Scoláireachtaí printíseachta á gcur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta

Tá 60 printíseacht dhifriúil i 15 earnáil éagsúil i gceist agus iad aitheanta ag SOLAS

Scoláireachtaí printíseachta á gcur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta

Tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint scoláireachtaí printíseachta do Ghaeilgeoirí ar suim leo scil nó ceird nua a fhoghlaim.

Tá breis is €100,000 á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta faoin scéim agus os cionn 50 scoláireacht ar fiú breis is €2,000 an ceann iad ar fáil ón eagraíocht.

Tá réimse leathan 60 printíseacht dhifriúil i 15 earnáil éagsúil i gceist agus iad aitheanta ag SOLAS.

San áireamh sa scéim phrintíseachta tá na ceirdeanna traidisiúnta – pluiméireacht, siúinéireacht, meicneoireacht agus leictreoireacht – mar aon le rogha leathan i réimse na nuálaíochta – innealtóireacht, bithchógaisíocht, ríomhaireacht, cuntasaíocht agus a leithéidí.

Is d’iarrthóirí Gaeltachta le Gaeilge líofa na scoláireachtaí agus ní mór d’iarrthóirí a bheith sé bliana déag d’aois ar a laghad agus na buncháilíochtaí seo a leanas a bheith acu maidir leis na Cúrsaí Ceirde: Teastas Sóisearach, le pas i gcúig ábhar nó a chomhionann (tá matamaitic riachtanach i gás printíseachtaí áirithe); réamhchúrsa printíseachta atá aitheanta ag SOLAS; nó os cionn 16 bliain d’aois agus taithí oibre aitheanta acu sa cheird le trí bliana.

Tá liosta iomlán na bprintíseachtaí ar fáil anseo agus dóibh siúd ar spéis leo cur isteach ar na Scoláireachtaí Printíseachta tá nasc ar fáil anseo.

Ní mór léiriú spéise a bheith déanta roimh an 30 Meitheamh, 2022.

Fág freagra ar 'Scoláireachtaí printíseachta á gcur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta'