Seoidíní na saothair bheaga ealaíne uile a dhéanann na gasúir…ach teacht orthu

Tá córas deas cartlainne ag ár gcolúnaí… sa leagan dá saol atá ina samhlaíocht aici

Seoidíní na saothair bheaga ealaíne uile a dhéanann na gasúir…ach teacht orthu

Níor thuig mé riamh go dtí an lá cheana cén fáth nach bhfuil mé in ann ord ná eagar de chineál éicint a chur ar na saothair bheaga ealaíne a thugann na gasúir abhaile ón scoil.

Sa leagan de mo shaol atá agam i mo shamhlaíocht, tá bosca deas néata an duine agam dóibh ina gcoinním cuimhneacháin bheaga.

Samhlaím go mbeidh na boscaí agam amach anseo nuair a bheidh na gasúir tógtha is gurb iad a choinneoidh an t-uaigneas ó dhoras. Beidh siad agam mar chosaint in aghaidh na laethanta úd a luaitear sa dán nuair a bheidh ‘an doras glan agus an lámh bheag ar iarraidh’. Beidh mé suite in aice na tine ag breathnú ar na pictiúirí is ag imeacht ar thuras siar ar bhóithrín na smaointe.

Seoidíní iad chuile cheann acu, ar ndóigh, ach nuair a bhíonn fuílleach saibhris agat, bíonn call agat le púitse sábháilte in áit éicint chun ruainne de a chur i dtaisce do lá an ghátair. Cá gcuirfidh tú an rabharta de phictiúirí beaga, daoine cipíneacha, na tithe is na tarracóirí, na plátaí beaga páipéir, iad péinteáilte go grámhar, na ciorcailíní marla agus iad ina ngráinneoga?

Is iomaí plean a shocraigh mé air go dtí seo. Ach níl ag éirí leo.

Chuimhnigh mé ar fhillteán an duine a shocrú suas ina mbeadh na pictiúirí uilig cruinnithe le chéile.

Cheapfá go mbeadh sé breá éasca fillteán a thógáil anuas den tseilf agus na pictiúir a chur isteach ann, de réir mar a thiocfaidís abhaile. Ach tá sé faighte amach agam, dá éasca é córas na bhfillteán, tá sé níos éasca arís na pictiúir a shacadh isteach i gcúinní beaga anseo is ansiúd ar fud an tí de réir mar a thagann siad chugat.

Is mar gheall ar an gcur chuige sórt ad hoc seo go bhfaighfeá ceann sáite taobh thiar den bhosca tae i gcófra amháin, ceann eile in aice leis an mbuidéal fairy liquid sa gcófra faoin doirteal. B’fhéidir go bhfaighfeá péire thíos i do mhála, ceann i do phóca agus trí cinn nó ceithre cinn sáite síos idir na cúisíní ar an tolg.

Cheap mé ar dtús gurbh é an t-údar a bhí leis an easpa dul chun cinn i bhfís seo na mboscaí cartlainne ná go dtosaíonn mo shúil chlé ag preabadh in aghaidh mo thola má chloisim an focal ‘comhdú’.

Tosaíonn preab sa dá shúil má chloisim ‘in ord aibítre’, is ní chreidfeá chomh deacair is atá sé cartlann ealaíne a chur le chéile agus preab sa dá shúil agat.

Thóg mé cóta amach as an gcófra an lá cheana nár chaith mé le cúpla bliain agus nuair a chuir mé mo lámh isteach sa bpóca tháinig mé trasna ar bhláithín beag páipéir a thug Beainín na Naíonáin Bheaga abhaile chugam lá. Níl ann ach cúpla bliain ó shin ach tá an naíonán a thug an bláth sin dom imithe cheana féin agus tá cailín beag tagtha ina háit.

Thuig mé sa deireadh thiar cén fáth nach bhfuil ag éirí liom bosca cuimhneacháin a réiteach, agus ní cheal fillteán, ná córais ná sellotape é. Tá drogall orm roimh an lá nach mbeidh na pictiúir bheaga ag teacht níos mó agus níl mé ag iarraidh cuimhneamh air. Fós.

Fág freagra ar 'Seoidíní na saothair bheaga ealaíne uile a dhéanann na gasúir…ach teacht orthu'

  • Liz

    Álainn ar fad.
    Is féidir liom ionnanú leat