’Sí an Ciarraíoch Buckley a thugann an churadhmhír léi i ‘Beast’

’Siad an bheirt cheann feadhna a dhéanann scéal ‘Beast’ a iompar agus léiríonn siad a gcarachtair go paiteanta

’Sí an Ciarraíoch Buckley a thugann an churadhmhír léi i ‘Beast’

Stiúrthóir: Michael Pearce
Cliar: Jessie Buckley, Johnny Flynn, Geraldine James, Tristan Gravelle

Le bliain anuas tá trí scannán tagtha os ár gcomhair ina bhfuil Oileáin Mhuir nIocht mar láthair acu. Tháinig Another Mother’s Son os ár gcomhair anuraidh, seoladh The Guernsey Literary and Potato Peel Pie Society sna pictiúrlanna an tseachtain seo a d’imigh tharainn agus anois tá Beast againn. Is ait an mac an saol agus cé go mb’fhéidir go mbeadh na húdaráis turasóireachta ansiúd sásta leis an bhfógraíocht saor in aisce ar fad tá údar acu gan a bheith róbhuíoch den táirge gruama, suaite seo atá suite ar oileán Jersey; saothar a mheascann tréithe den scannán uafáis leis an scéinséir agus an scannán rómánsúil.

Éan corr í Mol na gruaige rua atá faoi bhos an chait ag a máthair údarásach, thíoránach. Tá a fhios againn ó ráitis neamhbhalbha na máthar agus iompar cráite, beagfhoclach na mná óige go bhfuil eachtra óna hóige á ciapadh agus á crá. Ag tús an scannáin címid go bhfuil cóisir lá breithe eagraithe ag a muintir di; ach ní fada nó go mbaineann an dream suarach céanna an solas di. Tá sí tachta acu; sochar á bhaint acu aisti le haire a thabhairt do leanaí agus don athair atá gafa le néaltrú.

Seo chugainn Pascal (Flynn), liairne díomhaoin a bhíonn ag caitheamh a thóna is ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal trí bheith ag póitseáil agus ag déanamh jabanna beaga fánacha. Eascraíonn gaol rómánsúil ait eatarthu. Tugann sé an coráiste di dúshlán a muintire a thabhairt agus saol éigin a chruthú di féin. Déanfaidh tú gáire agus slaiseanna á gcaitheamh lena muintir ardnósach ag cóisir ghealltanais a dheirféar.

I rith an ama tá sraith dúnmharuithe ina néal os cionn mhuintir an oileáin. Ní fada nó go mbítear in amhras faoi Flynn agus cé go bhfuil Mol féin amhrasach faoi déanann sí é a chosaint le bréaga. Tá sí meallta go hiomlán aige; b’fhéidir go n-aithníonn sí an mianach foréigin atá iontu beirt.

N’fheadar an lucht féachana ach an oiread an bhfuil Flynn ciontach nó nach bhfuil agus ní fhaighimid freagra na ceiste go dtí go bhfuil cúpla cor agus casadh curtha dínn againn agus go bhfuilimid ag tarraingt ar cheann scríbe.

’Siad an bheirt cheann feadhna a dhéanann an scéal a iompar agus léiríonn siad a gcarachtair go paiteanta. Éiríonn le Flynn carachtar a chur os ár gcomhair a bhfuil an chuma air go bhfuil sé leochaileach, goilliúnach, soineanta ach dainséarach ag an céanna, b’fhéidir. Bímid ar tinneall i rith an ama. ’Sí an Ciarraíoch Buckley a thugann an churadhmhír léi, áfach. Tá a gaiscí aisteoireachta le cúpla bliain anuas tar éis imeacht i ngan fhios nach mór. Tugann sí taispeántas cumhachtach cumasach uaithi anseo agus cuireann sí carachtar cráite fíochmhar atá trína chéile ina steillbheatha os ár gcomhair.

Fág freagra ar '’Sí an Ciarraíoch Buckley a thugann an churadhmhír léi i ‘Beast’'