Foilseoidh an rialtas pleananna i mí Iúil a léireoidh comhthuiscint go gcaithfear cur chuige forbartha an stáit a fheabhsú ó bhonn agus gan mhoill. Nó a léireoidh a mhalairt.
Tá airí, a lucht comhairle agus státseirbhísigh fós ag obair ar leagan leasaithe den Phlean Náisiúnta Forbartha. Tá plean nua tithíochta á dhréachtú, a bhí beartaithe a fhoilsiú an mhí seo chugainn cé go mb’fhéidir nach gcuirfear bailchríoch air go Meán Fómhair.
Eiseofar ráiteas airgeadais an tsamhraidh mar is gnáth agus foilseofar straitéis nua iomaíochta agus táirgiúlachta faoi cheann cúpla seachtain. Idir an dá linn tiocfaidh scéala ó Washington a mbeidh tionchar nach beag aige – olc, maith nó doiléir – ar an léargas eacnamaíochta.
Beidh deireadh ar an 9 Iúil leis an moill ar mhórtharaifí a d’fhógair an tUachtarán Trump trí mhí ó shin. Tá ionadaithe trádála na Stát Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh fós i mbun idirbheartaíochta agus an colún seo á scríobh. Ní léir fós go bhfuil siad ag teannadh le comhréiteach ach ní féidir an cinneadh a dhéanfaidh Trump i gceann deich lá a thuar.
Clúdóidh na cáipéisí seo go léir carn ábhar tábhachtach seachas tithíocht ach níl slat tomhais níos tábhachtaí ná an soláthar tithíochta chun a n-éifeacht iomlán a mheas.
Is ar chúrsaí tithíochta thar aon ábhar eile a bheidh an breithiúnas, a thabharfaidh daoine atá idir fiche agus daichead bliain d’aois go háirithe, ar inchreidteacht an rialtais ag brath.
Cuimhnigh ar shuirbhé iar-vótála RTÉ a léirigh gur tithíocht is mó a bhí ag cur imní ar 28 faoin gcéad de na vótálaithe in olltoghchán na Samhna. Agus a léirigh gur tithíocht is mó a bhí ar intinn ag 41 faoin gcéad san aoisghrúpa 18-24 agus ag 42 faoin gcéad san aoisghrúpa idir 25 agus 34.
Gheall Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin roimh an olltoghchán go dtógfaí thart ar 300,000 teach sa stát faoi 2030 dá mbeidís i mbun rialtais. Níor thug torthaí an olltoghcháin le fios áfach go raibh mórmhuinín ag na vótálaithe as cumas pháirtí ar bith an ghéarchéim tithíochta a leigheas de réir a ngealltanas.
Tá an mí-ádh ar an rialtas nár laghdaigh ar tharla ó shin míshásamh an phobail maidir le cúrsaí tithíochta. Thaispeáin cuntas teach-thógála 2024 nach 40,000 teach a tógadh anuraidh (mar a bhí á thuar ag Fianna Fáil agus ag Fine Gael roimh an olltoghchán) ach beagán le cois 30,000 teach.
Níor mhúscail ráitis an Taoisigh agus airí eile ó thús na bliana dóchas go bhfeabhsóidh an cur chuige an rialtais maidir le tithíocht. B’fhéidir nach mbeadh brú chomh mór orthu go deimhin dá mbeadh tost rialtais i bhfeidhm agus iad ag iarraidh ar an bpobal fanacht go bhfoilseofaí pleananna nua an rialtais.
Teastaíonn tamall chun cur chuige ar léir do chách a locht a leasú. Go háirithe agus mórathruithe de dhíth a bhrostóidh an soláthar breise uisce agus leictreachais a chuirfidh bac ar thógáil tithe. Go háirithe arís, athruithe a chiorródh an mhoill a chuireann an córas pleanála ar thograí móra.
Sin ráite, éilíonn géarchéim gníomh práinne seachas caint a léiríonn agus a spreagann éiginnteacht. Céard a dhéanfadh forbróir ar bith mar shampla a chloiseann tuairimíocht ón rialtas faoi fhaoiseamh cánach nua nó faoi dhreasacht airgeadais nua ach moill a chur ar chinneadh forbartha go léireodh an buiséad an scéal cinnte?
Is ar na cáipéisí a fhoilseofar go luath agus ar chumas an rialtais gealltanais réamhthoghcháin maidir le tithíocht a chur i bhfeidhm a bheidh a chinniúint ag brath.
Go dtí sin ní bheidh mar fhreagra ag an Taoiseach ar sciolladh an fhreasúra ach freagraí a thabhairt nach freagraí in aon chor iad. Leithéid an fhreagra a thug Micheál Martin ar cheist faoi pháistí gan buandídean (4,775 de réir áireamh na Bealtaine) a chuir Ivana Bacik air sa Dáil Dé Máirt.
Tógáil tithe sóisialta a bheadh riachtanach thar aon rud eile as seo go ceann deich mbliana, a dúirt an Taoiseach léi. Go deimhin. Ní aidhm ghinearálta gan sonraí a theastaíonn áfach ach plean inchreidte agus gníomh gan mhoill chun cur leis.
Ní ábhar imní ó thaobh tithíochta amháin é seo. Mura gcreidfidh vótálaithe sa chéad olltoghchán eile go bhfuil plean inchreidte tithíochta á chur i bhfeidhm ag an rialtas nó á thairiscint ag páirtithe an fhreasúra beidh deis ag antoiscigh ar chaon taobh teacht i dtír ar a n-éagumas.
Fág freagra ar 'Sprioc an rialtais – muinín a mhúscailt i spriocanna an rialtais'