Scéalta ón gCibearspás (Rapcheol, BÁC sa tseanaimsir agus #JurassicZoo)

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?

@ginger_ipod (Emma Ní Chearúil)

Cé hí féin?

Is í Emma an Forbróir Ardán Ilmhéan le Conradh na Gaeilge i láthair na huaire. Beidh aithne ag éisteoirí Raidió na Life agus léitheoirí Campus.ie uirthi ón obair a dhéanann sí ar an gclár Fios Feasa agus mar eagarthóir Gaeilge ar an iris idirlín. Tá Emma ar dhuine de na giolcairí Gaelacha is gníomhaí ar Twitter.

Céard faoi a mbíonn sí ag giolcaireacht?

Is minic a chloiseann muid nach mbíonn Gaeilgeoirí ag giolcaireacht faoi rud ar bith eile seachas an Ghaeilge féin idir ghramadach, shanasaíocht agus chúis na teanga. Breagnaíonn Emma na líomhaintí sin agus bíonn sí ag giolcaireacht léi faoin ngnáthshaol mar bhean óg in Éirinn.

Cén fáth a leanfainn í?

Tá Emma greannmhar, gealgháireach agus cliste. Céard eile a bheadh uait ó chuntas Twitter. Crochann sí jóicíni barúla, pictiúir dheasa agus ráitis chliste. An rud is tábhachtaí ar Twitter go mbeadh daoine ag caint le chéile – murach sin ní bheadh ann ach tranglam féiníní agus teachtaireachtaí féintrua. Glacann Emma páirt bhríomhar i gcomhráite faoi gach cineál ábhair agus tá tuiscint an-mhaith aici ar an saol ar líne agus an domhan mór. Caithfear a fhógairt go bhfuil an baol ann go gcaillfí a leantóirí mar gheall ar an iomarca pictiúir ghleoite de phandaí a bheith feicthe acu.


Giolc na Seachtaine

Tharraing na pleananna nua a dhéanfadh ceantar coisithe de chuid mhaith de lár na cathrach i mBaile Átha Cliath go leor conspóide an tseachtain seo nuair a fógraíodh iad. Ach táthar ann fós a chuimhneoidh ar shráid mhór siopadóireachta na cathrach, Sráid Ghrafton, nuair arbh fhéidir le busanna agus carranna tiomáint an bealach ar fad suas an tsráid, ó Shráid Thobar Pádraig Naofa go Faiche Stiabhna. Is deacair é a shamhlú anois agus muid uilig i dtaithí ar an tsráid cháiliúil choisithe ach b’fhéidir go mbeidh muid ag breathnú siar ar Fhaiche an Choláiste agus iontas orainn go ndeachaigh an 123 timpeall na faiche riamh. Chroch an cuntas @OldDublinTown an pictiúr seo de Shráid Ghrafton mar a bhí sna 1960idí – tógaigí pictiúir den cheantar anois go mbeidh muid in ann breathnú air i gceann leathchéad bliain! Ragham amú tamall eile…
 Scéalta ón gCibearspás ar an bhfód le leathbhliain anuas agus tá muid i gcónaí ar thóir daoine a bhíonn ag cur leis an nGaeltacht Dhigiteach. Tá gníomh thar na bearta á dhéanamh ag ceoltóirí na Gaeilge ar líne agus labhair muid faoi chuid acu le cúpla mí anuas faoin gceol atá á chur amach acu.   Is fíor gur aistriúchán ar amhráin Bhéarla a bhí i gcuid mhaith de na traiceanna a chroch muid ach an tseachtain seo tá muid tar éis a theacht ar Dhuibhlinneach óg a bhíonn ag cumadh a chuid amhrán féin. Anuas air sin, is sa rapcheol seachas sa phop/rac-cheol a chuireann sé a chuid spéise – agus nach bhfuil a fhios againn uilig gur annamh a chloistear rapcheol i nGaeilge, gan caint ar rapcheol maith!  Níor éirigh linn greim a fháil ar Edmond Ó Floinn ach seo daoibh an dá amhrán atá crochta aige ar a leathanach Soundcloud an mhí seo. Tá súil againn go leanfaidh sé air ag saothrú i ngoirt nach dtreabhtar chomh minic sin.       


 

An chaint sa tsráidbhaile ar líne…   Jurassic World

Ar ndóigh ba é tragóid Bherkeley an scéal is mó ar na meáin shóisialta in Éirinn an tseachtain seo. Tharraing an t-alt a scríobh na New York Times agus an leithscéal a gabhadh níos deireanaí go leor cainte freisin. Déanann muid comhbhrón le muintir na marbh agus na daoine a gortaíodh sa tubaiste.   Ó tharla go raibh tuairiscí ar an uafás agus ar tharla ina dhiaidh ar fud an idirlín – Tuairisc.ie ina measc – díreoidh muid ar scéal níos eadroime ná sin anseo.   An tseachtain seo caite, tháinig an Jurassic World amach sna pictiúrlanna timpeall na tíre os cionn 20 bliain ó chonaic muid Jurassic Park den chéad uair agus beagnach 15 déag ó bhí an scannán deiridh sa tsraith, Jurassic Park III, ar an scáileán mór.   Is mór an t-athrú atá tagtha ar an saol ó shin agus le theacht na meán sóisialta tá lucht leanta na scannán in ann teagmháil a dhéanamh le chéile ar bhealach nár fhéad siad a dhéanamh scór blianta ó shin. Le seachtain anuas tá coimeádaithe zú timpeall an domhain tar éis teacht le chéile faoin haischlib #JurassicZoo agus pictiúr díobh féin ag déanamh scigaithrise ar phóstaer poiblíochta an scannáin nua.

A photo posted by Jeff Harwell (@jeff_harwell) on

A photo posted by Jess Spöhr (@cheetahjessrae) on

 

Ní dóigh linn go raibh an chontúirt chéanna ag baint le cuid de na hainmhithe seo is a bhain leis na feileasaraptair a bhí os comhair Chris Pratt!

 

Faraor, is cosúil nár ghlac aon cheann de zúnna móra na hÉireann páirt sa treocht.