Sparánacht nua bunaithe in ómós d’Aodán Mac Póilín

Tabharfaidh Ciste Craoltóireachta na Gaeilge £5,000 do thogra teilifíse a thabharfaidh léargas ar cheann de réimsí spéise Aodáin Mhic Phóilín, duine de mhórghníomhairí Gaeilge an Tuaiscirt

Sparánacht nua bunaithe in ómós d’Aodán Mac Póilín

Fógraíodh inné ag Féile na Meán i mBéal Feirste go bhfuil ‘Ciste Cuimhneacháin Aodáin Mhic Phóilín’ bunaithe. Ainmníodh an ciste nua as iarchathaoirleach Chiste na Craoltóireachta Gaeilge, Aodán Mac Póilín, a bhásaigh ag deireadh na bliana seo caite.

Tabharfaidh Ciste Craoltóireachta na Gaeilge £5,000 do thogra teilifíse a thabharfaidh léargas ar cheann de réimsí spéise Aodáin Mhic Phóilín, duine de mhórghníomhairí Gaeilge an Tuaiscirt

Tabharfar an deis, freisin, don dream a n-éireoidh leo an sparánacht a fháil dul anonn chun na Breataine Bige an bhliain seo chugainn chuig Féile na Meán Ceilteach in Llanelli, agus an clár a chur faoi bhráid na féile. Táthar ag súil go meallfaidh an ciste nua iarratais ó dhaoine atá “réasúnta” nua san earnáil agus nár fhreastail go fóill ar Fhéile na Meán Ceilteach.

Is iad Ciste na Craoltóireachta Gaeilge agus ionadaithe ó chraoltóirí Gaeilge a roghnóidh na hiarrthóirí.

Ní mór d’iarratais a bheith istigh faoin Déardaoin an 14 Nollaig agus tá an fhoirm iarratais atá ar fáil anseo.

Bhásaigh Aodán Mac Póilín go tobann go gairid i ndiaidh na Nollag anuraidh. Is mar Stiúrthóir ar Iontaobhas Ultach ar feadh ceithre bliana fichead ab fhearr aithne air, ach liosta le háireamh iad na coistí agus na comhairlí ina ndearna sé a chion ar son na Gaeilge.

“Ba mhéala mór bás Aodáin do phobal na Gaeilge agus go deimhin do phobail eile nach é. Is mór a chronaítear é as a mhéad eolais a bhí aige ar an iliomad ábhar, as an tacaíocht láidir a thug sé don Ghaeilge agus do cheisteanna cultúrtha eile araon gan trácht ar fhéith an ghrinn agus na cuideachta a bhí ann,” a dúirt Áine Walsh, ceannaire Chiste na Craoltóireachta Gaeilge.

Fág freagra ar 'Sparánacht nua bunaithe in ómós d’Aodán Mac Póilín'

  • Concubhar

    Ceist: an bhfuil sé ina pholasaí ag Tuairisc bheith ag úsáid leaganacha Bhéarla de phreas raitis is litreacha is eile fiú nuair atá leaganacha Ghaeilge ar fáil go h-éasca? Ní hé seo an chéad uair a thárla seo nó i scéal le déanaí faoi freagra ó James Brokenshire ar ghearán ó Mháirtín Ó Muilleoir, baineadh feidhm as leagan Bhéarla den litir nuair a bhí leagan Ghaeilge ar fáil. Cheapfá gur scéal nuachta ann féin é leagan Ghaeilge den litir bheith seolta ag Brokenshire? I gcás eile I scéal eile faoin tuaisceart baineadh úsáid as leagan Bhéarla de ráiteas ón Seanadóir Niall Ó Donnghaile nuair a bhí leagan Gaeilge foilsithe aige go comhuaineach ar shuíomh SF.
    Seo an ráiteas sin ó Áine Walsh i nGaeilge de réir mar atá sé foilsithe ar an suíomh idirlín:
    “Ba mhéala mór bás Aodáin do phobal na Gaeilge agus go deimhin do phobail eile nach é. Is mór a chronaítear é as a mhéad eolais a bhí aige ar an iliomad ábhar, as an tacaíocht láidir a thug sé don Ghaeilge agus do cheisteanna cultúrtha eile araon gan trácht ar fhéith an ghrinn agus na cuideachta a bhí ann. Mar sin féin, ní dada a raibh de bhrón ar phobal na Gaeilge le taobh na cumha atá ar a theaghlach ina dhiaidh go háirithe Áine, a bhean chéile, Aoife, a iníon agus a chuid garmhac. Tá lúcháir orainn go bhfuil a theaghlach inár gcuideachta inniu agus Ciste Cuimhneacháin Aodáin Mhic Phóilin á sheoladh againn agus is údar áthais againn é go bhfuil muid ag tacú le ciste ar a shon.”
    B’fhéidir gur féidir le h-eagarthóir Tuairisc míniú a thabhairt ar an scéal…

    • Seán Tadhg Ó Gairbhí

      Foilsíonn Tuairisc.ie i nGaeilge ráitis a thagann chugainn i nGaeilge agus caitear cuid mhór ama, nuair a bhíonn a leithéid againn, ag aistriú go Gaeilge ráitis a dhéantar i mBéarla amháin. Go raibh maith agat as sinn a chur ar an eolas faoin leagan Gaeilge den ráiteas faoi Aodán, trócaire air. Maidir leis an ráiteas eile atá luaite agat, is i mBéarla amháin a cuireadh chugainn é.