Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Ainm?

Screen Shot 2015-03-26 at 21.37.16@kscanne (Kevin Scannell)

Cé hé féin?

Má bhíonn tú ag giolcaireacht i nGaeilge agus mura bhfuil a fhios agat cé hé Kevin Scannell, is bocht an scéal é. Ollamh le Matamaitic agus le Ríomheolaíocht in Ollscoil St Louis i Missouri é Kevin ach is mar gheall ar na héachtaí atá déanta ar son na Gaeilge ar líne i gcaitheamh na mblianta atá aithne ag lucht labhartha na Gaeilge air.

Ba é a thug an litreoir Gaeilge, tuarthéacs Gaeilge, Skype agus Gmail agus an t-iliomad rudaí eile do phobal na Gaeilge saor in aisce. Scríobhadh go leor faoi éachtaí Kevin ar Tuairisc.ie in imeacht sé mhí agus tá súil againn go mbeidh tuilleadh le scríobh sna blianta atá le theacht.

Céard faoi a mbíonn sé ag giolcaireacht?

‘An Ghaeltacht’ Dhigiteach. Bíonn Kevin ag plé le teicneolaíocht i nGaeilge agus déanann sé go leor taighde uirthi sin trí Twitter. Bíonn sé ag caint faoi na tograí atá ar bun aige agus ag lorg comhairle ó Ghaelphobal Twitter ina leith. Anuas air sin áfach, foilsíonn sé blúiríní fíorspéisiúla faoin taighde sin ar a chuntas Twitter agus coinníonn sé súil ghéar ar shaol na mionteangacha eile ar líne.

Cén fáth a leanfainn é?

Cén fáth nach leanfá é? Is cinnte go bhfuil an t-uafás oibre déanta ag go leor daoine leis an nGaeilge a thabhairt ar líne, ach is fathach é Kevin sa réimse sin a bhfuil meas tuillte agus faighte aige óna chomhghleacaithe ar fud na cruinne. Is ó Kevin a gheobhaidh tú an t-eolas is nuaí faoi theicneolaíocht na Gaeilge agus léargas ar dhul chun cinn na teanga ar líne freisin.

Ragham amú tamall eile…

Tá na físeáin seo ar fáil le os cionn bliana ar YouTube ach bhíothas á roinnt arís ar Twitter agus Facebook le cúpla lá anuas ar chúis éigin agus ní haon dochar iad a roinnt libhse anseo arís ach an oiread. Is iontach an taisce atá ag British Pathé ar a gcainéal YouTube, ach cuirfidh an tÉireannach spéis ar leith sna físeáin ar a bhfuil an chlib Ireland.

Tá bailiúchán d’fhíseán anseo ó thús an chéid seo caite a chlúdaíonn eachtraí stairiúla an náisiúin, mar atá,  Éirí Amach na Cásca, Imeacht na Sasanach (thuas), Cuairt an Chinnéidigh  agus go leor leor cúrsaí eile.

Ní mhaireann na físeáin ach thart ar 3 nóiméad an ceann ar an meán ach tá os cionn uair a’ chloig d’ábhar a bhaineann leis an tír seo ar fáil ar an gcainéal, chomh maith le go leor leor físeán eile nach mbaineann léi. Is fiú go mór súil a chaitheamh air.

An Chaint sa tSráidbhaile…

Bhí an-seachtain ag saol na Gaeilge an tseachtain seo. Tháinig Seachtain na Gaeilge chun críche Dé Máirt seo caite agus is iondúil go mbíonn suan ar dhaoine ar feadh tamaill i ndiaidh na féile sin. Ach tháinig dhá dhea-scéal againn le cúpla lá anuas. Briseadh an scéal tamall ó shin go mbeadh Spongebob Squarepants le feiceáil i nGaeilge i bpictiúrlanna na tíre ag deireadh na míosa seo ach bhí an deis ag roinnt mhaith daoine an scannán a fheiceáil roimh ré i mBaile Átha Cliath agus Gaillimh an tseachtain seo. De réir dealraimh, tá an-chuma ar an scannán agus taitníonn sé le na gasúir agus a dtuismitheoirí araon. Tá súil againn gur tús le nós nua atá anseo agus go bhfeicfidh muid scannáin Ghaeilge sna pictiúrlanna náisiúnta i bhfad níos minice as seo amach.

Chuir fógra Ghlór na nGael go bhfuil leagan Gaeilge den chluiche cailiúil Monopoly á chur ar fáil acu an tseachtain seo gliondar croí ar phobal na Gaeilge freisin agus tá na scórtha th’éis cur isteach ar chomórtais ar líne le ceann a fháil (ná déanaigí dearmad gur féidir cur isteach ar chomórtas Tuairsic.ie trí chlárú lenár nuachtlitir!).

Ach faraor géar, áit a mbíonn an sólás, bíonn an dólás ina aice. Chuir alt a d’fhoilsigh Victoria White san Irish Examiner an tseachtain seo caite olc ar Ghaeilgeoirí. Spreag an t-alt díospóireacht faoin nGaeilge a fheictear ar chomharthaí in áiteanna poiblí.

Cháin White leithéidí ‘Stóras Bugaithe’, agus mhaígh sí nach bhfuil anseo ach armlón do lucht cáinte na Gaeilge. Bhí plé bríomhar ar na meáin shóisialta faoin gceist agus ar deireadh tháinig údar an ailt í féin ar an gclár Cormac ag a 5 ar RTÉ RnaG tráthnóna inné lena cás a mhíniú.

Dúirt White gur thuig sí cás na Gaeilge agus an t-ábhar seo go maith. Thug Maitiú de Hál a dúshlán ar an gclár, ámh.

Cé gur aithin formhór na ndaoine go raibh fadhbanna ann leis an nGaeilge a fheictear in áiteanna poiblí, is cosúil gur easaontaigh an daoine le tuairimí White. Shíl Réamonn Ó Ciaráin gur chóir aíonna Chormaic, Edel Ní Chnáimhsí agus Maitiú de Hál, a chur i mbun aistriúcháin ar chomharthaí lochtacha na tíre!

Is í tuairim Scéalta ón gCibearspás, ainneoin a ráitis gur teangeolaí le Gaeilge í, gur beag tuiscint atá ag Victoria White ar cheist na teanga sa tír seo. Is cinnte go bhfuil fadhbanna le comharthaí poiblí ann (mar a léirítear seachtain i ndiaidh seachtaine ar Amú san Aistriúchán), ach ba ag cáineadh na Gaeilge na linne seo a bhí sí den chuid is mó ina halt agus nuair a cuireadh faoi agallamh í ar chlár RnaG, chlis ar a hargóintí.

Go deimhin, tá an dá fhocal a cháin sí ina halt mar ‘Ghaeilge Nua ag déanamh drochaithrise ar an mBéarla le fáil i bhfoclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe.

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'