Líon na suíochán: 3
Tá roinnt athruithe curtha ar an Dáilcheantar ó 2020. An t-athrú is mó go bhfuil Baile an Chollaigh ar imeall na cathrach, áit a bhfuil 13,000 vóta ann, aistrithe go Corcaigh Thuaidh-Lár. Tá beirt den triúr a toghadh in 2020 ag seasamh in athuair, i an fear Gaeltachta Aindrias Moynihan (FF) ó Chúil Aodha agus Michael Moynihan (FF) ó Choiscéim na Caillí. Aonar déag (11) atá san iomaíocht. Tá an t-iar-aire Michael Creed (FG) ag éirí as ach ag seasamh ina áit tá a chol ceathar, an comhairleoir Michael Óg Creed (FG) as Maigh Chromtha. Ní raibh aon iarrthóir ag Sinn Féin sa Dáilcheantar seo an uair dheireanach ach tá an uair seo, Nicole Ryan (SF). Is idir Fianna Fáil agus Fine Gael a bhíonn roinnt na suíochán anseo go traidisiúnta. D’éirigh le Fine Gael péire a thógáil in 2011 ach Fianna Fáil a thóg an dá shuíochán in 2016 agus in 2020.
Bhí Fine Gael (38%) níos láidre ná Fianna Fáil (32%) sna toghcháin áitiúla. Tá beirt chomhairleoirí contae ag seasamh d’Fhine Gael, an Comhairleoir John Paul O’Shea (FG) agus an Comhairleoir Michael Creed (FG). Sna toghcháin áitiúla fuair John Paul O’Shea (FG) 2,185 vóta i dtoghcheantar Cheann Toirc agus bhí 2,593 vóta ag Michael Creed (FG). Dá n-éireodh le Fine Gael bainistiú a dhéanamh ar na vótaí le go mbeadh siad roinnte go maith idir an bheirt iarrthóirí acu, bheadh seans acu suíochán breise a bhuachan sa dáilcheantar.
Níl aon iarrthóir ag seasamh ó na páirtithe ar an eite dheis agus níl aon iarrthóir neamhspleách ar an ticéad. Tá Becky Kealy (Aon) san iomaíocht d’Aontú. Fuair sí 953 vóta sna toghcháin áitiúla. Don Chomhaontas Glas tá Colette Finn (CG) ag seasamh agus tá Joe Moore (PsB) san iomaíocht do Phobal seachas Brabús.
Ag seasamh do Independent Ireland tá Ellen Barry (Ind Ire) agus tá beirt iarrthóirí neamhspleácha san iomaíocht, iad san Walter Ryan-Purcell (Nspl) agus John O’Leary (Nspl), iarrthóir atá san iomaíocht i ngach uile dháilcheantar i gCorcaigh.
Tuar Tuairisc: FF 1; FG 2
Líon na suíochán: 3
Tá an triúr Teachtaí Dála a toghadh in 2020 i measc an cheathrar déag (14) iarrthóirí atá ar an bpáipéar ballóide: Michael Collins (Ind Ire); Christopher O’Sullivan (FF) agus Holly Cairns (DS).
Michael Collins (Ind Ire) a bhí ar bharr an liosta in 2020 agus toghadh é ar an gcéad chomhaireamh le 11,712 vóta. Anois agus é ina cheannaire agus ina bhunaitheoir ar an ghrúpa nua Independent Ireland, d’fhéadfadh go mbeadh ardú ar a vóta agus go dtoghfaí é agus go mbeadh farasbarr aige. Cúlra Fhianna Fáil atá aige agus ní haon iontas mar sin go bhfuair iarrthóirí Fhianna Fáil a dhá oiread níos mó ó aistriú a fharasbairr in 2020 ná iarrthóirí Fhine Gael. Beidh siad ag tnúth leis an gcúnamh céanna an babhta seo.
Fine Gael a chaill an suíochán a fuair Holly Cairns (DS) in 2020, nuair a aistríodh 3,000 vóta ó Shinn Féin chuig Cairns (DS) agus nach bhfuair Tim Lombard (FG) ach 393 díobh. Anois agus í ina ceannaire ar na Daonlathaithe Sóisialta, ba cheart go mbeadh ardú ar vóta céadrogha Holly Cairns, ach tá ceist ann an mbeidh sí in ann líon chomh hard vótaí aistrithe a fháil an babhta seo ón mbeirt iarrthóirí nua atá ag Sinn Féin, Clare O’Callaghan (SF) agus Donncha Ó Seaghdha (SF).
Níor éirigh le Clare O’Callaghan (SF) ach 443 vóta a fháil i dtoghcheantar Dhroichead na Bandan – Cionn tSáile agus 552 vóta a bhí ag Donnchadh Ó Seaghdha (SF) i gceantar Sciobairín. Tá an baol ann do Holly Cairns (DS) nach mbeidh sí in ann dul chun cinn ar an Seanadóir Tim Lombard an babhta seo, go háirithe má bhíonn ardú ar vóta Fhine Gael sa dáilcheantar. An uair seo tá an Comhairleoir Noel O’Donovan (FG) ar an ticéad leis an Seanadóir Tim Lombard (FG). Bhí O’Donovan (FG) ar bharr an chomhairimh i dtoghcheantar Sciobairín le 2,445 vóta. Chuaigh sé sna Gardaí in 2017 agus chaith sé ceithre bliana sa bhfórsa. D’fhéadfadh sé a bheith chun cinn ar Tim Lombard (FG). Idir an bheirt acu tá seans maith go mbeidh suíochán anseo ag Fine Gael.
Ní féidir Alan Coleman (Nspl), a chur as an áireamh. Tá cúlra Fhianna Fáil aige. Fuair Coleman (Nspl) 1,801 in 2020. Scaip a chuid vótaí réasúnta cothrom idir Fianna Fáil agus Fine Gael. Sna toghcháin áitiúla bhí sé arbharr an chomhairimh le 2,511 vóta i dtoghcheantar Dhroichead na Bandan – Cionn tSáile. Beidh scaipeadh a chuid vótaí cinniúnach, má chuirtear eisean as an áireamh. Seachas Alan Coleman (Nspl), sé John O’Leary (Nspl) an t-aon iarrthóir neamhspleách eile atá san iomaíocht.
Tá Deborah O’Driscoll (IP) ag seasamh don pháirtí ar an eite dheis, The Irish Freedom Party. Don Chomhaontas Glas tá Mary Ryder (CG) san iomaíocht. Mairéad Ruane (Aon) atá ag seasamh d’Aontú. Seans maith go mbeidh os cionn 1,000 vóta aicise an babhta seo.
Tá Zoe Lapland (PsB) ag seasamh don ghrúpa Pobal seachas Brabús. Tá Evie Nevin (LO) san iomaíocht don Lucht Oibre. Bhíodh Teachta Dála ag an Lucht Oibre sa dáilcheantar seo go dtí 2016, nuair a chaill Michael McCarthy (LO) a shuíochán.
Ceapaim go mbeidh suíochán ag Michael Collins (Ind Ire), agus é ar bharr an chomhairimh arís. Ina dhiaidh sin beidh coimhlint ghéar idir Holly Cairns (DS); Christopher O’Sullivan (FF); Tim Lombard (FG) nó Noel O’Donovan (FG), don dá shuíochán deiridh. Nuair a chuirfear Claire O’Callaghan (SF) agus Donnchadh Ó Seaghdha (SF) as an rás ba cheart go gcabhródh a gcuid vótaí aistrithe le Christopher O’Sullivan (FF) agus le Holly Cairns (DS) roimh Tim Lombard (FG) agus O’Donovan (FG). Ar an mbonn sin ceapaim go dtoghfar arís an triúr céanna a toghadh ceithre bliana ó shin.
Tuar Tuairisc: FF 1; SD 1; Nspl 1.
Fág freagra ar 'Seans ag FG ar shuíochán breise in iarthar Chorcaí, ba chóir go dtiocfadh Holly Cairns slá'