Sleaschéimeanna agus leathchéimeanna i Stormont

Lá brónach é, a deir an Státrúnaí, Theresa Villiers agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, ach cuirfear ceann arís le cainteanna Dé Luain

Theresa Villiers. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie
Theresa Villiers. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Éirí as nach éirí as go hiomlán é, seasamh i leataobh seachas éirí as ar fad, agus sórt ‘Feidhmeannas’ fós i Stormont. B’in í an bhail a bhí ar chursaí i Stormont trathnóna inné taca an ama a scaoileadh Bobby Storey, Cathaoirleach Shinn Féin i dTuaisceart Éireann, saor ó staisiún na bpóilíní in Aontroim.

Bhí bagairt déanta ag Peter Robinson agus an DUP go n-éireoidís as an bhFeidhmeannas muna gcuirfeadh coiste traspháirtí an Tionól ar fionraí go deonach nó muna gcuirfeadh Rialtas na Breataine fionraíocht éigeandála i bhfeidhm. Fuair sé an t-eiteachas as éadan ón gCoiste Gnó agus ó rialtas na Breataine.

Nuair a tháinig Peter Robinson agus a chuid Airí amach chun labhairt leis na meáin, bhain sé stangadh as na páirtithe eile nuair nár fhógair sé go raibh siad uilig ag éirí as oifig. Bhí gach Aire cé is móite den Aire Airgeadais, Arlene Foster ag éirí as, a dúirt sé; bhí sise ag fanacht chun a chinntiú nach ndeanfadh poblachtánaithe agus náisiúnaithe cinntí airgeadais míréasúnacha. Bheadh sí ag feidhmiú freisin mar Chéad Aire gníomhach; ní raibh Robinson ag éirí as ach ag seasamh i leataobh, gan pá.

Dúirt an Státrúnaí, Theresa Villiers agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan gur lá brónach é ach go gcuirfí ceann arís le cainteanna Dé Luain le súil go bhféadfaí an tsáinn a fhuascailt.

Mhaígh Sinn Féin gur léiriú é cinneadh an DUP go raibh faitíos orthu roimh thoghchán. Rinne páirtithe eile go leor fiodmhagadh faoi shleaschéimeanna; má bhí Robinson ag iarraidh a chruthú go raibh sé seiftiúil, a dúradh, ní raibh taispeánta aige ach go raibh an DUP in aimhréidh agus ag sodar i ndiaidh an UUP.

Bhí Stormont ar an dé deiridh i ngeall ar mharú Kevin McGuigan agus ráitis an PSNI faoi bhaill den IRA a bheith bainteach leis an gcoir, ach cuireadh an lasair sa bharrach maidin Dé Céadaoin nuair a ghabh an PSNI Bobby Storey, Cathaoirleach Thuaisceart Éireann ar Shinn Féin, lena cheistiú.

Scaoileadh Storey saor tamall tar éis na n-imeachtaí drámatúla i Stormont trathnóna Déardaoin ach dúirt a dhlíodóir go mbeadh sé ag cur an dlí ar na póilíní faoina ghabháil go neamhdhleathach.

Fág freagra ar 'Sleaschéimeanna agus leathchéimeanna i Stormont'