Seo na suíomhanna idirlín is fearr don tsiopadóireacht faisin…

Tá ár gcomhfhreagraí meallta ag an éascaíocht a bhaineann le cliceáil ar shuíomh gréasáin seachas a bheith ag streachailt le málaí ar fud an bhaile mhóir

Seo na suíomhanna idirlín is fearr don tsiopadóireacht faisin…

Bhí grúpa againn, mná óga sna fichidí agus sna tríochaidí, ag caint le gairid faoi chomh hannamh is a thugann muid cuairt ar shiopaí faisin anois. Ba ar líne a roghnaigh muid ar fad an t-éadach a bhí á chaitheamh againn agus muid ag baint buntáiste as an éascaíocht a bhaineann le cliceáil ar shuíomh gréasáin seachas a bheith ag streachailt le málaí ar fud an bhaile mhóir. Tá forbairt mhór tagtha le roinnt blianta ar an gcóras seachadta atá ag na comhlachtaí faisin agus é éasca go maith agus saor go leor earraí nach dtaitníonn le duine a sheoladh ar ais.

Céard iad na láithreáin ghréasáin is fearr liom féin don tsiopadóireacht faisin? Seo liosta agus nasc chuig na deich cinn is minice a dtugaim cuairt orthu.   

 

www.asos.com 

Seo mo chéad rogha go cinnte mar go bhfuil earraí faisin ar fáil ann ó 850 branda difriúil. Tá rogha ann de tháirgí saora agus daora. Seachadtar saor in aisce gach ordú os cionn €25 agus mura bhfeileann na hearraí do dhuine is féidir iad a sheoladh ar ais saor in aisce freisin.

 

 

www.stories.com

Tá caighdeán na n-éadaí ar an suíomh seo thar cionn ar fad agus iad an-fhaiseanta i gcónaí. Níl ach aon siopa amháin faoin mbranda ‘& Other Stories’ ag an gcomhlacht sa tír seo, ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath, agus ní maith a oireann sin dúinne ar fad a chónaíonn faoin tuath. 

 

 

www.zara.com

Is minic a bhíonn siopaí Zara gnóthach go maith agus dá bharr sin ní minic leo a bheith chomh néata slachtmhar agus ba cheart dóibh a bheith. Bíonn sé deacair go leor gach rud a fheiceáil iontu, go háirithe na bróga. Tá an suíomh gréasáin ar fheabhas, an-néata agus tá na pictiúir iontach ar fad.

 

 

www.wolfandbadger.com

Is fiú go mór dóibh siúd ar maith leo éadach a cheannach ó bhrandaí neamhspleácha in áit brandaí cáiliúla na príomhshráide súil a chaitheamh ar Wolf & Badger. Tá 600 branda neamhspleách faoin aon díon idirlín amháin acu agus iad ar fad difriúil.

 

 

www.vestiairecollective.com

Más breá leat éadach ó bhrandaí mór le rá a bhfuil cáil na galántachta orthu ach nach bhfuil saibhreas mór airgid agat, tá Vestiaire Collective iontach ar fad. Díolann siad earraí athláimhe faisin ó na comhlachtaí móra. Bíonn déantús na n-earraí ar fad a dhíolann siad deimhnithe acu i bPáras, mar sin ní bheadh aon chall imní duit gur earraí bréige a bheadh á gceannach agat.

 

 

www.matchesfashion.com
Seo suíomh a mbainfidh an chuid sin de léitheoirí Tuairisc.ie a bhfuil neart airgid acu sásamh as! Tá earraí ó 450 branda cáiliúil ar nós Gucci, Prada agus Balenciaga ar fáil ar Matches Fashion. Fiú an té nach bhfuil an t-airgead aici níl locht ar bith ar a bheith ag brionglóideach agus cá bhfios nach mbeidh na huimhreacha agat sa chrannchur náisiúnta lá de na laethanta.

 

 

www.boohoo.com

Seo an suíomh dóibh siúd gur mhaith leo na héadaí faiseanta is deireanaí a cheannach ach iad a bheith an-saor.  Tá boohoo.com ar fheabhas do dhaoine óga atá ag iarraidh feisteas faiseanta d’oíche ‘amuigh’ ach mar a thuigfí ón bpraghas íseal, ní bhíonn ardchaighdeán ag baint le héadach an tsuímh seo go minic.

 

www.next.ie

B’fhéidir gur ábhar iontais a bheadh ann do roinnt daoine go roghnóinn an suíomh seo ach caithfidh mé a admháil go bhfuil sé thar cionn.  Tá na mílte rogha ann d’éadach nach bhfuil ar fáil i siopaí Next féin agus tá brandaí eile seachas a gcuid féin ann chomh maith. An-rogha é seo le héadach d’obair oifige a aimsiú.

 

www.cosstores.com 

Tá Cos ar cheann de na siopaí éadaigh is fearr ar fad liom agus chaithfinn é a chur san áireamh sa liosta seo. Tá an t-éadach anseo ar chaighdeán iontach agus faiseanta ach fós sách simplí mar sin mairfidh na hearraí ar feadh na mblianta fada. Suíomh eile é seo ar a mbíonn i bhfad níos mó earraí le fáil i gcónaí ná mar a bhíonn ina gcuid siopaí in Éirinn.

Fág freagra ar 'Seo na suíomhanna idirlín is fearr don tsiopadóireacht faisin…'