Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?

@Feilire (Féilire ~~~~ Gaeilge)

Céard é féin?

Cuntas eolais a chuireann blúiríní spéisiúla amach faoi laethanta na bliana. Is é Ciarán Ó hAgáin atá ina bhun. Tá sé múnlaithe ar na míreanna ‘Ar An Lá Seo’ a bhíonn le cloisteáil ar an raidió nó le léamh in irisí i seomraí feithimh.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

Go príomha, scaipeann an cuntas seo blúiríní eolais. Inniu, mar shampla, fuair muid amach ó @Feilire gurb é seo Lá Bealtaine – an chéad lá den samhradh, breithlá na bpolaiteoirí Mary Lou McDonald agus Joe Higgins (ní cúpla iad!) agus gur phós Rí an Rac-cheoil Elvis Presley agus Priscilla ar an lá seo 48 bliain ó shin.

Cén fáth a leanfainn é?

Tá na míreanna seanchais seo an-spéisiúil agus is minic a bhíonn nasc leis an ngiolc a thabharfaidh ar seachrán thú timpeall YouTube nó na Vicipéide ag breathnú ar ailt spéisiúla a bhaineann leis an lá. Bíonn corrphictiúr spéisiúil leo freisin agus is iomaí comhrá atá spreagtha ag an gcuntas seo i measc na ngiolcairí Gaelacha eile.

Giolc na Seachtaine

Sheol @DirkVanBryn an jóc iontach seo Dé Céadaoin seo caite agus in imeacht trí lá, tá os cionn céad caoga athghiolc déanta air agus thart ar an méid céanna réiltíní curtha leis.

 

Chuimhnigh Derek ar an jóc agus é sa chith, a dúirt sé le Scéalta ón gCibearspás.

“Fuair mé aiseolas breá ó Twitter faoin gceann sin. Is é an giolc is fearr a sheol mé riamh. Tháinig an jóc chugam sa chith, áit a dtagann formhór mo chuid eipeafáiní chugam, agus sheol mé a luaithe is a d’fhág mé an cith gan fiú éadach a chur orm féin. Bhí jóc eile agam an lá sin freisin, sa chith céanna, mar a tharlaíonn sé. Níl a fhios agam céard a d’ith mé an lá sin. Arán donn is dócha – whole grain for a whole brain,” a deir sé.

D’iarr an club grinn Gaeilge GaelGáirí ar Derek triail a bhaint as greann ar na boinn leis an gclub, ach dúirt Derek go bhfuil sé i bhfad níos greannmhaire taobh thiar de scáileán agus é ‘ag caint san aer’.

Ragham amú tamall eile…

Tá cáil i measc na nGael ar líne ar an leathanach rathúil sin Gaeilge Amháin ar Facebook. Is geall le Gaeltacht ar líne an leathanach seo a bhfuil os cionn sé mhíle ball ann. Tháinig an leathanach ar an bhfód tamall de bhlianta ó shin agus tá fáilte roimh dhuine ar bith clárú leis ach na coinníollacha a choinneáil: nach mbeidh ach Gaeilge Amháin á postáil acu.

Cuirtear an riail dhaingin sin i bhfeidhm go láidir ar an leathanach agus baintear aon ábhar a bhíonn i mBéarla nó a nascann chuig ábhar Béarla ar mhaithe leis an tearmann Gaeilge atá cruthaithe ag riarthóirí an tsuímh a chothú.

Tá leathanach nua tosaithe, áfach, ag triúr daltaí meánscoile i mBéal Feirste atá ábhairín níos oscailte, a deir siad, d’fhoghlaimeoirí teanga agus daoine nach bhfuil chomh muiníneach sin as a gcuid Gaeilge. Tá beagnach 800 ball ag an leathanach cheana féin agus é ag bailiú nirt.

Gaeilge más Féidir, Béarla más Gá’ atá baiste ag Conall Ó Corra, Órla Nic Biorna agus Ríonach Ní Fhaircheallaigh ar a leathanach. Deir siad go bhfuil aischothú den scoth faighte acu ó thosaigh siad an leathanach coicís ó shin. Labhair siad le Scéalta ón gCibearspás faoina bhfuil i gceist leis.

“Thosaigh muid an leathanach sa dóigh is go dtiocfadh le Gaeilgeoirí atá ag foghlaim chomh maith le daoine atá líofa a gcuid Gaeilge a roinnt lena chéile, agus sásamh a bhaint as gan a bheith chomh dáiríre sin. Is áis foghlama agus áis spraoi é.

“Bhí mé ag labhairt le bainisteoir ‘Ghaeilge Amháin’ go pearsanta cheana féin agus spreag sé sin muid leathanach eile a thosú. Tá mé féin, Conall agus Ríonach agus cuid mhór de na baill ar ‘Ghaeilge Más Féidir’ inár mball de ‘Ghaeilge Amhain’ freisin ach sílim go mbíonn náire ar dhaoine rudaí a phostáil ar Ghaeilge Amháin – is féidir postáil ar Ghaeilge más Féidir gan a bheith náirithe faoi do chuid litrithe agus do chuid gramadaí,” a deir Órla.

“B’fhéidir nach é ‘náire’ an focal ceart ach bíonn daoine nach mbeadh an caighdeán nó an cumas Gaeilge acu chomh forbartha sin is atá ag daoine eile buartha faoi mheancóga nó rudaí mar sin. Níl aon chinnireacht ar an leathanach s’againne; tá gach duine ar comhchéim agus tá fáilte mhór roimh gach duine ann,” a deir Conall.

An chaint sa tsráidbhaile ar líne…

Ba é Ray D’Arcy agus feasacháin Ghaeilge nuachta a las méarchláir na nGael an tseachtain seo arís – den dara huair in aon mhí amháin. Chuir an craoltóir olc ar a lucht éisteachta nuair a d’aontaigh sé le héisteoir a cheistigh ról na nuachta Gaeilge ar an gclár.

Arís eile, ag tús na seachtaine seo, ghoill a chuid focal ar a éisteoirí Gaelacha nuair a thug sé ‘ridiculous thing anyway’ ar an bhfeasachán nuachta atá á chraoladh ar RTÉ Radio One le blianta.

Ba é Mícheál Ó Leidhin ba thúisce leis an scéal ar Twitter nuair a dúirt sé linn go raibh ‘dímheas’ léirithe ag D’Arcy ar an léitheoir nuachta Bríd Ní Chualáin (nó Bríd Ní Shúilleabháin mar a thug sé uirthi)

Léirigh torthaí an JNLR an tseachtain seo gur 183,000 a éisteann go rialta le clár Ray D’Arcy. Is cosúil nach mbeidh Cabríní de Barra ag éisteacht leis níos mó.

 

Bhí Darragh Ó Náraigh, a bhíonn ag éisteacht ón Áis, chomh oibrithe sin le hiompar D’Arcy gur sheol sé gearán oifigúil chuig RTÉ mar gheall air.

 

Bhí léamh eile ar fad ag Paul Barry ar Facebook ar an scéal. Céard a dhéanfadh Ray D’Arcy dá mbeadh sé ina bhainisteoir peile agus dá dtiocfadh an briseadh pleanáilte i lár an chluiche aniar aduaidh air, a d’fhiafraigh sé:

Screen Shot 2015-05-01 at 14.31.51

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'