Seisear Teachtaí nuathofa roghnaithe ar choiste nua Gaeilge an Oireachtais

Peadar Tóibín, Catherine Connolly agus John Connolly an triúr Teachtaí Dála ar an gcoiste a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina dtoghcheantair

Seisear Teachtaí nuathofa roghnaithe ar choiste nua Gaeilge an Oireachtais

Teachtaí Dála nua iad seisear den naonúr Teachtaí atá roghnaithe mar bhaill de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais.

Rinneadh na baill den choiste do thréimhse seo na Dála a roghnú ag cruinniú de Choiste Gnó na Dála le gairid.

Is í an Teachta Neamhspleách Catherine Connolly a bheidh ina cathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Bhí Connolly, Teachta do Ghaillimh Thiar ina bhfuil an pobal Gaeltachta is mó sa tír, ina cathaoirleach ar choiste Gaeilge an Oireachtais roimhe seo idir 2016-2020.

Tagann sí i gcomharbacht mar chathaoirleach ar an gcoiste ar an Teachta Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin. Tá Ó Snodaigh roghnaithe arís mar bhall den choiste don tréimhse seo.

Is é an Teachta Dála Barry Ward an t-aon duine eile a bhí ina bhall den choiste sa Dáil dheireanach. Is ina sheanadóir a bhí Ward an uair sin ach bhuaigh sé suíochán d’Fhine Gael i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin san olltoghchán deireanach.

Is iad Naoise Ó Muirí (FG – Cuan BÁC Thuaidh), Naoise Ó Cearúil (FF – Cill Dara Thuaidh), Shane Moynihan (FF – BÁC Thiar-Meán), John Connolly (FF – Gaillimh Thiar) agus Shónagh Ní Raghallaigh (SF – Cill Dara Theas) na Teachtaí nuathofa eile atá ar an gcoiste.

Roghnaíodh ceannaire Aontú, Peadar Tóibín (An Mhí Thiar), ar an gcoiste Gaeilge chomh maith. Bhí sé ina bhall den choiste freisin idir 2016-2020.

Triúr de na Teachtaí ar an gcoiste nua, Peadar Tóibín agus an bheirt Connolly ó Ghaillimh Thiar, a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina dtoghcheantair.

Gaeilgeoirí uile iad na naonúr Teachtaí. Roghnaíodh an Teachta Danny Healy-Rae ar an gcoiste deireanach in ainneoin nach raibh aon Ghaeilge aige.

Caithfear roghnú na dTeachtaí a dheimhniú le vóta Dála an tseachtain seo. Tá cúigear seanadóirí fós le ceapadh ar an gcoiste chomh maith.

Ní gá do Theachta a bheith ina bhall den choiste chun freastal ar chruinnithe.

Tá beirt de bhaill an choiste Gaeilge ina gcathaoirligh ar choistí eile. Tá Barry Ward roghnaithe ag Fine Gael le bheith ina chathaoirleach ar an gcoiste Gnóthaí Eorpacha agus Naoise Ó Muirí ina chathaoirleach ar an gcoiste Aeráide, Comhshaoil agus Fuinnimh.

Tá an Teachta Dála ó Mhúscraí, Aindrias Moynihan Fhianna Fáil, ainmnithe ina chathaoirleach ar an gcoiste Talmhaíochta agus Bia agus fear na Rinne, Conor D. McGuinness Shinn Féin ainmnithe ina chathaoirleach ar an gcoiste nua Iascaireachta agus Gnóthaí Mara.

Fág freagra ar 'Seisear Teachtaí nuathofa roghnaithe ar choiste nua Gaeilge an Oireachtais'