‘Secret in their Eyes’ – rún a scaoileadh cheana nach fiú súil a chaitheamh arís air…

LÉIRMHEAS: N’fheadar uaireanta cén neamh-mheabhair a bhíonn ar lucht na gcultacha agus na gcarbhat go n-éilíonn siad athdhéanamh ar tháirgí a tharraing aird i dteangacha eile?

still-of-nicole-kidman-julia-roberts-and-chiwetel-ejiofor

Secret in their Eyes
Stiúrthóir: Billy Ray
Cliar: Chiwetel Ejiofor, Nicole Kidman, Julia Roberts, Dean Norris, Alfred Molina, Michael Kelly.

Nach léanmhar turnamh na dtréan. Tráth dá raibh b’iad Nicole Kidman agus Julia Roberts banríonacha Hollywood. Rólanna a mheallfadh Oscar á dtairiscint dóibh ar dalladh agus táillí sna milliúin á leanúint. Cé nach bhfuilid imithe go fóill ná an diabhal é, tá a stádas ídithe go mór.

Le blianta tá mná d’aois áirithe ag cáiseamh a laghad rólanna le dealramh atá ann dóibh agus an taoide ag sleamhnú uathu ar fad, seachas Meryl Streep. Ní hamhlaidh atá do na fearaibh, ach sin scéal eile, agus tá an taoide ag breith ar Julia agus Nicole.

Raideadh Julia Roberts i lár an aonaigh i 1990 le Pretty Woman agus an t-ainmniúchán Oscar a lean é. Thar na blianta fuair sí dhá ainmniúchán eile mar aon leis an gcreach a thabhairt léi do Erin Brokovich i 2001.

Bhí saol aisteoireachta Nicole Kidman in airde láin timpeall an ama céanna agus cé gur mhó a cáil ar feadh blianta mar bhean chéile Tom Cruise bhain sí an bláth de ar feadh scaithimh ina dhiaidh sin.

Bhuaigh sí féin Oscar dá léiriú iontach ar Virginia Woolf in The Hours (2002) mar aon le hainmniúcháin a ghnóthú do Moulin Rouge (2001) agus Rabbit Hole (2010).

Gan amhras bhí táirgí gan dealramh i gcaitheamh na mblianta agus bhí an mí-ádh le hÉirinn gur thángadar anseo dá dtaispeántais leachta agus tuineacha cainte áiféiseacha. Julia Roberts taobh le Liam Neeson in Michael Collins (1996) agus Nicole Kidman ag teacht go hIarthar Dhuibhneach le Tom do Far and Away (1992).

Creid é nó ná creid, seo an chéad uair ag an mbeirt phiarda móra seo a bheith ar scáileán le chéile agus is léiriú ar an méid thuas gur thoiligh siad a bheith páirteach i saothar a bhí chomh neafaiseach sin.

N’fheadar uaireanta cén neamh-mheabhair a bhíonn ar lucht na gcultacha agus na gcarbhat go n-éilíonn siad athdhéanamh ar tháirgí a tharraing aird i dteangacha eile.

Tá seo déanta acu cheana le táirgí ó na tíortha Lochlannacha agus an babhta seo táthar tar éis greim a bhreith ar scannán breá Airgintíneach a bhuaigh duais Oscar sé bliana ó shin.

Sa leagan seo dírítear ar bhuíon frithsceimhlitheoireachta atá ag obair faoi stiúir ionchúisitheoir dúiche Los Angeles. Nuair a dhúnmharaítear iníon le duine acu déantar sraith eachtraí a chur sa tsiúl a thagann chun críche blianta ina dhiaidh sin.

Táirge sollúnta atá in ainm is a bheith anseo agus cíoradh á dhéanamh ar nádúr agus gluaiseacht an bhróin is an chumha, ach sleamhnaíonn sé i dtreo an mhéaldráma, na háiféise agus na seanchaiteachta.

Déantar sin a dhalladh le hiardhearcaí chun eachtraí an lae inniu a nascadh leis an tragóid a tharla i 2002. Ina theannta sin déantar iarracht chiotach an neamh-mheabhair faoin sceimhlitheoireacht, a bhí go mór i dtreis ag an am, a chniotáil isteach sa scéal.

É sin ar fad gan trácht ar scéal grá a bhí neamhoiriúnach.

Cliar cumasach bailithe le chéile agus faoi mar a luadh thuas tá a ndintiúir ag an mbeirt cheann feadhna baineanna ach táid ag broic le scéal agus script nach bhfuil thar mholadh beirte.

Éiríonn seanmóireacht agus ceartaiseacht Ray (Ejiofor) tuirsiúil agus ní bhaintear a dhóthain adhmaid as Norris agus Kelly, aisteoirí iontacha atá tar éis go leor cáile a bhaint amach dóibh féin dá gcarachtair agus aisteoireacht in Breaking Bad agus House of Cards faoi seach.

Go minic ní fiú saothar cumasach a athdhéanamh agus má tá an taoide ag sleamhnú uait ba cheart roghanna níos stuama a dhéanamh.

Fág freagra ar '‘Secret in their Eyes’ – rún a scaoileadh cheana nach fiú súil a chaitheamh arís air…'

  • padraig

    An cheist na cad a thug orthu bheith rannphairteach in a leitheid de ghlogar? Is amith a bhi’s acu, ni folair, na deanfad se scannan ro-mhaith. An amhlaidh nach bhfuil na cearca ag breith a thuilleadh dhoibh? An cuma iad no na polaiteoiri (bochta:feach a nduirt David Norris)) a sleamhnaionn a suiochan Dala uathu agus a chaitheann filleadh ar mhargadh an tsaothair arist? A na truain, fe mar duirt Joan Collins trath da raibh an taoide traite go maith uaithi agus deora lena suile ‘nil ach an t-aon mhilliun-in amhain fagtha agam!