Ba iad réalta a linne iad, seó-bhanna an Miami. Bhí meas orthu mar cheoltóirí agus na céadta ag triall ar na hallaí inar sheinn siad ó cheann ceann na tíre. Is iomaí cailín óg a raibh pictiúir an ghrúpa ar bhalla a seomra aici. Bhí tóir go speisialta ar Fran O’Toole, príomhamhránaí an bhanna.
Ba gheall le crith talún é 50 bliain ó shin nuair a chuala an pobal an scéal gur maraíodh triúr den bhanna, go raibh beirt eile gortaithe agus a veain ina smionagar tar éis ionsaí lámhaigh agus pléasc. Bheadh sé deacair ag daoine óga nach bhfuil aon taithí acu ar thábhacht na hallaí rince agus na seó-bhannaí sna seascaidí agus seachtóidí a thuiscint cé chomh drámatúil uafásach is a bhí an nuacht.
Ba mhinic bannaí ón deisceart ag seinm i hallaí sa Tuaisceart agus bhíodh daoine óga ó gach aicme agus dhá thaobh na deighilte ag freastal ar rincí d’ainneoin na Trioblóidí a bheith fíochmhar. Ar an 31 Iúil 1975 bhí cúigear ball den Miami ar a mbealach abhaile go Baile Átha Cliath tar éis a bheith ag seinm i halla an Chaisleáin i nDroichead na Banna. Chuaigh ball eile ar cuairt ag cairde i gcontae Aontroma. D’fhág siad Droichead na Banna thart ar a dó ar maidin agus idir sin agus Iúr Chinn Trá stopadh iad ag seicphointe.
Bhí na daoine a stop iad faoi éide mhíleata ach dílseoirí ón UVF ab ea iad. Bhí baill den UDR, reisimint áitiúil cúltaca d’Arm na Breataine sa drong. D’ordaigh siad don gcúigear dul amach ar thaobh an bhóthair agus thosaigh ‘ag scrúdú’ na feithicle. Is ag leagan buama sa veain a bhíodar ach phléasc sé gan choinne agus mharaigh sé an bheirt a bhí á láimhseáil. Shéid neart na pléisce Stephen Travers agus Brian McAlea isteach i ndíog. Thosaigh an chuid eile den lucht ionsaithe ag scaoileadh leis an mbanna. Maraíodh Fran O’Toole, 29, amhránaí, Tony Geraghty, 23, giotáraí agus Brian McCoy, 33, trumpadóir.
Banna trasteorann agus trasphobail ab ea an Miami ó bhí tuaisceartaigh agus deisceartaigh, Caitlicigh agus Protastúnaigh ann agus dlúthchairdeas eatarthu go léir. Ina theannta sin sheinn siad i hallaí i gceantair dhílseacha agus náisiúnacha. Ba é plean an UVF go ligfí ar shiúl ón seicphointe iad agus an buama ina veain. Phléascfadh an buama áit éicint ar an mbealach, mharófaí an grúpa agus buntáiste sa bhreis a bheadh ann dá maródh an phléasc daoine eile chomh maith. Bheifí in ann a chur i leith an bhanna go raibh siad ag iompar buamaí agus chuirfí stop leis an gcineál normáltachta a chuir a leithéidí ar fáil beag beann ar uafás na linne.
Ghlac iarbhaill an bhanna, cairde agus lucht tacaíochta páirt i searmanas cuimhneacháin Déardaoin ag láthair an tsléachta. Ba iad athmhuintearas, maiteanas agus cearta d’íobartaigh téamaí an tsearmanais. Bhí na marthanóirí Stephen Travers agus Des McAlea diongbháilte go mba uafásach ar fad an íde a tugadh dá gcomhghleacaithe a maraíodh ach nach raibh olc na faltanas ina gcroí do lucht a n-ionsaithe. Murab ionann agus go leor eile níor cháin siad an pharáid i bPort an Dúnáin Dé Satharn in ómós do Harris Boyle, duine dá n-ionsaitheoirí. Comhalta den UDR ab ea Boyle a maraíodh nuair a phléasc an buama a bhí sé a leagan i veain an bhanna. Dúirt na ceoltóirí go raibh sé de cheart ag gach dream comóradh a dhéanamh ar a gcuid marbh féin ach gur cheart ceiliúradh ar sceimhle a sheachaint. Léiríodh ómós i Maigh gCaiseal i nDún Geanainn i mí Aibreáin do Wesley Somerville, an ball eile den UVF a maraíodh sa phléasc.
Tá Stephen Travers agus Des McAlea (a dtugtar Des Lee air chomh maith) meáite air go gcaithfear Acht Oidhreachta na Breataine a chealú. In 2021 tar éis cás cúirte a mhair naoi mbliana in aghaidh Roinn Cosanta na Breataine agus na bpóilíní fuair gaolta na marbh agus na marthanóirí cúiteamh £1.5 milliún eatarthu. Admháil ar chlaonpháirteachas ab ea é, cé nár dhúirt an stát gur admháil ab ea é.
Teastaíonn ó Travers agus McAlea go mbeadh íobartaigh eile in ann cásanna a thógáil más mian leo, agus a gcearta agus eolas a aimsiú gan srianta den chineál atá san Acht Oidhreachta, is cuma cé acu paraimíleataigh nó an stát a bhí freagrach. Dúirt Príomh-Chonstábla an PSNI Jon Boutcher a d’fhreastail ar chuimhneachán an Miami go raibh súil aige gur ghearr go ndéanfaí comhréiteach faoi conas a láimhseálfar oidhreacht na dtrioblóidí.
Tá súil go raibh an ceart aige, leigheas agus leagan amach den chineál atá léirithe ag marthanóirí an Miami de dhíth go géar ar an tsochaí.
Fág freagra ar 'Sléacht an Miami – bíodh cearta d’íobartaigh mar chuimhne air'