‘Shábháil sé beatha daoine’ – an Dr Tony Holohan ag éirí as mar Phríomh-Oifigeach Leighis

Bhí an Taoiseach Micheál Martin i measc na ndaoine a ghabh buíochas leis an Dr Holohan, ar cuireadh aithne mhór air toisc é a bheith i gceannas ar fheachtas an stáit in aghaidh an Covid-19

‘Shábháil sé beatha daoine’ – an Dr Tony Holohan ag éirí as mar Phríomh-Oifigeach Leighis

Tá an Dr Tony Holohan ag éirí as mar Phríomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte.

Fógraíodh inniu go bhfuil an Dr Holohan le ceapadh mar Ollamh le Straitéis agus Ceannaireacht Sláinte Phoiblí i gColáiste na Tríonóide.

Bhí an Taoiseach Micheál Martin i measc na ndaoine a ghabh buíochas le Holohan, ar cuireadh aithne mhór air toisc é a bheith i gceannas ar fheachtas an stáit in aghaidh an Covid-19.

Dúirt an Taoiseach go raibh “níos mó ná scór bliain” de sheirbhís “den scoth” tugtha ag Holohan do mhuintir na hÉireann.

Mhol Micheál Martin an Dr Holohan as a chuid oibre le NPHET agus “a ghairmiúlacht”. Dúirt sé gur duine lách é a raibh cur i láthair “réidh agus stuama” aige a chuir daoine ar a suaimhneas le linn na paindéime.

Mhol an Taoiseach chomh maith an Dr Holohan as a dhiongbháilteacht agus a dhea-chomhairle. Ní raibh aon amhras ach gur chabhraigh sé le “beatha daoine a shábháil” le linn na paindéime, arsa an Taoiseach.

Bhí an Dr Holohan ina Phríomh-Oifigeach Leighis ó 2008 ach d’fhág a ról mar Chathaoirleach ar an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go raibh sé ar an státseirbhíseach is aitheanta sa tír le dhá bhliain anuas agus bhíodh cuid mhaith den phobal ag éisteacht lena chomhairle agus an t-eolas is déanaí uaidh gach tráthnóna le linn na paindéime.

Dúirt sé féin gur “pribhléid mhór” a bhí ann a bheith ina Phríomh-Oifigeach Leighis agus a bheith ag plé le cúrsaí a bhí “an-tábhachtach” do shláinte an phobail.

Mhol sé na daoine a d’oibrigh ina theannta le linn a thréimhse sa phost agus le dhá bhliain anuas go háirithe.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly gur duine cumasach é an Dr Holohan “a d’fhág a lorg go buan ar chúrsaí sláinte in Éirinn”.

Fág freagra ar '‘Shábháil sé beatha daoine’ – an Dr Tony Holohan ag éirí as mar Phríomh-Oifigeach Leighis'