‘Siri, an bhfuil aon Ghaeilge agat?’ arsa mise. ‘I can help you find a place,’ arsa Siri…

Is beag eolas atá ag na córais aitheanta gutha faoi Nuacht TG4, Tuairisc.ie ná Iris Aniar agus is ionann ‘Cormac ag a Cúig’ agus ‘Caramel cake and kool-aid’

‘Siri, an bhfuil aon Ghaeilge agat?’ arsa mise. ‘I can help you find a place,’ arsa Siri…

‘Siri, an bhfuil aon Ghaeilge agat?’ a d’fhiafraigh mé den fhón. Nó, ní den fhón dháiríre, ach de ‘Siri’, an bogearra atá ar an iPhone atá in ann caint a thuiscint agus treoracha a leanúint dá réir.

Tháinig dath dubh ar an scáileán ar feadh meandair agus ansin chonaic mé focail scríofa ag teacht aníos ag barr an scáileáin.

I didn’t find anything on the wheel Kraig Argus.’ a bhí scríofa ann, ‘If you turn on location services I can help you find a place.’

Bhí freagra mo cheiste agam. Ní thuigeann Siri an Ghaeilge labhartha.

Ná ní thuigeann Google Voice, ná Amazon Alexa ná Microsoft Cortana í ach an oiread agus tá impleachtaí móra aige seo d’ábhar Gaeilge ar líne sna blianta beaga atá amach romhainn.

Ní féidir treoracha a thabhairt i nGaeilge ná fiú má thugann tú na treoracha i mBéarla agus ainm an chomhlachta i nGaeilge, is beag an seans go bhfaighidh tú freagra cruinn ar ais ar an nglórchuardach.  

‘Nuacht TG4?’ a fhiafraím de Siri. ‘Did you say loyalty card?’

‘No Siri, what about ‘ceannlínte na nuachta,’ a fhiafraím ansin.

‘Did you say Kathleen send the New Year offer?’ a fhiafraíonn Siri díom.

Faoin mbliain 2020, meastar go mbeidh 50% de na cuardaigh a dhéanfar ar líne á ndéanamh le cuardach cainte seachas cuardach clóite.

De réir taighde a rinne an comhlacht ComScore, tá suas le 40% de dhaoine ar fud an domhain ag baint úsáid as an nglórchuardach cheana féin, ar a laghad uair amháin gach lá.

In 2016, thug Google le fios go raibh 20% de na cuardaigh a bhí á ndéanamh tríd an inneall cuardaigh sin á ndéanamh tríd an chaint seachas le focail scríofa. Tá tuairim is 5.5 billiún cuardach sa lá á ndéanamh le Google ar fud an domhain.

‘Ok Siri, Tuairisc (ponc) ie,’ a deirim isteach sa mhicreafón. ‘Did you say ‘Tesco Punk IPA?’ arsa Siri.

Is cosúil go bhfuil difríocht sa gcaoi a bhfuil daoine ag déanamh glórchuardach seachas mar a dhéantar cuardach clóite. Ceist dhíreach is minice a úsáideann daoine agus cuardach cainte á dhéanamh acu seachas liosta focal i ndiaidh a chéile mar a dhéantar nuair atá an méarchlár in úsáid le cuardach a dhéanamh.

Baintear úsáid as an nglórchuardach go minic le heolas áitiúil a fháil, ceannlínte nuachta, tuar na haimsire agus mar sin de.

‘Aimsir TG4,’ a deirim le Google.

‘Imagine that easy card,’ an freagra a thugann Google dom. Samhlaigh, go deimin.

Ní ar an ríomhaire baile ná ar an bhfón póca amháin atá forbairtí ag teacht chun cinn i dteicneolaíocht na glóraitheanta. Meastar anois go bhfuil callaire cliste, leithéidí an Amazon Echo (Alexa) nó Google Home (Google Voice), ag 16% de theaghlaigh i Meiriceá agus go mbeidh callairí cliste á n-úsáid i 55% de na tithe i Meiriceá faoin mbliain 2022. Bíonn go leor úsáide á baint as na callairí cliste le héisteacht le ceol, raidió agus podchraoltaí.

‘Raidió na Gaeltachta,’ a fhiafraím de Google.

‘Radyo grill stockton,’ arsa Google.

‘Iris Aniar?’.

‘It is Amir,’ arsa Google.

‘Cormac ag a Cúig?’ a d’fhiafraigh mé ansin.

‘Caramel cake and kool-aid,’ arsa Google.

Rialaítear na callairí cliste leis an nglór seachas le cnaipí, scáileán ná méarchlár agus ciallaíonn sé, nach féidir cuardach a dhéanamh i nGaeilge orthu.

‘An bhfuil aon fhonn ort Gaeilge a fhoghlaim?’ a fhiafraím de Siri.

‘Phone Willie on the owner to Greeley Golden,’ arsa Siri.

Fág freagra ar '‘Siri, an bhfuil aon Ghaeilge agat?’ arsa mise. ‘I can help you find a place,’ arsa Siri…'

  • Pól Ó Braoin

    Níl sé sin ag cur ionadh ar bith orm ar ndó… ceann eile de na rudaí beaga bídeacha sin le cur suas leo againne gaeil…