Siar is aniar atá an tseirbhís sláinte ag dul mar gheall ar éidreoir pholaitiúil

Dá mbeadh fiú ceann amháin de na pleananna cuimsitheacha athchóirithe a seoladh le leathchéad bliain anuas curtha i bhfeidhm bheadh údar misnigh éigin againn

Siar is aniar atá an tseirbhís sláinte ag dul mar gheall ar éidreoir pholaitiúil

Is annamh a chloistear tuairim á nochtadh i dTeach Laighean nach féidir le duine réasúnta ar bith cur ina coinne.

Ach, mar a deir an seanfhocal, mair a chapaill agus gheobhair féar. Nó, i mbriathra eile, mair a Theachta Dála agus cloisfir an fhírinne agus cúrsaí sláinte á bplé i dTeach Laighean.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris leis an gcoiste sláinte Dé Céadaoin gur bhain ar tharla le gairid croitheadh ó bhonn as muinín an phobail sa chóras sláinte.

Gheall sé nach staonfadh sé ón saothar a theastódh chun teacht ar an bhfírinne iomlán. Tá an Dochtúir Gabriel Scally, Ultach a d’oibrigh i seirbhís sláinte na Breataine, curtha i mbun réamhfhiosrúcháin aige. D’iarr an tAire ar Scally tuairisc a chur faoina bhráid roimh dheireadh mhí an Mheithimh.

Tá iliomad scéal náireach faoi fhaillí nó faoi dhroch-chaighdeáin sa tseirbhís sláinte tagtha chun solais le tamall. Ní gá ach cuimhneamh ar na tuairiscí oifigiúla (tar éis tuairiscí breátha ar RTÉ) ina ndearnadh cur síos ar chóireáil lochtach i ranna máithreachais na n-ospidéal i bPort Laoise agus i mBéal Átha na Sluaighe.

Ní foláir a admháil ar ndóigh nach bhfuil gach cuid den tseirbhís sláinte lochtach i ngach áit sa tír. Dá mhéid an imní réasúnta atá ar an bpobal maidir leis na tástálacha ceirbheacsacha, ní foláir cuimhneamh freisin ar an athchóiriú ar an tseirbhís sláinte iomlán atá idir lámha ag Simon Harris.

Neosfaidh sé mioneolas faoi cheann cúpla mí, a dúirt sé, faoin gcéad chéim den athchóiriú a moladh i ‘Sláintecare’, an plean a d’fhoilsigh coiste sláinte an Oireachtais bliain go ham seo.

Tá amhras ort? Tuigim duit, a léitheoir dhil. Dá mbeadh fiú plean cuimsitheach athchóirithe amháin a seoladh le leathchéad bliain curtha i bhfeidhm, ní bheadh moill chomh náireach ar chóireáil ná míshásamh chomh forleathan ar an bpobal agus atá.

Bhí an tuairisceoir seo i láthair agus scéim bhreá cúram sláinte do chách á fógairt ag Fine Gael roimh olltoghchán 2011, agus roimhe sin ag ócáid in 2001 ag ar sheol an t-aire sláinte Micheál Martin plean cuimsitheach athchóirithe eile.

Níor cuireadh ceachtar plean i bhfeidhm riamh, taobh amuigh d’athruithe riaracháin agus de mhion-athruithe eile anseo is ansiúd.

Mar shampla…

D’fhógair an t-aire sláinte James Reilly in 2011 go raibh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (an HSE) le scor. D’iarr sé ar chomhaltaí bhord na Feidhmeannachta éirí as ionas go mbeadh tionchar níos éifeachtaí ag an roinn sláinte ar riaradh na Feidhmeannachta.

Cuireadh deireadh leis an mbord, cé gur cuireadh scor na Feidhmeannachta ar an méar fhada. Nó, mar a deirtear i gcaint dhíreach, cé go ndearna an rialtas dearmad air.

D’imigh sin agus tháinig seo. Dúirt Simon Harris leis an gcoiste sláinte Dé Céadaoin go dtabharfaí isteach reachtaíocht chun (quelle surprise!) bord a bhunú a bheadh i gceannas ar an HSE as seo amach i dteannta chomharba Tony O’Brien.

Ní ‘ardstiúrthóir’ ach ‘príomhfheidhmeannach’ a thabharfar ar an gceannasaí nua, a dúirt an tAire, agus bheadh ‘struchtúir réigiúnacha’ nua ann a bheadh freagrach feasta as feidhmiú na Feidhmeannachta.

B’ionann sin agus a fhógairt:

  1. Go bhfuil bord an HSE, ar cuireadh deireadh leis seacht mbliana ó shin in 2011, á athbhunú anois.
  2. Go bhfuil struchtúr réigiúnach na seirbhíse sláinte, ar cuireadh deireadh leis nuair a tháinig deireadh le ré na mbord sláinte réigiúnach in 2005, á athbhunú ar dhóigh éigin anois.

Tá amhras ort i gcónaí? Ní nach ionadh.

Léiríonn ‘Breastcheck’, a bunaíodh in 2000 chun tástáil ailse bhrollaigh a reáchtáil ar bhonn náisiúnta, gur féidir codanna den tseirbhís sláinte a athchóiriú agus a mhaoiniú go héifeachtach.

Ach athchóiriú iomlán? Athchóiriú a dheimhneodh cóireáil ar bhonn cothrom, gan mhoill, do chách?

Dá ghéire an riachtanas, ní léir aon chúis mhisnigh fós.

Fág freagra ar 'Siar is aniar atá an tseirbhís sláinte ag dul mar gheall ar éidreoir pholaitiúil'