Seachain nach ndéanfá féin dearmad ar an dá mhéadar ag an gcoinne spraoi

Chuir an Babaí tús leis an bhfeachtas chun bualadh le Pádraig chomh luath is a chuala sé go raibh laghdú ar na srianta

Seachain nach ndéanfá féin dearmad ar an dá mhéadar ag an gcoinne spraoi

‘Mamaí, tá a fhios agat nach bhfuil aon chead agat a bheith ag croitheadh lámh le daoine,’ a d’fhógair an Babaí orm agus údarás ina ghlór.

Léim mé de gheit is las m’éadan le náire. 

Bhí muid thuas ar cuairt ar a chara Pádraig den chéad uair ó dhún an scoil is cuireadh faoi bhraighdeanas baile muid i mí an Mhárta. 

An imní a bhí orm agus muid ag dul ag cuartaíocht ná go raibh na leanaí ró-óg leis an scoitheadh fisiciúil a thuiscint. Bhí sé bodhraithe agam ag cur fainiceachaí air sula ndeachaigh muid ann.

Ní raibh a chara feicthe againn le fada agus an chéad rud a rinne mé, gan cuimhneamh orm féin, ná lámh a chroitheadh le máthair Phádraig agus mé ag beannú di.

Bhí sé  sách dona dearmad a dhéanamh ar an dá mhéadar, ach anuas air sin, bhí dearmad déanta agam air os comhair an tsaoil mhóir. 

Is iomaí fógra atá déanta agam air fhéin is a bheirt chomrádaithe le trí mhí anuas agus is dóigh go bhfuil an printíseach imithe chun cinn ar an máistreás anois.

Chuir an Babaí tús leis an bhfeachtas chun bualadh le Pádraig chomh luath is a chuala sé go raibh laghdú ar na srianta.

Nuair a deirim go raibh muid ar cuairt, is éard atá i gceist agam ná go raibh muid ag bualadh leo amuigh faoin aer ar an bplásóg i lár an eastáit ina bhfuil cónaí orthu. 

Is dóigh go raibh sé thar am tús a chur arís leis an gcomórtas peile a thosaíonn i gclós na naíonán ar an gcéad lá den scoil is a leanann ar aghaidh ó bhliain go bliain nó go bhfágann tú rang a sé.

Seans gur imir tú féin i gcomórtas dá leithéid, lá nó dhó de do shaol.

Is beag duine nár imir.

Chaith mé fhéin tamall maith sa gcúl.

Bhí an Babaí ag iarraidh go mbeadh sé féin is Pádraig in ann bualadh le chéile agus ruainne sacair a imirt.

Bhí ‘moves’ nua aige, a mhínigh sé dom, a bhí sé ag iarraidh a thriail amach. Bheadh an bua aige cinnte, a dúirt sé, mar shoiléiriú, le faitíos nach raibh muinín iomlán agam as a chuid cleasanna nua. 

Ní oibríonn na glaonna físeáin rómhaith don Bhabaí agus a bhuíon cairde, tá sé faighte amach agam.

Rinne mé roinnt iarrachtaí nuair a thosaigh an zúm-réabhlóid, ach ní mórán ratha a bhí orthu.

Lá amháin, ghlaoigh muid ar Phádraig, shocraigh mé an fón suas sa seomra dóibh, bheannaigh mé do Phádraig is dá mháthair agus ansin dúirt mé go bhfágfainn acu é ar feadh tamaill go mbeadh siad in ann a bheith ag caint ar a suaimhneas gan éinne ag faire orthu. 

Chuaigh mé síos staighre agus cúig nóiméad ina dhiaidh sin chuala mé liathróid á plabadh in aghaidh an toilg sa seomra suí. An Babaí a bhí ann.

‘Cheap mé go raibh tú ag caint le Pádraig,’ a dúirt mé leis.

‘Bhí,’ a deir sé. 

‘Ach, ar tharla rud eicínt, an raibh argóint agaibh?’

Bhreathnaigh sé orm, amhail is go raibh dhá chloigeann orm. ‘Argóint?’

‘Sea,’ a deir mé, ‘shíl mé go mbeadh sibh ag caint níos faide ná cúig nóiméad.’

‘Ó, dúirt muid heileo is dúirt muid ansin go ngabhfadh muid ag imirt peile. An ngabhfaidh tú sa gcúl?’ a d’fhiafraigh sé díom ansin agus é ag pointeáil i dtreo an toilg. 

Fág freagra ar 'Seachain nach ndéanfá féin dearmad ar an dá mhéadar ag an gcoinne spraoi'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Mar is nós léi, sár-scríobhneoireacht an-chliste 7 an-ghrinn anseo ó pheann ár mBríde :-)