Sinn Féin ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh an aicíd a bhuail iad sna toghcháin ó dheas in ann scaipeadh thar teorainn. Jim Allister agus an TUV caite amach as an leaba ag Reform UK ó d’fhógair Nigel Farage go mbeidh sé ag tacú le Ian Paisley agus Sammy Wilson ón DUP; osna faoisimh ón mbeirt sin cibé faoin gcuid eile d’iarrthóirí an DUP a bhfuil baol ann go scoiltfidh páirtí Allister a vóta.
Naomi Long agus páirtí na comhghuaillíochta ag féachaint le buntáiste a bhaint as an gcogadh idir na haontachtaithe.
Trí seachtaine ón lá amárach, ar an 4 Iúil, caithfidh pobal Thuaisceart Éireann vóta in olltoghchán Westminster. Tá méadú ar líon na n-iarrthóirí i mbliana, 136 cláraithe le bheith san iomaíocht sna 18 toghcheantar abhus i gcomparáid le 102 in 2019. Dhún na hainmniúcháin Dé hAoine seo caite agus ní mór clárú mar vótóir faoin 18 Meitheamh, Dé Máirt seo chugainn.
Níl ach dhá pháirtí a bhfuil iarrthóirí acu i ngach toghcheantar, SDLP agus Alliance-Páirtí na Comhghuaillíochta; bhí beirt fheisirí ag SDLP, a gceannaire Colum Eastwood sa bhFeabhal agus Claire Hanna i mBéal Feirste Theas, bhí feisire amháin ag Alliance, Stephen Farry san Dún Thuaidh. Beidh an dá pháirtí ag cosaint a gcoda agus ag súil le méadú ar a sciar den vóta, SDLP ag iarraidh a meath a stopadh agus Alliance ar a mbionda ag féachaint le dhá dhúnáras de chuid an DUP a sciobadh uathu.
14 iarrthóir atá ag Sinn Féin, páirtí nach bhfuil ag seasamh i mBéal Feirste Theas/Dún Láir, Béal Feirste Thoir, Gleann an Lagáin nó san Dún Thuaidh. 16 iarrthóir atá ag an DUP a sheas i leataobh i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas i bhfabhar Diana Armstrong UUP agus san Dún Thuaidh mar a bhfuil siad ag tacú le Alex Easton, aontachtach neamhspleách. Seasfaidh an UUP in 17 toghcheantar; ní bheidh said san iomaíocht i mBéal Feirste Thuaidh, ach shéan Doug Beattie go raibh margadh déanta leis an DUP ansin mar aisíoc as a dtacaíocht i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas.
D’ainmnigh an TUV 14 iarrthóir. Níor sheas siad san olltoghchán in 2019 in aon chor ach tá siad ag tabhairt dúshlán an DUP an t-am seo mar chuid dá bhfeachtas in aghaidh teorainn i Muir Éireann. Bhí margadh acu leis an bpáirtí Reform UK nuair a bhí Richard Tice ina cheannas, tacaíocht airgid agus cabhair eile geallta dóibh, iad chun seasamh mar TUV/Reform UK. Níor cheadaigh oifig na dtoghchán an lipéad nua ach ba é sin an chuid ba lú dá dtrioblóid.
Arú inné, Dé Luain fuair Jim Allister amach ar na meáin chumarsáide go raibh ceannaire nua Reform UK, Nigel Farage ag tacú lena chairde ó aimsir an Bhreatimeachta, Ian Paisley agus Sammy Wilson an DUP. Níor léir arb é sin deireadh an mhargaidh le Reform UK ach arsa Farage “new leadership brings change”. Pé ar bith toradh a bheas ar chomhráití faoin scéal, n’fheadar cé chomh muiníneach is a thig le hiarrthóirí an TUV a bheith as margadh le Reform UK anois. Tá 11 iarrthóir ag an gComhaontas Glas, deichniúr ag Aontú, cúígear ag Caomhaigh Thuaisceart Éireann agus triúr ag Pobal Roimh Bhrabús. Tá naonúr neamhspleách ag seasamh agus iarrthóir amháin ag Lucht Oibre Trasphobail.
Cé go bhfuil difríocht mhór idir na córais vótála ar dhá thaobh na teorann agus nach ionann in aon chor an cúlra polaitiúil ó thuaidh leis an dinimic ó dheas, tá croitheadh bainte as Sinn Féin sa tuaisceart ag an léasadh a fuair siad ó dheas.
Bhí cuid dá lucht tacaíochta abhus ag maíomh go ‘dtiocfadh a lá’ san olltoghchán ó dheas agus nach raibh tábhacht leis na toghcháin áitiúla. Údar fonóide ab ea sin ó tharla go raibh cuid de na daoine céanna ag déanamh gaisce gurb é Sinn Féin an páirtí ba mhó sna Comhairlí agus in Stormont agus iad ag iarraidh an stádas sin a bhaint amach in Westminster ar an 4 Iúil. Bhí cuid dá lucht stocaireachta níos réadúla. Dar leo teip thubaisteach ab ea é gan a bheith i ngar ná i ngaobhar don sprioc 200 suíochán a bhaint ar chomhairlí áitiúla agus údar imní é a bheith ag dul i laige nuair a shíl siad go raibh siad ag bailiú nirt.
Gineann fás a thuilleadh fáis, a dúirt duine dá lucht canbhasála le Tuairisc agus é le tuiscint gur chúis bhuartha é go mbeadh an meath tógálach freisin. Ar an láimh eile, tá lucht tacaíochta Shinn Féin sa tuaisceart dílis dóibh den chuid is mó, ní chuireann sé olc orthu treoracha a fháil ar pháipéir bhallóide shamplacha, an páirtí ag rialú a gcuid roghanna ar bhealach a bheadh do-ghlactha ó dheas.
Thairis sin bhí a gcuid tacaíochta seasta sna pobalbhreitheanna ar 30%, iad chun tosaigh le tamall de bhlianta. Ní hionann an scéal don DUP nach raibh ullamh do thoghchán i ndiaidh athrú ceannaire mar gheall ar scannal Jeffrey Donaldson. Tá brú mór ar Gavin Robinson, ceannaire nua an pháirtí agus ní léir go fóill ar chabhair ar bith dó feall Farage ar Jim Allister.
Tá feachtasaíocht ag éirí teasaí in go leor toghcheantar, agus amhras faoin i bhfad níos mó acu ná mar a bhí riamh cheana.
Fág freagra ar 'Sinn Féin ag súil nach scaipfidh aicíd an deiscirt thar teorainn'