Smaointe ar Bhua Trump – ceacht don scothaicme agus na saineolaithe

Díol suntais mar sin an easpa anailíse a rinneadh sna meáin chumarsáide i gcoitinne ar phatrúin vótála na Meiriceánach

Smaointe ar Bhua Trump – ceacht don scothaicme agus na saineolaithe

“It’s the economy stupid”

(James Carville, comhairleoir toghchánaíochta Bill Clinton, tráth dá raibh)

A bhuíochas le forbairtí leanúnacha teicneolaíochta tá níos mó sonraí ar fáil i leith gach gné den toghchán deireanach ná mar a bhí riamh roimhe seo. Díol suntais mar sin an easpa anailíse a rinneadh sna meáin chumarsáide i gcoitinne ar phatrúin vótála na Meiriceánach, fiú agus go bhfuil SAM fós an-óg mar thír agus mar chultúr.

Scothaicmí

Tá tionchar nach beag ag an domhandú seo ar idir shaibhir is daibhir. Is scothaicme amháin dhomhandaithe is aontaithe anois an scothaicme pholaitiúil a bhfuil formhór na meán ina seilbh acu freisin agus an t-uafás cumhachta acu dá réir. Tá aithne mhaith acu ar a chéile agus iad i dteagmháil lena chéile go rialta. Is beag teagmháil a bhíonn acu le “gnáthdhaoine” nó leo siúd nach bhfuil ina mbaill den “scothaicme.” Is minic gur beag an cur amach atá acu ar chúinsí saoil na cosmhuintire.

Trump agus Mná

Is callaire é Trump. Léirigh sé tuairimí déistineacha i leith na mban agus bhí an tslí a labhair sé faoi mhionlaigh éagsúla thar a bheith gránna agus ciníoch in amanna agus chuir sé samhnas orainn uilig. Mar sin féin, is cosúil gur ghlac muintir Mheiriceá, baill mhionlaigh ina measc, leis an reitric sin mar bhladhmann toghchánaíochta. Tá an Trumpach níos cliste ná mar a ghéill a chuid céilí comhraic sa toghchán. Labhair sé go neamhbhalbh agus go díreach le daoine agus ba léir gur thuig sé a gcuid fadhbanna agus an frustrachas a bhraitheann daoine faoi sheanmhúnlaí rialtais. Bhain Clinton leis an seanmhúnla.

Níor thacaigh mná Mheiriceá le Clinton. Tá sé dochreidte ar shlí ach thug tromlach de mhná bána a gcuid vótaí do Trump san iomlán – 53% a vótáil ar a shon, agus sin beag beann ar chúlra aicmeach is oideachais. I measc mná ón lucht oibre ba bheag nach raibh bua 2:1 ag Trump! Thug 62%  de na mná a vóta do Trump agus 34% do Clinton.

Dúirt na tráchtairí go léir roimh ré go bhféadfaí a bheith cinnte de go bhfaigheadh Trump vóta suarach i measc mhionlaigh SAM ach ní hamhlaidh a bhí. Léirigh na exit polls gur bhuaigh sé 8% den vóta gorm agus beagnach trian den vóta Spáinneach (29%) is Áiseach (29%).

Is léir go ndearna Clinton an-dochar ar fad dá feachtas nuair a thagair sí do lucht tacaíochta Trump – thuig chuile dhuine cé a bhí i gceist aici – lucht oibre an chreasa mheirgigh – mar ‘basket of deplorables’. An té a bhí amhrasach i leith Clinton roimhe sin, b’in í an fhianaise a bhí uathu gur bhain sí leis an scothaicme agus go mba chuma léi fúthu i ndáiríre.

Na Príomhcheisteanna

Tá réigiúin fhairsinge tuaithe Mheiriceá ag fáil bháis le blianta agus fadhbanna práinneacha, dála na dífhostaíochta, na bochtaineachta agus drugaí (i gceantair áirithe) dá gcrá. (Ar nós na gceantar tuaithe gach áit, Éire san áireamh.) Is próiseas é seo a thosaigh thart ar chaoga bliain ó shin agus a chuaigh i dtreise ó na luath-1970idí ar aghaidh mar ar tharla athruithe suntasacha ar gheilleagar SAM. Roimhe sin, ba iad na tionscail dhéantúsaíochta a d’fhostaigh formhór an phobail ach d’iompaigh an saol bunoscionn ar chuimse daoine nuair a d’aistrigh bunús an gheilleagair go réimsí na seirbhísí ina ionad sin.

Sa mhullach air sin a tháinig domhandú na  cruinne is na teicneolaíochta, a chiallaigh go raibh neart jabanna ann a dhéanfadh meaisín nó ríomhaire – seachas daoine.

Na príomhcheisteanna a bhí faoi chaibidil sa toghchán uachtaránachta ba dheireanaí bhíodar mórán mar an gcéanna le gach toghchán riamh roimhe seo – sláinte an gheilleagair, ceist na hinimirce mídhleathaí agus na fostaíochta agus ról SAM i gcúrsaí idirnáisiúnta ar fud an domhain mhóir.

Ó thaobh na hÉireann de, agus go háirithe mar a bhaineann le hinimircigh gan cáipéisí inimirce i SAM agus eacnamaíocht na tíre seo, chaithfeá a bheith buartha go maith faoi bhua Trump. Toghadh Trump chun tús áite a thabhairt do leas SAM agus do mhuintir na tíre sin agus níl aon amhras ná gurb é sin an ní a dhéanfaidh sé. Is cinnte go laghdóidh sé ráta cánach corparáide SAM agus go gcuirfidh sé sin brú mór ar chomhlachtaí ilnáisiúnta atá ag feidhmiú in Éirinn a gcuid caipitil a athlonnú sna Stáit Aontaithe. D’fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith leis sin ó thaobh infheistíochta agus fostaíochta de anseo in Éirinn agus in iarthar na tíre ach go háirithe, mura gceapfaimid straitéis déantúsaíochta dár gcuid féin atá beag beann ar na Poncáin.

Vótáil 130 milliún Meiriceánach sa toghchán uachtaránachta. Is léir go raibh cuid mhór Gael-Mheiriceánach nár thug vóta do Clinton. Bhí bua éasca ag Trump sa deireadh. Bhí breall ar na saineolaithe agus na pollsters.
Ceacht: Ní ceart an iomad muiníne a bheith againn i ‘saineolaithe’, i meitheal smaointe agus suirbhéanna. Chuir muintir SAM a gcuid muiníne sa Trumpach. An ndearna siad an rogha cheart? Is maith an scéalaí an aimsir.

Fág freagra ar 'Smaointe ar Bhua Trump – ceacht don scothaicme agus na saineolaithe'

  • Eoin Ó Murchú

    Cómhgháirdeachas: alt an-mhaith, an-tuisceanach. Is fiú smaoineamh faoina pointí seo, go háirithe maidir le polaitíocht na hEorpa freisin, agus toghchán na Fraince ach go háirithe.