Níl an draíocht chéanna ag baint le Jurassic World

Ó thaobh na n-arrachtach de, agus tar éis trí scannán díobh, is ionann ceann acu agus ceann eile

Jurassic World

Jurassic World

Stiúrthóir: Colin Trevorrow

Cliar: Chris Pratt, Bryce Dalas Howard, Irrfan Khan, Vincent D’Onofrio, Ty Simpkins, Nick Robinson.

 

An t-uisce sa chupán ag corraí, drochíde á thabhairt do ghabhar bocht agus an chéad radharc úd de na dineasáir ríomhghinte. Is annamh gur féidir leat do mhéar a shíneadh i dtreo radharc scannáin a bhain an anáil den oiread sin den lucht féachana, ach is amhlaidh a bhí leis an gcéad scannán Jurassic a tháinig os ár gcomhair dhá bhliain ar fhichead ó shin.

Ní haon áibhéil a rá gur clochmhíle scannánaíochta a bhí i dtáirge Steven Spielberg, fear a bhfuil an lucht féachana curtha faoi gheasa aige an iliomad babhtaí. Is í tuairim na coitiantachta gur leagadh síos slat tomhais nua do mhaisiúcháin ríomhchuidithe agus d’earnáil na scannán tubaiste in iomláine.

Ní nach ionadh, gineadh scannáin leantacha (ceann i 1997 agus ceann eile i 2001). Cé gur fhan Spielberg ar an stiúir don dara scannán agus gur tharraing sé sparán an léiritheora chuige don tríú gála, bhí rudaí imithe sa bhfraoch faoi dheireadh na tríolóige agus gan tuairim ag éinne cén tslí le filleadh ar dhraíocht Isla Nublar.

Caithfidh gur mhothaigh Trevorrow (nach bhfuil ach fadscannán amháin tagtha uaidh agus a sholáthraigh an scríbhinn don táirge seo) an brú thar na bearta a bhí, agus atá air. Ní brú go dtí é. Fiafraigh de J.J. Abrams é, fear a bhfuil dúléim na guaise tugtha faoi dhó aige agus borradh curtha aige faoi dhá dhíolaim mhóreachtraíochta; Star Wars agus Star Trek.

Mar sin breis agus fiche bliain i ndiaidh thubaistí na tríolóige (sna scéalta agus i scríbhinní na léirmheastóirí), tá an ceathrú gála d’arrachtaigh Jurassic tagtha go leic an dorais. An dúshlán mór a bhí roimh Trevorrow ná tógaint ar na máithreacha a leag Spielberg ach iomaire nua a threabhadh chomh maith. Mar chuid de sin, deineadh an cinneadh cliste go mbeadh an scéal agus comthéacs ag freagairt don imeacht aimsire. Ina theannta sin, seo an chéad scannán nach bhfuil Sam Neill, Laura Dern nó Jeff Goldblum páirteach ann.

Sa ghála seo, tá an Pháirc Siamsaíochta Téama a gineadh i scioból samhlaíochta John Hammond ar an bhfód le deich mbliana, agus na milliún ag tabhairt turais uirthi gach bliain. Go deimhin, caitear cúpla sracfhéachaint mhaoithneach, ghreannmhar i dtreo an chéad scannáin; an foirgneamh fáilte (le cloigeann dianscaoilte an Rex agus an stiallbhratach lofa) agus an t-oibrí ag ceannach t-léine seanré.

Leis an scéal a chur sa tsiúl an babhta seo, tugtar dineasár géinmhodhnaithe dúinn a bhriseann as a chró agus a dhéanann raic fad is atá beirt bhuachaillí óga ag teitheadh lena n-anamacha agus a n-aintín (Howard) ag suiríocht agus ag déanamh gaisce leis an laoch (Pratt). Ó agus rud eile, velociraptors atá ceannsaithe.

Is beirt cheann feadhna chaithiseacha iad Howard agus Pratt le comhghuaillíocht mhaith eatarthu. Treabhann siad leo go cumasach ach is léir do gach duine go bhfuilid in áit na leathphingne. Níl mórán téagair ag baint leis na carachtair, ní nach ionadh, ach thaitin sé liom go raibh míreanna grinn chumasaigh fite fuaite tríd an scannán agus gan iad a bheith sa bhéal againn.

Gan amhras, tá an scannán lán go gad le maisiúcháin. Dar liom féin, ba é samhlú na páirce féin an ghné ba chuidsúlaí; síobánna samhlaíocha, foirgnimh, seastán ag bogadh le radharc os cionn/faoi uisce a thabhairt srl. Ó thaobh na n-arrachtach de, agus tar éis trí scannán díobh, is ionann ceann acu agus ceann eile. Ina dhiaidh sin féin, bhí an Tylosaurus (dineasár uisce do lucht an aineolais) dea-chumtha.

Cé go bhfuilimid fillte ar Isla Nublar, níl an draíocht chéanna ann is a bhí i dtosach na nóchaidí agus cé is dóichí go bhfuil scannáin leantacha eile ar na bioráin, seans go bhfuil buille an chnuasaigh tughta ach amháin dóibh siúd a bheidh ag fáil Dominus Rex mar bhronntans Nollag.

Fág freagra ar 'Níl an draíocht chéanna ag baint le Jurassic World'