Tá trí ainm Gaeilge i measc na n-ainmneacha atá roghnaithe ag Met Éireann, i gcomhar le Met Office na Breataine agus KNMI na hÍsiltíre, do na stoirmeacha geimhridh a bheidh chugainn an séasúr seo.
‘Fionnuala’, ‘Oscar’, agus ‘Tadhg’ na hainmneacha Gaeilge atá ann i mbliana. Roghnaigh Met Éireann seacht n-ainm ar an liosta 21 ainm – Bram, Fionnuala, Gerard, Kasia, Marty, Patrick agus Tadhg. Cé gur ainm Gaeilge é ‘Oscar’ ba é Met Office na Breataine a roghnaigh an ceann sin. Is iad na hainmneacha eile atá roghnaithe Amy, Chandra, Dave, Eddie, Hannah, Isla, Janna, Lilith, Nico, Ruby, Stevie, Violet, agus Wubbo.
Beidh na hainmneacha in úsáid do na stoirmeacha a thiocfaidh i dtír in Éirinn, sa Bhreatain, agus san Ísiltír i gcaitheamh na bliana amach romhainn, ón 1 Meán Fómhair 2025 go dtí an 31 Lúnasa 2026.
Sé stoirm ar fad a tháinig i dtír i gcaitheamh an tséasúir seo caite: Ashley, Bert, Conall, Darragh, Éowyn, agus Floris. I mí Dheireadh Fómhair a tháinig Ashley, d’fhág Darragh go leor de mhuintir an iarthair gan cumhacht agus gan uisce ag tús mhí na Nollag, ach ba í Éowyn an stoirm ba mheasa a tháinig i dtír in Éirinn le fada an lá agus rinne sí scrios go forleathan.
Ba é an líon ba mhó stoirmeacha a in aon bhliain amháin ó tugadh isteach córas na n-ainmneacha stoirme in 2015 ná 14 in 2023/2024. Ar an meán, bíonn ocht stoirm ainmnithe ann in aon séasúr amháin.
Ba í an bhliain 2015/2016 an bhliain ba mheasa stoirmeacha ó thaobh nirt de. Bhí naoi gcinn de na 11 stoirm a tháinig i dtír an bhliain sin os cionn fórsa 10. Bhí ceithre cinn de na sé stoirm a tháinig i dtír anuraidh os a chionn sin.
Is iad oifigigh Met Éireann a roghnaíonn na hainmneacha a chuirfidh Éire chun cinn go hiondúil ach i mbliana, mar gheall go bhfuil deich mbliana ann ó cuireadh tús le córas na stoirmeacha ainmnithe, iarradh ar an bpobal moltaí a sheoladh isteach. Fuarthas 10,000 moladh ó 4,137 duine agus astu sin a roghnaíodh na seacht n-ainm a chuir Met Éireann ar an liosta.
Moladh ‘Bram’ in ómós an údair Éireannaigh Bram Stoker; mhol duine eile ‘Fionnuala’ as a n-iníon féin; mhol cairde agus gaolta duine darbh ainm ‘Gerard’ an t-ainm sin mar chomhartha tacaíochta dó agus é thíos leis an ailse; moladh an t-ainm Polainnise Kaisa le haitheantas a thabhairt do dhaoine as tíortha eile atá ina gcónaí in Éirinn; mhol garpháiste duine darbh ainm ‘Marty’ a ainm siúd in ómós a seanathar; mhol go leor daoine an t-ainm ‘Patrick’ mar gheall ar Phádraig Naofa, éarlamh na hÉireann; agus mhol seantuismitheoir ainm a ngarmhic ‘Tadhg’.
Ghabh Met Éireann buíochas mór le muintir na hÉireann as páirt a ghlacadh sa phróiseas roghnúcháin agus gheall siad go bhfillfidh siad ar an liosta 10,000 ainm sna blianta amach romhainn agus na stoirmeacha atá le teacht á n-ainmniú acu.
Fág freagra ar 'Seo chugainn Tadhg na Buile – ainmneacha stoirmeacha an gheimhridh fógartha ag Met Éireann'