‘Shíníodh sé a ainm ‘John Ford, Hollywood & An Spidéal’ – ceiliúradh le déanamh ar dhuine de laochra na scannánaíochta ar an bhfód dúchais

Tá féile nua le reáchtáil ar an Spidéal an mhí seo chugainn in ómós do John Ford, a bhuaigh sé ghradam Oscar mar stiúrthóir agus arbh as ceantar Chois Fharraige a thuismitheoirí

‘Shíníodh sé a ainm ‘John Ford, Hollywood & An Spidéal’ – ceiliúradh le déanamh ar dhuine de laochra na scannánaíochta ar an bhfód dúchais

Is mó turasóir a bhfuil cuairt tugtha acu ar Chonga nó ar an droichead cáiliúil cúpla míle siar ó Uachtar Ard le 70 bliain anuas agus iad sa tóir ar radharcanna ón scannán iomráiteach The Quiet Man. Dá mba é rogha stiúrthóir an scannáin sin John Ford é, áfach, is ar an Spidéal agus ar dhroichead Bhoth Loiscthe b’fhéidir a bheadh na sluaite a fágadh faoi gheasa ag Maureen O’Hara agus John Wayne ag triall.

Ba as an gceantar sin tuismitheoirí Ford, nó John Martin O’Feeney mar a tugadh air nuair a rugadh é i Portland, Maine Lá Fhéile Bríde 1894, agus is ar an Spidéal a bhí sé ag iarraidh go ndéanfaí The Quiet Man ar dtús. D’fhág easpa lóistín gur go Conga agus Caisleán Cheapach Corcóige a d’imigh lucht Hollywood.

Ní dhearna mac Uí Fhéinneadha dearmad ar an gceangal a bhí aige leis an Spidéal, áfach agus tá an stiúrthóir, a bhuaigh sé cinn de ghradaim Oscar, le ceiliúradh ag féile nua atá le reáchtáil ar an bhfód dúchais an mhí seo chugainn.

“Chuirfeadh sé iontas ort an méid daoine nach bhfuil a fhios acu an nasc atá ann idir Ford agus an ceantar. Cheap muid i gcónaí gur cheart go mbeadh rud éigin ann chun ómós a thabhairt dó,” a deir Redmond Morris, duine d’eagraithe Fhéile John Ford, a bheidh ar siúl ar an Spidéal idir 5-7 Meán Fómhair.

Mac le Tiarna Chill Aithnín, Michael Morris, is ea Redmond, a bhain cáil amach é féin i réimse na scannán. Deir sé gur chuir Ford agus a athair aithne ar a chéile ceithre scór bliain ó shin agus gurb é an Spidéal a tharraing le chéile iad.

“Chuir m’athair aithne mhaith air i 1939 nuair a bhí sé ag tuairisciú ar an Dara Cogadh Sín-Seapánach. Bhí an nasc ann leis an Spidéal agus thóg muintir Uí Fhéinneadha, duine dár ndaoine muinteartha ar altramas i bhfad siar, mar a tharla sé,” a deir Redmond.

Ba as an Tuar Beag díreach taobh thiar de shráidbhaile an Spidéil d’athair Ford, Seán Mháire Ó Féinneadha. Cúpla míle eile siar an bóthar ar an gCoill Rua a rugadh agus a tógadh a mháthair, Bairbre ‘Aibí’ Ní Churraoin. Aisteach go leor, níor casadh an bheirt ar a chéile sula ndeachaigh siad go Meiriceá. Phós siad thall agus is ann a thógadar a gclann.

“Nuair a thosaigh an chaint faoi The Quiet Man [a dhéanamh] in Éirinn, bhí dlúthbhaint ag m’athair le cúrsaí,” arsa Redmond. “Bhí siad ag iarraidh an scannán a dhéanamh ar an Spidéal ach ní raibh aon óstáin ann chun freastal ar an gcliar agus ar an gcriú agus chuaigh siad go Conga.”

Ní hé gur chaill muintir Chonamara amach uilig, áfach, agus fuair roinnt mhaith daoine ón gceantar obair le linn na scannánaíochta. Bhí an dornálaí Máirtín Thornton ina measc, agus é mar ‘stand-in’ ag John Wayne sna babhtaí troda a bhí sa scannán. Ar bhás Ford, dúirt Thornton le Raidió na Gaeltachta go labhraíodh an stiúrthóir Gaeilge go leor leis agus an scannán á dhéanamh.

Bhí roinnt Gaeilge chomh maith ag Maureen O’Hara, a rugadh i mBaile Átha Cliath, ach mar sin féin beartaíodh bean óg, Nóra Ní Chonghaile – seanmháthair an chraoltóra Máire Treasa Ní Dhubhghaill – a thabhairt suas go Conga ón Spidéal gach lá ar feadh sé seachtaine chun an méid a bhí le rá i nGaeilge ag O’Hara sa scannán a mhúineadh di. Ba í Nóra Ní Chonghaile a thug an seál a chaith O’Hara sa scannán di chomh maith agus beidh sé sin agus agallamh a rinne sí faoina taithí sa scannán á thaispeáint mar chuid den fhéile an mhí seo chugainn.

Bhí páirt ag an aisteoir Micheál Ó Briain ón Spidéal sa scannán chomh maith, fear a chaith na blianta ag aisteoireacht le hAmharclann na Mainistreach. Bhí John Ford féin le feiceáil ar stáitse na hAmharclainne tráth freisin, agus cúpla líne i nGaeilge aige i léiriú den dráma Úll glas Oíche Shamhna le Mairéad Ní Ghráda.

“D’úsáideadh sé aisteoirí Amharclann na Mainistreach go minic ina chuid scannán,” a deir Redmond. “Níl’s agam cén chaoi gur shocraigh sé é ach chuaigh sé féin ar stáitse le hAmharclann na Mainistreach agus bhí cúpla líne aige.

“Labhraíodh sé Gaeilge cinnte. Nuair a bhíodh sé ag scríobh chuig a chol ceathracha, shíníodh sé na litreacha ‘John Ford, Hollywood & An Spidéal.”

Deir Redmond, a ainmníodh do ghradam Oscar as an scannán The Reader a léiriú agus a raibh baint aige le déanamh leithéidí The Wind That Shakes the Barley agus Michael Collins, gurb iad na cuairteanna a thug sé ar thaifeadadh The Quiet Man agus The Rising of the Moon, scannán eile de chuid Ford a ndearnadh scannánú air in Éirinn, a spreag é féin le dul leis an scannánaíocht.

Deir sé go bhfuil sé ag iarraidh go dtabharfadh an fhéile nua aitheantas do Ford ina cheantar dúchais.

“Tá dearmad déanta air anseo sílim agus tá sé tábhachtach aitheantas ceart a thabhairt dá oidhreacht,” ar sé.

Tá scannáin de chuid Ford, The Quiet Man ina measc, le taispeáint mar chuid den fhéile, chomh maith le taispeántas grianghraf agus seisiúin plé faoin nasc idir Chois Fharraige agus Portland agus faoi oidhreacht an stiúrthóra. Tá ócáidí do ghasúir á n-eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta chomh maith.

“Ní ócáid acadúil atá i gceist, ní siompóisiam a bheidh ann,” a deir Redmond. “Tá muid ag iarraidh go mbainfidh daoine píosa spraoi as agus go mbeidh ábhar suime ann do mhuintir na háite agus freisin go meallfar daoine chuig an Spidéal.”

I mbun Fhéile John Ford ina theannta tá an déantóir scannán Pat Comer, an Dr. Tony Tracy ó Scoil Scannánaíochta Huston in Ollscoil na Gaillimhe agus Steve Ó Cúláin, Iar-Phríomhfheidhmeanach ar Údarás na Gaeltachta.

Deir Redmond gur raibh sé i gceist ar dtús an fhéile a reáchtáil in 2020 ach gur chuir an phaindéim deireadh leis sin agus gur beartaíodh níos luaithe i mbliana tabhairt fúithi arís.

“Bheadh sé níos fearr dá mbeadh beagáinín níos mó ama againn ach dúirt muid go mbeadh sé níos tábhachtaí tús a chur léi agus féile bheag a bheith againn chun an t-éileamh a mheas,” ar sé. “Tá an-chuid suime ann, caithfidh mé a rá, agus tá tacaíocht iontach faighte againn ó Údarás na Gaeltachta, Fáilte Éireann agus ó na gnólachtaí áitiúla.”

Tá an lucht eagraithe ag díriú ar fhéile na bliana seo a chur i gcrích ar dtús ach deir Redmond go bhféadfaí ócáid bhliantúil a dhéanamh di, má bhíonn na hacmhainní ann.

“Tá an t-ábhar ann chun féile bhliantúil a dhéanamh di, cinnte. Bhí orainn gearradh siar ar rudaí áirithe mar nach raibh an t-am ná na hacmhainní againn.”

– Tá clár na n-imeachtaí ag Féile John Ford ar fáil anseo.

Fág freagra ar '‘Shíníodh sé a ainm ‘John Ford, Hollywood & An Spidéal’ – ceiliúradh le déanamh ar dhuine de laochra na scannánaíochta ar an bhfód dúchais'