‘Ar chomhair tú na cloigne?’ a d’fhiafraigh mé d’Fhear an Tí agus scanradh agus fuareagla i mo ghlór.
‘Céard?’ a d’fhiafraigh sé díom, agus ba léir go raibh sé den tuairim go raibh mé imithe amach as mo chiall ar fad. Ní raibh aon dul amú air.
Cóisir lae breithe an Chailín Mór Beag a bhí ann agus bhí cuireadh faighte ag slua cloigne beaga as na naíonáin mhóra chuig cóisir in ionad siamsaíochta agus spraoi.
Bhí go maith nó gur tháinig sé go dtí an t-am go mbeadh na cnaipíní sicín agus sceallóga á ndáileadh amach. Chaithfí an slua (céard a thabharfá ar shlua as na naíonáin mhóra? Ealta? Tréad? Scuadrún?) a bhailiú le chéile, na bróga a chur orthu agus gach duine a thabhairt go sábháilte ón láthair spraoi go dtí láthair na gcnaipíní.
An t-aon chosaint a bhí agam in aghaidh na himní a bhí orm go ngabhfadh duine amú orainn, ná liosta a bheith i mo phóca agus na cloigne a chomhaireamh, go rialta.
‘Ok, chuile dhuine, anonn go dtí an bord, díreach ansin,’ a d’fhógair mé ar an ngrúpa agus phointeáil mé anonn go dtí an áit a raibh an bord, thart ar 20 slat ón áit spraoi. D’oscail mé an doras agus scaoil mé amach iad.
Shíl mé go siúlfaidís ina líne dhíreach anonn go dtí an bord. Is léir nach bhfuil tuiscint agam fós ar intinn an pháiste, ná ar tharraingt na gcluichí stuara siamsaíochta lonracha a bhí scaipthe ar fud an tseomra.
Chomh luath is a d’oscail mé an doras, in ionad siúil anonn go dtí an bord, mar a bhí ráite leo, scaip siad amach de léim agus níor imigh aon bheirt acu an taobh céanna.
Cuir ceist ar dhuine ar bith céard é an rud is mó a bhfuil faitíos orthu roimhe agus beidh siad in ann é a insint duit taobh istigh de chúpla soicind. Ní gá go mbeadh bunús ceart leis an bhfaitíos, ach is é sin an faitíos is mó atá orthu ina dhiaidh sin féin.
Bhíodh mé ag obair le bean, cuir i gcás, agus an rud ba mhó a raibh faitíos uirthi roimhe ná go ndéanfadh nathair nimhe ionsaí uirthi. Ba bheag an baol go mbeadh aon chall aici go deo le hardscileanna éalaithe ó nathracha agus í ina cónaí istigh i lár eastát tithíochta i gCnoc na Cathrach i nGaillimh, ach bhí siad uilig ar eolas aici ina dhiaidh sin féin.
‘Caithfidh tú rith uaidh i zig-zag! Zig-zag, cuimhnigh air sin.’ an chomhairle a chuir sí orm go minic.
Dá gcuirfeá ceist ormsa, cén faitíos is mó a bhí ormsa ag an gcóisir an lá cheana, déarfainn gurb é an faitíos is mó a bhí orm ná go ngabhfadh duine de na gasúir amú orainn.
Le bheith féaráilte, b’údar imní réasúnta ciallmhar a bhí ann, ach is dóigh nár cheart dom a bheith chomh himníoch sin go raibh mo chroí i mo bhéal ar feadh na cóisire.
Ciall cheannaithe í sin, is dóigh, ach tá barúil agam go mbeidh sí le ceannach arís agam, faoi cheann sé seachtaine, is dóigh, nuair a bheidh breithlá ag Beainín na Naíonáin Bheaga.
Tharraing mé amach an liosta as mo phóca an lá cheana nuair a bhí an tréidín bailithe le chéile arís againn. ‘Ok, comhairfidh muid arís iad.’
Emer
Mholfainn duit éirí as cósireacha mar seo a bheith agat. Níl tuairim ag páistí an t-ualach a chuireann siad ar a dtuistí.