Seans ar áit i gcluiche ceannais na hÉireann do Naomh Abán

Imreoidh mná Naomh Abán i gcluiche leathcheannais Chraobh Shóisir Peile na hÉireann tráthnóna agus tá fir an Chlocháin Léith in aicsean freisin i gCraobh Uladh

Seans ar áit i gcluiche ceannais na hÉireann do Naomh Abán

Corcaigh 

Tá mná Naomh Abán sa tóir ar áit i gcluiche ceannais na hÉireann agus iad ag dul chun páirce i mbabhtaí leathcheannais na craoibhe sóisir tráthnóna amárach. Is in aghaidh sheaimpíní Mhuineacháin agus Uladh, Fág An Bealach, Baile na Lorgan, a bheidh foireann na Gaeltachta i gcluiche a bheidh á imirt acu sa bhaile i mBaile Bhuirne. 

Tá trí seachtaine ann ó thug Naomh Abán leo Craobh na Mumhan, lá a bhfuair siad an ceann is fearr ar Úlla as Luimneach. Bhuaigh Baile na Lorgan cluiche ceannais Uladh an deireadh seachtaine céanna ach tá cluiche eile imeartha acusan idir an dá linn agus an ceann is fearr faighte acu ar Chraobh Rua na Beilge i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. 

Scóráil na hUltaigh 2-19 sa chluiche sin agus naoi bpointe aimsithe ag an lántosach Jodie McQuillan, a bhíonn ag imirt d’fhoireann shinsir Mhuineacháin. Ní raibh Baile na Lorgan gan locht sa chluiche céanna agus ghéilleadar cúig chúl, laige ar a mbeidh Naomh Abán ag iarraidh teacht i dtír. 

Cinnte tá an cumas ag lántosach na foirne, Lydia Ní Dhonnacha, na bearnaí a aimsiú i gcosaint Bhaile na Lorgan, mar atá déanta go minic aici sa chraobh go dtí seo. 

D’fhág an drochaimsir gur cluiche géar, crua a bhí i gcluiche ceannais an chúige ach tháinig Naomh Abán slán le cúpla pointe ar deireadh, 0-7 in aghaidh 0-5. Rachaidh an taithí sin chun tairbhe dóibh má bhíonn géarchoimhlint eile rompu. 

Ní fios fós cén tionchar a bheidh ar an turas ó Bhaile na Lorgan go Baile Bhuirne ar an bhfreasúra, go háirithe agus an cluiche le tosú luath san iarnóin, ag 1.30in. 

Dé Domhnaigh, 26 Samhain 

Craobh Shóisir Peile Ban na hÉireann 

Naomh Abán v Fág An Bealach, Baile na Lorgan – Baile Bhuirne, 1.30in

Dún na nGall 

Is iad an Clochán Liath an t-aon chumann as Dún na nGall atá fágtha i gcomórtais peile Uladh agus tá seans acu cluiche ceannais an chúige a bhaint amach má fhaigheann siad an ceann is fearr ar Ghallbhuaile as Tír Eoghain sna babhtaí leathcheannais. 

Bhí ar an gClochan Liath teacht aniar a dhéanamh i gcoinne Dhún Lathaí sna babhtaí ceathrú ceannais. Bhí na Conallaigh 0-6 in aghaidh 0-3 chun deiridh ag leath ama ach chuir siad rudaí ina gceart sa dara leath agus d’aimsigh 1-8 sa 30 nóiméad sin chun ceannas a thógáil ar an gcoimhlint. 

Beidh an bua sin tar éis an-spreagadh a thabhairt don Chlochán Liath, a bhuaigh an Chraobh Idirmheánach i nDún na nGall i mbliana tar éis dóibh cluiche ceannais na bliana seo caite a chailliúint, ach tá dúshlán mór rompu más leo Gallbhuaille a shárú. 

Bhí bua ollmhór ag na Piarsaigh sna babhtaí ceathrú ceannais agus 7-12 acu in aghaidh sheaimpíní Dhoire, Gleann An Iolair, cúpla seachtain ó shin agus tá taithí acu ar fhoirne as Tír Chonaill a imirt tar éis dóibh Naomh Náille a shárú i gCraobh Uladh trí bliana ó shin. 

Dé Domhnaigh, 27 Samhain 

Craobh Idirmheánach Peile Uladh 

An Clochán Liath v Piarsaigh Ghallbhuaile – Páirc na gCeilt, 4.00in

Fág freagra ar 'Seans ar áit i gcluiche ceannais na hÉireann do Naomh Abán'