Seacht gcóta geimhridh idir €50 agus €200

Molann ár gcomhfhreagraí cótaí maithe le duine a choinneáil te teolaí ón bhfuacht feanntach an tráth seo bliana

Seacht gcóta geimhridh idir €50 agus €200

Tá cóta deas olla ar an mball éadaigh is mó a shamhlaítear le séasúr an gheimhridh. Ní féidir é a shárú le duine a choinneáil te teolaí ón bhfuacht is feanntaí dá bhfuil ann. Tá buntáiste mór eile le cótaí geimhridh – tá siad in ann go leor ‘peacaí faisin’ a cheilt. Cuir cóta mór ort féin agus is beag suntas a thabharfar don mhéid atá ort faoi.

Tá gach ceann de na seacht gcinn seo go deas agus is luach maith ar airgead iad ar fad ón gceann is saoire go dtí an ceann is daoire.

 

Cóta le beilt ó H&M ar €49.99

Crón a thugtar ar an dath atá ar an gceann álainn dorcha seo atá deartha i stíl shimplí chlasaiceach. Tá praghas an-réasúnta go deo ar an gcóta seo agus é ar fáil i dtrí dhath eile – dubh, liath agus béas.

 

Cóta cídeoige ó Vila ag ASOS ar €69.99

Dathanna neodracha is minice a roghnaím féin do chóta an gheimhridh ach d’athraigh mé m’intinn nuair a chonaic mé an dath álainn glas seo. Mealladh breise a bhí sa dearadh cídeoige atá air.

 

Cóta iniompaithe ó Carolyn Donnelly ag Dunnes Stores ar €122.98

Shílfeá ar dtús go bhfuil an ceann seo beagáinín daor ach tabhair faoi deara go bhfuil tú ag fáil dhá chóta iniompaithe ar an bpraghas sin. Patrún cnámh scadáin atá ar thaobh amháin agus dath liath pléineáilte ar an taobh eile. Cótaí iad i stíl shimplí ‘ollmhór’.

 

Cóta olla ó & Other Stories ar €199

Más cóta trom clasaiceacha atá uait, is fiú go mór breathnú ar an gceann seo ó & Other Stories. Dath liath agus bánghorm i bpatrún seic atá air le beilt a chuireann go mór leis.

 

Cóta dúghorm ó COS ar €175

Seo cóta olla eile ach ceann níos éadroime mar nach bhfuil líneáil ar bith air. Seo ceann le caitheamh os cionn geansaí mór olla! Is breá liom an cába simplí agus an dearadh comhaimseartha atá ar an gceann seo.

 

Cóta ar dhath an chaife ó Mango ar €159.99

Seo cóta i stíl chlasaiceach ó Mango ar dhath álainn – dath an chaife a thugann siad féin air seo. An rud a thaitin liom faoin gceann seo ná go bhfuil cába fionnadh bréige air is féidir a bhaint de nó a fhágáil air ag brath ar an ngiúmar atá ort.

 

Cóta le cochall ó Zara ar €49.95

Ní go minic a fheictear cochall ar chóta sa stíl seo. Tá dearadh deas faiseanta ar an gcóta fada béas seo agus cochall air don chompord breise nuair a theastaíonn sé. Tá an ceann álainn seo ar fáil sna dathanna dubh agus burgúnach freisin.

Fág freagra ar 'Seacht gcóta geimhridh idir €50 agus €200'

  • Máire

    Go raibh maith agat, Sara,sult is sos ó na polaiteoirí 7rl.