Beidh scata mór imreoirí ó chumainn Ghaeltachta páirteach i gcluiche ceannais shóisir na hÉireann amárach nuair a thabharfaidh Gaillimh aghaidh ar Chiarraí.
Tá ochtar ó Chonamara agus Oileáin Árann mar chuid de phainéal na Gaillimhe agus iad ag iarraidh an chraobh shóisir a bhuachan den chéad uair ó 1985.
Is, Maghnus Breathnach, as an Spidéal, cúl báire agus captaen na Gaillimhe. Tá triúr eile ón Spidéal, Pádraig Eoin Ó Curraoin, Éamonn Ó Conláin agus Antaine Ó Laoi ag Gaillimh chomh maith.
Is iad na himreoirí eile as Gaeltacht Chonamara atá ar an bpainéal, Seán Ó Cuirrín (Carna-Caiseal), Oisín Canney (An Fhairche), Tadhg O’Malley (Naomh Anna, Leitir Móir) agus Aonghus Ó hIarnáin (Oileáin Árann).
Bhí triúr eile as Oileáin Árann, Patrick O’Donnell, Colm Brennan agus Tyler Ó Flatharta ar an bhfoireann a thug leo Craobh Chonnacht ach tá siad triúr imithe go dtí Meiriceá don chuid eile den samhradh.
Dhá chluiche atá imeartha ag Gaillimh sa chomórtas go dtí seo. Bhuaigh siad i gcoinne Mhaigh Eo i gcluiche ceannais an chúige agus bhí bua cuimsitheach, 2-22 i gcoinne 2-8, acu ar Chill Chainnigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann.
Is iad Ciarraí rogha na n-údar don chluiche ceannais agus iad ag iarraidh Craobh Shóisir na hÉireann a thabhairt leo don cheathrú bliain as a chéile. Tá foireann iomlán nua tógtha ag an mbainisteoir Jimmy Keane, áfach, agus gan oiread agus duine amháin ann ón bhfoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann anuraidh.
Tá Niall Ó Sé ó Phiarsaigh na Dromoda i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ainmnithe sa líne lántosach ar fhoireann Chiarraí don chluiche ceannais. Tá fear eile ón gcumann céanna, Chris Farley, ainmnithe i measc na n-ionadaithe. Tá fear na Gaeltachta, Pól Ó Cuinn, ar dhuine de roghnóirí na foirne.
Dhá chluiche atá imeartha ag Ciarraí chomh maith. Bhuaigh siad ar Chorcagh i gcluiche ceannais na Mumhan, 2-14 in aghaidh 1-15, agus bhí bua sé phointe acu ar Chill Dara, 2-17 in aghaidh 1-14, sa chluiche leathcheannais.
Is comórtas é Craobh Shóisir na hÉireann d’imreoirí a imríonn sa ghrád Idirmheánach nó i ngrád na sóisear lena gcumann agus nach bhfuil ag imirt d’fhoireann shinsir an chontae.
Is ag 2pm i bPáirc Uí Chíosóg in Inis a imreofar an cluiche ceannais.
Fág freagra ar 'Ochtar ón nGaeltacht ag Gaillimh do chluiche ceannais shóisir na hÉireann'