Seasaimis anois do Phaul O’Connell…

Tá sé i gceist ag lucht leanta na hÉireann a bheas i Staid na Mílaoise inniu éirí ina seasamh agus cúig nóiméd caite d’fhonn bualadh bos croíúil a thabhairt don Uimhir 5 ab fhearr a bhí riamh acu. Cuma cá bhfuil tú, déan amhlaidh…

“Is imreoir é a bhfuil sé an-éasca imirt leis mar gur eiseamláir ag an gcuid eile againn é. Tá sé sa mianach aige agus is beag comhairle is gá a chur air.”

Is iomaí sin focal moltach atá ráite agus scríofa faoi Paul O’Connell le cúpla lá anuas ó tháinig sé chun solais go bhfágann an gortú a bhain dó in aghaidh na Fraince Dé Domhnaigh seo caite go bhfuil a chuid imeartha le HÉirinn tagtha chun críche, ach b’fhéidir go gcuirfeadh sé iontas ort go bhfuil sé os cionn 13 bliana ó déanadh an chaint thuas – captaen na hÉireann, Mick Galwey ag moladh Uí Chonaill agus imeartha aigesean d’Éirinn den chéad uair.

Go deimhin, scóráil Paul úd i liúradh 54-10 a thug Éirinn don Bhreatain Bhig i gCraobh na 6 Náisiún an lá sin. Bhí ceann faighte roimhe ag Geordan Murphy, slánaithe ag David Humphries a raibh dhá chic éirice scóráilte freisin aige faoin am ar ghlac O’Connell an liathróid go hard sa síneadh amach agus go ndearna sé a bhealach trasna an líne chun tús 18-0 a thabhairt dá fhoireann.

Ní móide gur thug an méid sin ar fad le fios dúinne a bhí ar Pháirc Bhóthar Lansdúin nó ag breathnú ar an teilifís go raibh duine de mhórlaochra spóirt ár linne tagtha inár láthair, ach bheadh nod faighte againn dá mbeadh muid lán eolach ag an am faoina raibh tite amach díreach roimh an scór agus a raibh le tarlú ina dhiaidh.

Ní raibh caite ach cúig nóiméad san imirt nuair a theangaigh uillinn Craig Quinnell le cloigeann Uí Chonaill agus nuair a shiúil seisean amach den pháirc 25 nóiméad dar gcionn, ní raibh cuimhne dá laghad aige ar aon rud a tharla idir an dá linn – níor chuimhin leis aon chuid den imirt a bhí déanta aige, ní áirím scór a bheith faighte aige sa gcéad chluiche idirnáisiúnta a d’imir sé.

Bhí Galwey ceart. Bhí an mianach ann, ach ní móide gur thuig ‘Gaillimh’ féin cé mhéid dó, nó cén mhisneach a bhí ar chúl na súile gléineacha gorma sin a bhíodh ag stánadh amach as clár a éadain agus O’Connell  ag éisteacht le hAmhrán na bhFiann, nó i ngeansaí dearg na Mumhan.

D’fhág an gortú a bhain dó nár imir O’Connell in aghaidh Shasana ná in aghaidh na hAlban i 2002, ach ráithe dar gcionn, d’imir sé i gCluiche Ceannais Choirn Heineken den chéad uair – bhuaigh Leicester ar Chúige Mumhan 15-9, sa gcluiche cáiliúil ar láimhseáil Neil Back an liathróid sa gclibirt i ngan fhios don réiteoir.

Bhí turas tugtha aige ar an Nua-Shéalainn leis na Leoin agus an Choróin Thriarach buaite aige le hÉirinn faoin am ar fhill sé ar Stáid na Mílaoise agus ar Chluiche Ceannais Heineken i 2006. Ba é Anthony Foley captaen na Mumhan faoin tráth seo. Biarritz a chuir tús leis an gcluiche agus tar éis do na Muimhnigh seilbh na liathróide a ghabháil as sin, chiceáil Ronan O’Gara ar ais í – go domhain i leath na bhFrancach.

Bhailigh builcín beag de thosaithe na Mumhan timpeall ar a gcaptaen agus thosaigh ag sodar go mall i dtreo na háite a mbeadh an síneadh amach. “Are we ready lads?”, a d’fhiafraigh Foley. “We’re ready Axel, if you’re ready,” a d’fhreagair O’ Connell agus é le cloisteáil ar an ref-link a bhí báite i mo chluas in airde i limistéar an phreas.

Dhá uair an chloig ina dhiaidh sin, bhain bád-rugbaí na Mumhan ceann cúrsa amach ar aistear a bhí tosaithe deich mbliana roimhe agus ina raibh dhá amharc ar Thír Tairingire faighte acu, ach gur fhág Back agus roimhe Northampton (2000) nár tháinig siad le cé inti.

Ba é O’Connell captaen na hÉireann nuair a himríodh an chéad chluiche rugbaí riamh ar Pháirc an Chrócaigh ar an 11ú Feabhra 2007 agus ba é ‘Laoch na hImeartha’ nuair a bhuaigh siad ar Shasana ansiúd coicís dar gcionn.

Faoin am ar thug na Muimhnigh an chéad chuairt isteach i leath Toulouse i Stáid na Mílaoise faoi Bhealtaine 2008 agus Corn Heineken i ndán dóibh den dara huair, bhí Axel Foley éirithe as agus ba é O’Connell anois a bhí chun cinn sa sodar mall chuig an síneadh amach.

Mheas mé riamh go mbíodh cuma níos fíochmhaire air i ngeansaí dearg a chúige ná a bhíodh i gceann glas na hÉireann agus chomh maith leis na cuimhní cinn a bheas fanta inár n-intinn dá bharr sa dá dhath, mairfidh freisin an bailiúchán grianghrafanna a thugann léiriú ar a dhúthracht, ar a dhíograis, ar a neart agus ar a mhisneach.

Ar an gceann is ansa liom tá pictiúr de Peter Stringer agus é fáiscthe isteach in ascaillí Uí Chonaill agus Donncha O’Callaghan agus an t-amhrán náisiúnta á sheinm i mBóthar Lansdúin.

Bhí an t-ádh ceart linn agus deis a bheith againn é a fheiceáil ag imirt agus déarfainn gurb é féin, Brian O’Driscoll, Sonia O’Sulivan, Seán Kelly  agus George Best an cúigear lúthchleasaí Éireannach ab fhearr a chonaic mé i mbarr a maitheasa.

Cloisim go bhfuil sé i gceist ag lucht leanta na hÉireann a bheas i Staid na Mílaoise inniu éirí ina seasamh agus cúig nóiméd caite in aghaidh na hAirgintíne d’fhonn bualadh bos croíúil a thabhairt don Uimhir 5 ab fhearr a bhí ar a bhfoireann riamh.

Cuma cá bhfuil tú, ag breathnú ar an teilifís sa mbaile nó sa bpub, ag siúl an bhóthair nó ar chúl an roth déan amhlaidh.

Ach, mar a deir bean na ‘rindabites’ ar AA Roadwatch, “not while driving”! 

Fág freagra ar 'Seasaimis anois do Phaul O’Connell…'