Seampúnna saor ó shulfáití – daor le ceannach ach an-tairbheach

Tá ár gcomhfhreagraí den bharúil nach aon chleas margaíochta atá sa bhéim atá anois ar tháirgí áilleachta a bhíonn saor ó shulfáití

Seampúnna saor ó shulfáití – daor le ceannach ach an-tairbheach

Aon duine a cheannaigh buidéal fíona riamh seans maith gur thug siad suntas don rabhadh ar an lipéad a deir ‘contains sulphates’. Tá sé tugtha faoi deara agam le tamall anuas go bhfuil méadú mór tagtha ar líon na dtáirgí áilleachta, brandaí seampú mar shampla, atá ag maíomh go bhfuil siad saor ó shulfáití.

Tá an mana ‘No Mineral Oil, No Parabens, No Sulphates’ ag fáil chomh coitianta sin go mbeifeá in amhras ar cleas margaíochta atá ann seachas comhairle do leasa. An bhfuil lucht na háilleachta ag déanamh áibhéile nuair a mholann siad dúinn sulfáití nó SLS a sheachaint agus iad ag treorú daoine i dtreo táirgí atá níos daoire? 

Cúpla seachtain ó shin, cheannaigh mé féin branda nua taos fiacla. Níor thug mé aon aird ar chor ar bith ar an athrú seo go dtí gur thosaigh mo chuid liopaí ag éirí tirim agus tinn i gcúinne mo bhéil.

Rith sé liom go bhféadfadh sé go raibh baint ag an taos fiacla nua leis seo agus tar éis beagán gúglála ar an idirlíon d’aimsigh mé freagra an scéil – sulfáití! D’athraigh mé ar ais chuig an seanbhranda taos fiacla agus stop an triomach agus an tinneas liopaí ar an bpointe.

An chúis go n-úsáidtear sulfáití i dtáirgí áilleachta ná gur ábhar glantach láidir atá iontu – is ar an gcúis sin go mbíonn siad le fáil i leacht níocháin, mar shampla. Tá sulfáití thar cionn le neart bolgán agus cúr a chruthú, rud a fhágann daoine den bharúil go bhfuil rudaí nite go han-mhaith. Is ar an gcúis sin a úsáidtear iad i seampúnna, taos fiacla agus i nglóthach chithfholctha.

Ón taighde tá déanta agam féin, tá mé chun iarracht mhór a dhéanamh feasta laghdú ar úsáid táirgí a mbíonn sulfáití iontu, go háirithe seampúnna agus feabhsaitheoirí gruaige.

Is cosúil go ndéanann seampú agus feabhsaitheoir ina bhfuil sulfáití do ghruaig a ‘thriomú’ agus dá bharr sin bíonn sí lán le snaidhmeanna agus í briosc nó olúil. Chomh maith leis sin déanann siad chraiceann do chinn a thriomú agus éasca a ghortú. Is cinnte nach bhfuil sin uait agus tú ag roghnú seampú nua.

Níos measa ná sin ar fad, áfach, tá saineolaithe áirithe den bharúil anois gur féidir le sulfáití a bheith ina gcúis le gruaig imeacht díot nó tanú. An deacracht is mó leis na seampúnna éagsúla gan sulfáití iontu gur minic iad an-daor ar fad. Seo cúpla ceann atá go maith ach, faraor, níl siad saor ach i gcás amháin acu.  

 

 

Living Proof Restore Shampoo ar £7.20 (ar sladmhargadh faoi láthair) ó Cult Beauty.

Tá sé seo sách séimh do ghruaig a bhfuil go leor damáiste déanta di agus cuirfidh sé an mhaitheas agus an tsláinte ar ais arís inti.

 

 

Pureology Hydrate Shampoo ar €20.50 ó shampoo.ie

Tá an ceann seo iontach dóibh siúd a bhfuil dath curtha acu ina gcuid gruaige.

 

 

Ouai Clean Shampoo ar €26.40 ó feelunique.com

Seo an ceann a úsáideann cuid de na réalta móra ar nós na Kardashians! Ba í an gruagaire aitheanta Jen Atkin a thosaigh an branda seo. 

 

 

Rahua Color Full Shampoo ar £36 ó Cult Beauty

Seo an ceann is daoire ar fad ach is rogha iontach ar fad é don té atá in acmhainn an cineál sin airgid a chaitheamh ar sheampú. Tá na comhábhair ar fad ann thar barr agus beidh do ghruaig níos fearr ná mar a bhí sí riamh agus an ceann seo á úsáid agat.

Fág freagra ar 'Seampúnna saor ó shulfáití – daor le ceannach ach an-tairbheach'