Scoil Cheoil an Earraigh ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód

Tá an fhéile cheoil i gCorca Dhuibhne, a mheallann plúr na gceoltóirí gach bliain, ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód i mbliana

Scoil Cheoil an Earraigh ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód

Tá Scoil Cheoil an Earraigh faoi lán seoil i gCorca Dhuibhne agus scoth an cheoil geallta an deireadh seachtaine seo.

Tá an fhéile, a mheallann plúr na gceoltóirí gach bliain, ag ceiliúradh 20 bliain ar an fhód i mbliana.

Beidh ranganna ceoil, ceardlanna amhránaíochta, ceolchoirmeacha, léachtaí, seisiúin, siúlóidí, ciorcail chomhrá, taispeántais agus go leor eile ar siúl ann.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl inniu, beidh ‘Tionól na nÓg’, seisiún le ceoltóirí agus amhránaithe óga, ceardlann teanga ‘Canúint Chorca Dhuibhne’ agus ceolchoirm a dhéanfaidh ceiliúradh ar cheol traidisiúnta as tuaisceart Shasana.

Anocht beidh ceolchoirm mhór i Halla na Feothanaí i dteannta í Steve Cooney, Connie O’Connell, Caoimhín Ó Raghallaigh, Mick O’Brien, Méabh Ní Bheaglaoich, Breanndán Ó Beaglaoich agus Clíodhna Ní Bheaglaoich, Aidan Vaughan, Conchubhar Ó Luasa agus Deirdre agus Aoife Granville.

Tá imeachtaí go leor beartaithe don Satharn; ceardlann leis an phíobaire Bríghde Chaimbeul faoi cheol na hAlban, atá dírithe ar cheoltóirí a sheinneann cibé uirlis ceoil; céilí seiteanna, léacht faoi chúrsaí béaloidis leis an Dr. Pádraig Ó Héalaí, ‘Tráthnóna na gCaipíní’ le Breanndán Ó Beaglaoich agus go leor eile.

Oíche Dé Sathairn, beidh ceolchoirm mhór eile i Halla Pobail na Feothanaí le scoth na gceoltóirí agus amhránaithe as gach cearn den tír, ina measc Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor, Ciarán Ó Gealbháin, Bríghde Chaimbeul, Seán Ryan agus Muintir Uí Shé.

Beidh Aifreann na Féile á rá i Séipéal Naomh Uinseann maidin Domhnaigh ag 10.45am agus cloisfear ceol ó Chór Chúil Aodha. Ina dhiaidh sin beidh Maidin Chaife agus ceol sa Mhúsaem i mBaile an Fheirtéaraigh ar mhaithe le UNICEF Achainí Cúnamh Éigeandála Gaza [Gaza Emergency Appeal] agus ‘Seisiún agus Snámh i mBaile na nGall.

Tá an t-eolas ar fad i dtaobh na féile ar www.scoilcheoil.com.

Fág freagra ar 'Scoil Cheoil an Earraigh ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód'