Anocht ar RTÉ a hAon ag a seacht a chlog cuirfidh foireann ‘Scannal’ ainmneacha na ndílseoirí a bhí ciontach i sléacht bhanna ceoil rince an ‘Miami’ i 1975 i gcuimhne dúinn, mar aon leis na láimhseálaithe i seirbhís rúnda Fhaisnéis Mhíleata na Breataine agus a gcomhbhádóirí i mBrainse Speisialta an RUC, a d’eagraigh agus a d’éascaigh na dúnmharuithe.
I mí Iúil 1966, rinne Alan Titley is mé féin cúpla steip le béithe óga na dílseachta sa Castle Ballroom i nDroichead na Banna i gContae an Dúin. Is amhlaidh a ghlacamar síob an tráthnóna céanna sin leis an seóbhanna iomráiteach The Freshmen. Bhíomar déanta suas ar fad dá bharr, tarraingt ‘ár gcairde’ na Freshman á surfáil go mínáireach againn chun impreisiún fabhrach a chruthú, as a dtiocfadh, b’fhéidir, cá bhfios, deis nó dhó, a shamhlaíomar, go baoth mar a tharla, dá rithfeadh an t-ádh linn.
Cibé faoi sin, naoi mbliana ina dhiaidh sin, thréig an t-ádh, an dóchas agus an bheatha féin Fran O’Toole, Tony Geraghty agus Brian McCoy, ceoltóirí i seóbhanna an ‘Miami’ nuair a maraíodh iad triúr gan taise ná trócaire i bpáirc threafa ar thaobh an bhóthair sa bhfearann ar a dtugtar Buskhill, ar an mbóthar ó dheas go dtí an tIúr. Ceoltóirí neamhurchóideacha na siamsaíochta, curtha síos amhail is dá mba ainmhithe iad ag buíon chorr den Reisimint ba mhó in arm na Breataine ag an am, an UDR, i bpáirt le sceimhlitheoirí mharfacha an UVF, an ‘Glennane Gang’, eagraithe agus fá stiúir ghníomhairí rúnda Fhaisnéis Mhíleata na Breataine agus Brainse Speisialta an RUC, ina measc, murarbh é a bhí ina oifigeach ceannais féin ar chlaon-eachtraíocht na hoíche sin, an Captaen Robert Nairac, nach maireann.
Bhí seóbhanna an Miami tar éis seinnt sa Castle Ballroom thuasluaite an oíche sin. Deineadh faireachas orthu istigh le linn an rince. Leanadh an mionbhus ar a aistear ó dheas. Ag Buskhill, nó sa Bhaschoill mar is fearr aithne air sa Ghaeilge, sheas an Lance Corporal Thomas Raymond Crozier leis an 11ú Cathlán den UDR, comhalta fá choim san am céanna i gCathlán Lár-Uladh an UVF, agus é faoi arm is faoi éide oifigiúil na Banríona, sheas sé amach ar an mbóthar, tóirse dearg ina láimh aige nó gur stad an mionbhus.
Istigh ann bhí Fran agus Tony agus Brian, an triúr a mharófaí, mar aon le Des McAlea agus Stephen Travers, an bheirt a tháinig slán ón sléacht.
Ní raibh ach sé seachtaine caite ag Stephen Travers, an comhalta nua, fear óg an Dordghiotáir Plexiglass Dan Armstrong sa ‘big time’ leis an Miami agus nach é a bhí ar mhuin na muice. Bhí airgead mór ag teacht isteach den chéad uair riamh chuige. É fós lán iontais i bhfianaise ‘adhradh’ na sluaite ban óg a bhailigh timpeall ar an stáitse gach oíche chun fáilte a chur rompu lena leagan féin de sheantiúin Al Jolson: ‘Miami, Miami, I’d walk a million miles for one of your smiles, Miami!’
Go dtí an 31 Iúil 1975, tearmann sábháilte do chleas óg na dtriobóidí a bhíodh i hallaí rince an Tuaiscirt. Sórt ‘talamh naofa’ ba ea iad, talamh neodrach ina bhféadfá an pholaitíocht a pháirceáil ag an doras, taobh leis an Vauxhall Viva.
Chuir Nairac agus Crozier is a scuad dúnmharfóirí deireadh go deo leis sin.
Cuireadh na ceoltóirí ina seasamh ar thaobh an chlaí den mhionbhus agus ghlac Crozier a n-ainmneacha. Bhí gach duine den bhuíon saighdiúirí faoi éide, cuid acu agus meaisínghunnaí Sterling, gnátheisiúint oifigiúil arm na Breataine san am, á n-iompar acu. Ansin tharraing gluaisteán suas gar dóibh, as ar sheas oifigeach a labhair le tuin ghalánta Shasanach. An t-údarás ar sileadh leis, seo fear a raibh cleachtadh aige ar cheannas. Dúirt Brian McCoy, arbh as Tír Eoghain dó, agus cara mór le Stephen Travers sa Miami, dúirt os íseal le Stephen nuair a chuala sé an t-oifigeach, ‘Don’t worry. It’s a British Army/UDR patrol…’
Chonaic Stephen, as coirnéal a shúile, beirt ‘shaighdiúirí’ ag oscailt chúldoras an mhionbhus. Bhog sé ón líne ina dtreo chun iarraidh orthu bheith cúramach lena dhordghiotár Dan Armstrong. Fuair sé buille sa droim agus tarraingíodh ar ais sa líne é.
Díreach ansin tharla pléasc mhillteannach. Séideadh an mionbhus ina dhá leath agus teilgeadh na ceoltóirí thar an gclaí isteach sa ghort ar thaobh an bhóthair.
Ag 2.30 am, ar an 31ú Iúil 1975, múchadh na soilse ar chaitheamh aimsire soineanta hallaí rince rómánsúla an Tuaiscirt.
Ar a theacht chuige féin de bheagán, i lár an ghoirt, thuig Travers go raibh sé i dtrioblóid mhór. Bhí Brian McCoy ag iarraidh é a tharraingt as bealach na bpiléar. Ansin bhí saighdiúirí ag déanamh orthu, ag lámhach go baoth rompu. Thit Brian, mac le hOll-Mháistir Lóiste Lár-Uladh den Ord Oráisteach, ag iarraidh a chara Stephen Travers a shábháil.
Tromghonta, bhí piléar dum-dum tar éis dul tríd, lig Travers air go raibh sé marbh. Chuala sé scairt ón mbóthar, ‘Come on, those bastards are dead. I got them with dum-dums’. Chúlaigh na coiscéimeanna. Tost…
Ba é plean Crozier is a bhuíon buama a leagan fá choim sa mhionbhus agus an Miami ansin a sheoladh ar a mbealach. Shéidfí ina smidiríní ar an mbóthar abhaile iad, ‘cruthúnas’ go raibh ábhar pléascach á iompar acu don IRA. Ní thiocfadh éinne slán as an sléacht chun an scéal a insint.
Ach shéid an buama a bhí á láimhseáil ag Harris Boyle (22) as Dún Geanainn, agus William Wesley Somerville (34) Port an Dúnánaigh róluath, trí thimpiste, agus é á chur i bhfolach acu i mionbhus an Miami (bhí idir deich agus cúig phunt déag d’ábhar pléascach ann). Dícheannaíodh agus díghéagaíodh an bheirt bhuamadóirí. Fuarthas leathlámh Harris ar an mbóthar an lá dár gcionn, an tatú ‘UVF’ fós inléite uirthi.
Dhúisigh muintir na hÉireann an lá dár gcionn agus scéala nuachta romhainn nach bhféadfaimis a chreidiúint. Mar aon le gach éinne eile, is ar an raidió ar a hocht a chlog ar maidin a chuala baintreach Brian McCoy go raibh a fear céile marbh.
D’eisigh Liam Cosgrave agus Harold Wilson comhráiteas. ‘A criminal and sinister act,’ ar siad. D’aithin an UVF ‘Major’ Harris Boyle agus ‘Lieutenant’ Wesley Somerville mar chomhaltaí dá gcuid, agus dúirt go mba ‘gunrunners for the IRA’ an Miami. Agus, an gcreidfeá é ach dúirt go mba ‘justifiable homicide’ na dúnmharuithe.
B’iomaí cor agus casadh a thitfeadh amach sula bhfaighfí Thomas Raymond Crozier agus James Roderick McDowell ciontach i ndúnmharú. Dúirt an breitheamh go mba oifigigh neamhchoimisiúnaithe san UDR iad beirt, agus comhaltaí ag an am céanna sa UVF. Dúirt freisin go rabhadar faoi arm is faoi éide oifigiúil Reisimint an UDR nuair a tharla an sléacht. Agus anuas air sin, go raibh caidreamh agus comhcheilg idir iad agus an scuad dúnmharfóirí a leag an buama. Gearradh tréimhse príosúnachta cúig bliana is tríocha orthu araon. Gheofaí John James Somerville, deartháir an bhuamadóra Wesley, ciontach freisin i dtriail eile ina dhiaidh sin, cinneadh a thuill an phianbhreith chéanna dó siúd.
Ach, mar a d’fhiafraigh an tAth. Raymond Murray ina leabhar ‘The SAS in Ireland’ (1990), conas go raibh gach éinne ar an láthair faoi arm is faoi éide arm na Breataine murar comhfheachtas rúnda a bhí ann idir comhaltaí bradacha an RUC, an UDR, agus sceimhlitheoirí míthrócaireacha an UVF, le beannacht agus faoi scáth, muea raibh sé faoi stiúir, Fhaisnéis Mhíleata na Breataine féin?
Arbh é an Captaen Robert Nairac an t-oifigeach údarásach a chonaic Stephen Travers ag Buskhill an oíche chinniúnach sin?
Bhuel, anois, sin scéal!
Is údar uafáis dom sa lá atá inniu ann go bhfuil séadchomhartha i bPort an Dúnánaigh a dhéanann comóradh ar ghníomh na beirte a leag an buama, Wesley Somerville agus Harris Boyle.
– ‘Scannal’, RTÉ a hAon, 19.00, anocht
Fág freagra ar 'Sléacht ‘The Miami’ – nuair a maraíodh ceoltóirí neamhurchóideacha na siamsaíochta, amhail is dá mba ainmhithe iad'