse a chaitheamh ag staidéar sa Ghaeltacht.
Cuirfear le líon na scoláireachtaí Gaeltachta a bhíonn ar fáil do dhaltaí chun freastal ar choláistí samhraidh agus “nuair is féidir” cuirfear leis an tacaíocht atá ar fáil do na coláistí agus na mná tí a chuireann lóistín ar fáil dóibh.
Gealltar tacaíocht ar leith do scoileanna lán-Ghaeilge a mbíonn líon suntasach daltaí acu nach í an Ghaeilge ná an Béarla an chéad teanga acu.
Tá tacaíocht geallta chomh maith do chur le líon na gceadúnas craoltóireachta ar mhaithe le cabhrú le stáisiúin raidió Gaeilge, go háirithe stáisiúin a dhíreodh ar dhaoine óga.
Deirtear go dtacófar chomh maith le cur leis an méid cláracha Gaeilge a chraoltar ar RTÉ.
Gealltar go gcosnófar lánstádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach. In 2023 cinneadh sa Bhruiséil go gcuirfí síneadh go dtí 2029 le riail a fhágann nach gá seirbhísí iomlána Pharlaimint na hEorpa a chur ar fáil i nGaeilge agus i Máltais.
Maitear go leathnófar go dtí gach údarás áitiúil sa stát an scéim Gaeilge365, scéim a bhunaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun úsáid na Gaeilge a spreagadh.
Fág freagra ar 'Spriocanna tithíochta sa Ghaeltacht is caighdeán Eorpach don Ghaeilge san oideachas geallta i gclár rialtais'