‘Tá tús á chur inniu le ré nua’ – Sinn Féin an páirtí is mó sa Tuaisceart i ndiaidh toghcháin stairiúil

Agus 29% de na vótaí céad rogha ag Sinn Féin, cor cinniúnach é a mbua i stair an stáit a bunaíodh chun go mbeadh móramh buan ag aontachtaithe

‘Tá tús á chur inniu le ré nua’ – Sinn Féin an páirtí is mó sa Tuaisceart i ndiaidh toghcháin stairiúil

Tá Sinn Féin ar an bpáirtí is mó in Stormont i ndiaidh thoghchán an tionóil agus dul chun cinn stairiúil déanta acu.

27 suíochán a bhuaigh Sinn Féin agus 25 a bhuaigh an DUP.

Fágann sin go mbeidh Michelle O’Neill i dteideal na céad-aireachta. Seo an chéad uair ag náisiúnach a bheith tofa chun na hoifige sin.

Agus 90 suíochán an tionóil líonta, bhí 27 suíochán ag Sinn Féin, bhí 25 ag an DUP agus 17 a bhí ag Páirtí na Comhghuaillíochta a raibh borradh mór fúthu.

Naoi suíochán a bhí ag an UUP, ocht gcinn a bhí ag an SDLP agus ceithre cinn a bhí ag iarrthóirí eile.

Dúirt ceannaire Shinn Féin sa Tuaisceart, Michelle O’Neill, gur “tús le ré nua” a bhí ann.

“Tá tús a chur inniu le ré nua. Am cinniúnach atá ann inár saol polaitíochta agus dár bpobal.

“Cuirfidh mise ceannaireacht ar fáil a thabharfaidh bheith istigh do chách, a dhéanfaidh an éagsúlacht a cheiliúradh agus a chinnteoidh cearta agus cothrom nna Féinne dóibh siúd a bhí coinnithe amach roimhe seo, nó ar deineadh éagóir nó neamhaird orthu,” arsa Michelle O’Neill tráthnóna.

Tá níos mó ná dhá oiread suíocháin ag Páirtí na Comhghuaillíochta is a bhí in 2017, nuair a bhuaigh siad ocht gcinn. 17 suíochán a bhuaigh siad an babhta seo. Drochlá a bhí ann don UUP, don SDLP agus don Chomhaontas Glas agus iad níos imeallaithe ná mar a bhí.

Cor cinniúnach é bua Sinn Féin i stair an stáit a bunaíodh chun go mbeadh móramh buan ag aontachtaithe.

Thagair ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, do bhunú Thuaisceart Éireann agus í ag caint faoin scéal gur dócha go mbeidh Michelle O’Neill, ceannaire an pháirtí ó thuaidh, i dteideal na céad-aireachta.

“Bunaíodh an áit seo breis is 100 bliain ó shin ar bhealach a raibh sé d’aidhm aige a chinntiú nach mbeadh leithéid Michelle O’Neill i ról an chéad-aire go deo, agus mar sin is lá iontach don chomhionannas atá ann ,” arsa Mary Lou McDonald.

Buille tromchúiseach don aontachtas a bhí sa toghchán agus bua mór a bhí ann do Shinn Féin agus an náisiúnachas. Más lá dá saol a bhí ann do Shinn Féin, lá maith a bhí ann do pholaitíocht an láir chomh maith agus borradh faoi vóta Pháirtí na Comhghuaillaíochta.

Sinn Féin a fuair an líon is mó vótaí céad rogha agus breis agus ceathrú milliún vóta céad rogha acu, 29% den iomlán.

250,388 vóta céad rogha a bhí ag Sinn Féin agus iad i bhfad chun cinn ar an DUP, a bhí sa dara háit.

184,002 vóta céad rogha a bhí ag an DUP, thart ar 40,000 níos lú ná mar a bhí acu sa toghchán tionóil cúig bliana ó shin. B’ionann sin agus 21.3% de na vótaí céad rogha, rud a chiallaíonn gur chailleadar ceann de gach ceithre vóta a bhí acu.

Tháinig méadú mór ar líon na vótaí céad rogha a fuair Páirtí na Comhghuaillíochta (Alliance) agus 116,681 vóta acu, ardú thart ar 44,000.

13.5% de na vótaí céad rogha a bhí ag Alliance, léiriú ar dhíscaoileadh an tseanreachta faoinar vótáil daoine de réir na scoilte traidisiúnta idir ‘oráiste’ agus ‘glas’.

63.6% de na daoine a bhí ar chlár na vótóirí chaith vóta, mórán mar a chéile leis an toghchán deireanach in 2017.

Fág freagra ar '‘Tá tús á chur inniu le ré nua’ – Sinn Féin an páirtí is mó sa Tuaisceart i ndiaidh toghcháin stairiúil'