Sinn Féin ag réiteach an bhealaigh le bheith i rialtas

Bliain ghnóthach atá romhainn sa pholaitíocht

Sinn Féin ag réiteach an bhealaigh le bheith i rialtas

Má bhí drochbhliain eile ag páirtithe an rialtais i mbliana, ní léir aon chúis go mbeidís ag tnúth le feabhas ar bith sa mbliain seo chugainn.

Covid, toradh an Bhreatimeachta, laige an pholasaí aeráide, fadhb na tithíochta, fadhbanna an chórais sláinte, fadhb na tuaithe, agus dul chun cinn Shinn Féin – sin a bhfuil rompu arís. 

Is dócha gurb é an Prótacal Breatimeachta don teorainn an ghné ba shásúla den bhliain don rialtas, ach mar a tharlaíonn, níl na comharthaí go maith sa chás sin ach oiread.

Níl a fhios ag éinne cén chleasaíocht atá ar bun ag na Sasanaigh, ach is dócha go bhfuil siad ag iarraidh uirlis a dhéanamh den Tuaisceart ar mhaithe le brú a chur ar an Aontas Eorpach maidir le rudaí eile.

Cinnte, tá tacaíocht Joe Biden ag an rialtas, agus is rud tábhachtach é sin, ach tá fadhbanna breise ag baint le plean Shasana iachall a chur ar dhaoine nach saoránaigh de chuid na hÉireann nó na Ríochta Aontaithe iad víosa a fháil le taisteal isteach sna sé chontae ón Deisceart.

Tá sé ráite ag an Rialtas go gcuirfidh siad i gcoinne an phlean seo, ach ní dóigh liom go ndéanfadh sé aon leas polaitiúil dóibh teip sa chás seo. Sea, tá an Breatimeacht fós linn, fós le cur i gcrích.

Maidir le Covid-19, tá súil ag chuile dhuine go dtiocfaidh sé amach nach bhfuil an leagan oimiocróin chomh díobhálach sin ar deireadh thiar, ach mar gheall ar fhadhbanna leis an gcóras tástála, le dáileadh na teanndáileoige agus leis na srianta Covid is eile, beidh an rialtas sa bhfaopach ón tús.

Ní léir gur féidir leo aon údarás a chur lena gcuid ráiteas faoin scéal.

Bhí súil ag an rialtas go mbeadh údar gaisce ó thaobh na moráltachta acu lena bpolasaí aeráide. Ach tá a bhfuil ar siúl ag an rialtas agus a bhfuil déanta acu cáinte go láidir ag an gComhairle Comhairleach um Athrú Aeráide agus ceist mhór ann dá bharr faoi sin freisin. Tá ceist ollmhór le cur ar an gComhaontas Glas maidir lena bhfiúntas sa rialtas. 

Nuair a luann muid na fadhbanna eile – conas íoc as an tacaíocht Covid-19, cúrsaí tithíochta (arís, arís mo léan), cúrsaí sláinte i gcoitinne, míshástacht mhuintir na tuaithe, easpa dóchais an aosa óig – tá sé deacair aon ábhar faoisimh a fheiceáil don Rialtas.

Is riachtanach don rialtas go dtiocfadh maolú éigin ar fhás thacaíocht Shinn Féin, ach níl aon chomhartha faoi láthair go dtarlóidh a leithéid. A mhalairt, go deimhin, atá ag tarlú más fíor don phobalbhreith is deireanaí san Irish Times. Agus má leanann na drochscéalta ar aghaidh sna pobalbhreitheanna is lú údarás arís a bheas ag an rialtas, go háirithe ag Fianna Fáil – cé go gcuireann pobalbhreith an Irish Times iad ar aon leibhéal le Fine Gael anois.

I bhfómhar na bliana seo chugainn beidh ar Fhianna Fáil cinneadh a dhéanamh an bhfaighidh siad réidh le Micheál Martin mar cheannaire, nuair a bheidh deireadh lena thréimhse mar Thaoiseach.

Tá gach comhartha ann go mbeidh deireadh leis mar cheannaire a pháirtí, ach cé a thiocfaidh i gcomharbacht air, cén difear a bheas ann maidir le polasaí is dearcadh an pháirtí, agus an bhfanfaidh siad dílis don socrú le Fine Gael?

Tá mé féin beagáinín amhrasach faoi sin, ach chaillfidís roinnt mhaith suíochán dá mbrisfidís an rialtas agus olltoghchán a bhrú orainn. Ach sa bhfadtéarma b’fhéidir go gcaillfidís níos mó má chloíonn siad le socrú atá ag scriosadh an pháirtí.

Má chailleann sé an cheannaireacht, an bhfanfaidh Martin sa Dáil? Tá ráflaí ann go bhfuil an tAire Airgeadais de chuid Fhine Gael, Pascal Donohoe, sa tóir ar phost compordach san Eoraip. Agus ráfla ciúin freisin nach taobh thiar de sa tóir sin a bheas Leo Varadkar ná Simon Coveney – comharthaí cinnte go bhfuil an long ag dul tóin poill.

Rud amháin atá cinnte, ámh, ní ligfidh Sinn Féin na maidí le sruth. Cheana féin bíonn siad i mbun cainteanna, ag leibhéal neamhfhoirmeálta, le gníomhaithe ceardchumainn, ionadaithe pobail, díograiseoirí teanga, is lucht cearta sibhialta ó thuaidh is ó dheas, mar chuid dá n-iarracht le tacaíocht leathan a chruthú dóibh féin.

Ó thuaidh, is cinnte go mbeidh siad ag súil an chéad áit a bhaint amach sna toghcháin Tionóil i mí na Bealtaine agus ardán a chruthú thuaidh is theas chun an t-éileamh ar reifreann faoin teorann a bhrú chun cinn.

Agus tá ceist phráinneach eile roimh an bpáirtí: cé leis a ndéanfaidh siad rialtas? Beidh sé deacair acu – agus níos deacra dá lucht leanúna – aon mhuinín a bheith acu as Páirtí an Lucht Oibre, nó as eite Eamon Ryan den Chomhaontas Glas, ná go deimhin as Fianna Fáil (fiú gan Martin). 

Ach tá gach dealramh ar an scéal go mbeidh tacaíocht cuid de na dreamanna sin ag teastáil i ndiaidh an toghcháin. Anois an t-am ar ndóigh, an bealach a réiteach dá leithéid.

Bliain ghnóthach mar sin atá romhainn.

Fág freagra ar 'Sinn Féin ag réiteach an bhealaigh le bheith i rialtas'

  • Concubhar

    Tá sé aisteach nach dtugann Eoin aon súntas ar chomh tubaisteach is mí éifeachtach atá Sinn Féin san Fheidhmeannas ó thuaidh, amhail is nach bhfuil aon tabhacht lena leithéid d’anailís agus é ionann is cinnte, má éiríonn le SF bheith sa chéad Rialtas eile ó dheas, gur i gComhrialtas a bheidh siad. Nó an é nár mhaith leis féachaint thar teorainn áit a bhíonn SF ag mí-rialú leo.

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá sé aisteach nach dtugann Eoin aon tagairt do’n Ghinmhilleadh.
    Tá Sinn Féin go mhór ar son an Ghinmhilleadh.

  • Pádraig O'hEipicín

    Go bhfóire Dia orainn.
    Sinn Féin í g-Ceannais ar an Tír,
    Í bhfad uainn an t-olc.