Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta ón gCibearspás 2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?

Screen Shot 2015-02-27 at 20.25.28@DDeibhinn Daithí de Mórdha

Cé hé féin?

Ciarraíoch mallaithe. Tá Dáithí ina chonaí i gCorca Dhuibhne agus bíonn ag plé le hoidhreacht agus cultúr na mBlascaodaí. Mar sin tá an-eolas aige ar Ghaelainn na Mumhann agus tá go leor nathanna deasa aige óna dhúthaigh Duibhneach.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Tá féith an ghrinn go tréan i nDáithí agus bíonn súil ghéar aige ar chúrsaí reatha na tíre agus na Gaeilge – mar sin feileann Twitter go maith dó! Bíonn giolcacha greannmhara á sheoladh aige go minic faoi scéalta móra an lae. Bíonn sé ag caint go minic faoin nGaeilge féin freisin agus bíonn leaganacha deasa Muimhneacha á scaipeadh aige.

Cén fáth a leanfainn é?

Níl mórán Duibhnigh ar an gcóras giolcaireachta agus seo duine de na daoine is fearr acu! Mar a luadh thuas, tá an-chur amach ag Dáithí ar Chorca Dhuibhne agus bíonn sé sásta go maith dul i mbun plé faoi oidhreacht an cheantair. Bainfidh a leantóirí sult as a chuid grinn shearbh chomh maith leis na grianghraifeanna agus fiseáin spéisiúla a chrochann sé. Is Gael nua-aimseartha go smior é an Mórdhach – sáite in oidhreacht a mhuintire ach tuiscint mhaith aige ar an saol mór thart timpeall air. Is deas an meascán é sin.

Ragham amú tamall eile…

GúnaTá sé dubh agus gorm. Sea, tá sé dubh agus gorm, de reir na heolaíochta. Sin bun agus barr an scéil.

Beidh a fhios ag duine ar bith a chaith súil ar an idirlíon le 24 uair a chloig anuas céard faoi a bhfuil mé ag caint. An Gúna.

Ba ar Tumblr a tháing sé chun cinn i dtosach agus as sin a scaipeadh ar fud na meán sóisialta eile é, ar Reddit, Twitter agus Facebook. Roimh i bhfad bhí an domhan mór ag caint ar an nGúna seo a ceannaíodh in Albain:

Feicfidh cuid dár léitheoirí gúna a bhfuil na dathanna gorm agus dubh air agus feicfidh an chuid eile acu gúna bán agus ór. Chruthaigh an cheist seo achrann as cuimse i gcaitheamh na hoíche aréir agus an lae inniu go dtí gur tháinig radharceolaithe amach le míniú ar an mearbhall a bhí ar dhaoine. Mar sin féin, ‘No Surrender’ a chloiseann muid fós ó chuid mhaith de na Fir Óir.

Tá míniú fada Béarla air le fáil ar líne anois ach seo chugaibh achoimre gairid Gaeilge ar an teoiric.

Tá idir chónchealla (cone cells) agus slatchealla (rod cells) sa tsúil. Dath a fheiceann an cónchill agus scáth a fheiceann an slatchill. Nuair nach bhfuil a dhóthain solais ann feicfidh an tsúil an dath ina scáth (dubh-liath-bán). Is é sin le rá gur ith na daoine a fheiceann an dath gorm a gcuid meacna dearga agus iad óg.

Chonaic roinnt daoine (mé féin san áireamh) a d’fhéach níos mó ná uair amháin ar an bpictiúr an dá ‘leagan’ de agus an míniú atá air sin ná gur athraigh an solas.

I mo chás féin, bhreathnaigh mé ar an bpictiúr faoi sholas an tseomra suí ar dtús agus ansin arís i mo sheomra dorcha codalta.

An chaint sa tsráidbhaile ar líne…

Bhí go leor leor cainte an tseachtain seo ar Facebook ar an alt a foilsíodh ar Tuairisc.ie ag tús na seachtaine. Bunaithe ar ráiteas an Aire Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta a bhí an t-alt agus scríobhadh sé cinn déag de mholtaí chun ‘Bliain na Gaeilge’ a dhéanamh de 2016.

Spreag an t-alt díospóireacht bhríomhar ar cé acu ar cheart nó nár cheart do na Gaeil a bheith ag braith ar an Stát maidir le hathbheochan na teanga.

Chuir Darach Mac Con Iomaire tús leis an díospóireacht ar Tuairisc.ie féin, nuair a scríobh sé:

“Tosaíonn gach réabhlóid ag bord na cistine – labhair Gaeilge le do chuid páistí. Tabhair a n-oidhreacht dóibh. Dá dtabharfadh an dream a bhfuil Gaeilge acu, an teanga dá gclann, thiocfadh méadú láithreach ar líon na gcainteoirí…”

Chuir Dáithí Bán de Buitléir trí cinn de mholtaí eile le liosta Tuairisc.ie

Daithí

Bhí Séamus MacSeáin den tuairim gur ceart dearmad a dhéanamh ar an Rialtas agus céiliúradh dá gcuid féin a bheith ag na Gaeil i 2016.

Seamus

Is ag Gráinne Ní Fhoighil a bhí réiteach na ceiste dar le Scéalta ón gCibearspás:

Gráinne

Ach an oiread le díospóireacht na seachtaine seo caite a chuir tábhacht na Gaeilge san Aontas Eorpach i gcomórtas leis an gcath ar son na teanga ar an bhfód dúchais, tá an dá thaobh den scéal chomh bailí céanna. Léirigh cumhacht na Sasanach, agus faraor géar, rialtas na Poblachta, an dochar a dhéanann státchóras nach dtacaíonn mar is cóir le cearta teanga.

Mar sin féin, léiríonn iarrachtaí phobal na Gaeilge an teanga a chaomhnú sna ceantair Ghaeltachta agus í a athbheochan taobh amuigh díobh nach leor a bhfuinneamh amháin don chúram.

Caithfidh an Stát na seirbhísí agus deiseanna a chur ar fáil agus caithfidh an pobal iad a éileamh. Is iontach an rud iad na cultúrlanna agus na gnólachta príobháideacha a chuireann seirbhís ar fáil i nGaeilge, ach caithfidh gach uile dhuine úsáid a bhaint as seirbhísí stáit luath nó mall agus mura mbíonn na seirbhísí sin i nGaeilge ní bheidh an teanga ar comhchéim leis an mBéarla go brách.

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'

  • Tuigim

    Níl na téarmaí
    giolcaire, giolc, giolcaireacht srl
    i mbéal an phobail.
    Grúpa beag ann a cheapann go mba chóir dúinn iad a úsaid
    ach seachas deichniúr nó mar sin a úsáideann giolc srl
    feicfidh tú tweeteoir, tweet, ag tweeteáil srl in úsáid ar Twitter.
    Mór an ionadh nach ndeara an grúpa céanna iarracht Twitter a aistriú.

    Sin mar atá sé. Bí linn inár dteanga ag tweeteáil as Gaeilge.