Seans ag Gaillimh agus Ciarraí ar áit sa chluiche ceannais

Ocht n-áit atá ar fáil i gcluichí ceannais Ranna 1, 2, 3 agus 4, agus níl ach Maigh Eo (Roinn 1), Doire (Roinn 2) agus An Cabhán (Roinn 3) cinnte d’áit

Seans ag Gaillimh agus Ciarraí ar áit sa chluiche ceannais

Seo chugainn babhta deireanach na sraithe peile náisiúnta agus cuid mhaith fós le socrú idir seo agus tráthnóna.

Ocht n-áit atá ar fáil i gcluichí ceannais Ranna 1, 2, 3 agus 4, agus níl ach Maigh Eo (Roinn 1), Doire (Roinn 2) agus An Cabhán (Roinn 3) cinnte go mbeidh siad ag dul chomh fada le Páirc an Chrócaigh chun deis a fháil corn sraithe a bhuachan.

Tá géar-iomaíocht ann i Roinn 4 agus ceithre fhoireann fós sa tóir ar áit i gcluiche ceannais agus ardú céime go dtí Roinn 3. Tá cúig chluiche as sé cinn buaite ag Sligeach ach má chailleann siad in aghaidh Liatroma i gCora Droma Rúisc inniu, gach seans gur bliain eile i Roinn 4 a bheidh i ndán dóibh. Rachaidh Liatroim chun tosaigh ar Shligeach má bhuann foireann Andy Moran agus, má bhuann Laois ar Londain, agus gach seans go mbuafaidh, léimfidh fir Laighean chun tosaigh ar Liatroim chomh maith. Tá Cill Mhantáin san iomaíocht d’ardú céime freisin ach bheadh bua ollmhór sna Déise ag teastáil chun an beart a dhéanamh.

I Roinn 3, d’fhéadfadh Fear Manach ardú céime go dtí Roinn 2 a fháil chomh fada is nach gcailleann siad in aghaidh an Chabháin, atá cáilithe cheana féin. Má bhuann fir Bhréifne, tá deis ag Uíbh Fhailí ar ardú céime chomh fada agus go mbuann siad ar an Dún.

Tá rudaí simplí go maith i Roinn 2. Chaill Áth Cliath an deis an t-ardú céime a chinntiú in aghaidh Dhoire an tseachtain seo caite agus caithfidh siad an bua a fháil inniu in aghaidh chontae an Lú i bPáirc an Chrócaigh. Má bhuann foireann Mickey Harte, iadsan a bheidh ag dul suas go Roinn 1 le Doire.

Sa phríomhroinn, tá ceithre fhoireann a bhfuil seans acu go fóill aghaidh a thabhairt ar Mhaigh Eo i gcluiche ceannais na sraithe. Gaillimh atá sa dara háit faoi láthair agus má éiríonn leo Ciarraí a shárú i Staid an Phiarsaigh tráthnóna, nó má chríochnaíonn siad ar comhscór, is iad na Gaillimhigh a bheidh le Maigh Eo sa chluiche ceannais.

Níl ann ach mí ó bhí Pádraic Joyce ag rá go mbeadh sé breá sásta dá n-éiríodh le Gaillimh fanacht sa phríomhroinn. Bhí cúpla toradh maith ag an bhfoireann ó shin, áfach, agus an ceann is fearr faighte acu ar Ard Mhacha agus ar Mhuineachán le deireanaí. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil foirne áirithe ann arbh fhearr leo gan cluiche ceannais na sraithe a bhaint amach toisc go bhfuil muid chomh gar do thús na craoibhe ach déarfá nach gcuirfeadh an cluiche breise isteach rómhór ar Joyce. Tá sé ráite aige go minic go bhfuil sé ag iarraidh coirn a bhuachan le Gaillimh agus ní bheidh Gaillimh ag imirt i gCraobh Chonnacht go dtí na babhtaí leathcheannais ar an 22 Aibreáin, coicís théis leithéidí Mhaigh Eo agus Ros Comáin.

Fear eile é Jack O’Connor a bheadh ag iarraidh cluiche ceannais a bhaint amach agus an deis sin ag Ciarraí. Chuir fir na Ríochta drochthús leis an tsraith ach má bhuann siad ar Ghaillimh inniu, agus ag brath ar thorthaí Thír Eoghain agus Ros Comáin, beidh áit sa chluiche ceannais acu. Ar ndóigh, bhuaigh Ciarraí ar Mhaigh Eo i gcluiche ceannais na sraithe anuraidh, rud a thug misneach dóibh don chraobh.

Tá Tír Eoghain agus Ros Comáin san iomaíocht d’áit sa chluiche ceannais go fóill freisin ach caithfidh siad a gcluichí a bhuachan inniu agus fiú ansin bheadh difríocht na scór i gceist.

Níl Ros Comáin slán ón ísliú céime go fóill ach an oiread. Beidh siad togha chomh fada is nach gcailleann siad sa bhaile in aghaidh Dhún na nGall ach, má tharlaíonn sin, d’fhéadfadh siad a bheith i dtrioblóid. Bheadh bua ollmhór ag teastáil ó na Conallaigh chun teacht slán, agus fiú ansin chaithfeadh na torthaí a bheith ina bhfabhar i gcluichí eile. Caithfidh Muineachán buachan ar Mhaigh Eo chun fanacht i Roinn 1 ach d’fhéadfadh siad dul síos fós féin dá mbuafadh Ard Mhacha ar Thír Eoghain.

Cluichí ar an teilifís

Dé Domhnaigh, 26 Márta

Sraith Peile Allianz Roinn 1

Gaillimh v Ciarraí – Staid an Phiarsaigh, 1.45in (Beo ar TG4)
Tír Eoghain v Ard Mhacha – Ómaigh, 1.45in (BBC iPlayer)

Sraith Peile Allianz Roinn 2

Áth Cliath v An Lú – Páirc an Chrócaigh, 2.00in (Seinnteoir TG4)

Fág freagra ar 'Seans ag Gaillimh agus Ciarraí ar áit sa chluiche ceannais'